Dáil debates

Thursday, 11 May 2023

An Comhaontas Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála agus an tionchar ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus ar Phobal Labhartha na Gaeilge: Motion

 

3:45 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim:

That Dáil Éireann shall take note of the Report of the Joint Committee on the Irish Language, Gaeltacht and the Irish-speaking Community entitled "An Comhaontas Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála agus an tionchar a bheadh aige ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus ar Phobal Labhartha na Gaeilge", copies of which were laid before Dáil Éireann on 22nd February, 2023.

oIs tuarascáil ón gcoiste atá i gceist, coiste ar a raibh an tAire Stáit féin cé gur éalaigh sé sular chuir muid críoch leis an tuarascáil. Beidh a fhios aige cad as ar tháinig sí mar bhí sé ar an gcoiste nuair a thosaigh muid an t-ábhar a phlé ar an gcéad dul síos. Is tuarascáil shuntasach í, go háirithe toisc gurb é an chéad uair inar aontaigh coiste tras-pháirtí nár chóir don Rialtas an Comhaontas Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada a dhaingniú gan reifreann. Thar ceann an coiste, gabhaim buíochas le Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais, a dhein píosa beag taighde dúinn agus muid ag tabhairt faoin ábhar seo, agus le foireann rúnaíochta an chomhchoiste as an tsárobair a dhein siad chun an tuarascáil seo a chur i láthair don choiste agus as an treoir agus cuidiú ar thug siad dúinn agus muid ag déileáil leis seo thar na míonna anuraidh agus níos luaithe i mbliana. I mí Feabhra na bliana seo, tar éis beagnach dhá bhliain a chaitheamh ag scrúdú an ábhair seo, tháinig muid ar an toradh atá os ár gcomhair inniu, an taighde a dhein muid ar na himpleachtaí gur féidir a bheith ag an gcomhaontas seo. Is é CETA a dtugtar air as Béarla ach sa Ghaeilge is é CCET an t-acrainm atá i gceist agus an Comhaontas Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála an t-ainm iomlán.

Mar a dúirt mé, is tar éis dhá bhliain a d'fhoilsíodh an tuarascáil ag an gcomhchoiste, Teachtaí agus Seanadóirí ón Rialtas agus ón bhFreasúra san áireamh. Tá 40 leathanach sa tuarascáil agus b'fhiú do dhaoine a bhfuil spéis acu san ábhar seo í a léamh agus na rudaí ar dhírigh muid orthu a fheiceáil. B'ábhar iontais do a lán daoine gur dhírigh coiste a dhéileálann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht air seo ar an gcéad dul síos. Is orm an locht i slí amháin ach ní orm é i slí eile. Cosúil le haon chomhaontú den sórt seo, téann an CCET trasna tíortha móra na hEorpa agus an domhain agus ba chóir go mbeadh gach uile choiste i dTithe an Oireachtais ag déileáil leis. D'eascair an iniúchadh a dhein muidne air seo as litir a tháinig chuig an gcoiste ag nótáil go raibh sé seo i gceist. Ag an am, d'iarr mé ar an gcoiste féachaint air seo agus a fháil amach an mbeadh aon impleachtaí ag an gcomhaontú ar cheantair Ghaeltachta, an infheistíocht a dhéanann an Stát iontu agus a leithéid. Is de thoradh sin atá an tuairisc seo os ár gcomhair. Ba chóir dúinn ar fad díriú isteach uirthi. Bhí sé beagnach críochnaithe againn nuair a tháinig an freagra a bhí mé ag súil leis ó na cúirteanna nuair a ghlac na breithiúna leis gur chóir go mbeadh reifreann ann dá mbeadh an Stát seo ag bogadh i dtreo é seo a achtú nó a shíniú sa bhealach a bhí i gceist i dtús báire. Tiocfaidh mé ar ais chuige sin.

Is díol spéise gurb é seo an chéad uair a rinne coiste Oireachtais trácht ar an ábhar seo ó rinne na breithiúna is sinsearaí sa Stát cur síos ar an gcomhaontas mar rud nach bhfuil bunreachtúil nó daonlathach nuair a tháinig Costello v. Rialtas na hÉireann os comhair na Cúirte Uachtaraí anuraidh, cás a bhí faoi lán seoil agus muid ag díriú isteach air seo agus i mbun taighde. Tréaslaím leis an Teachta Costello as an gcás sin a ghlacadh. Níl a fhios agam an bhfuil súil aige deis labhairt ar an ábhar seo a fháil inniu. Is ábhar imní a chuir as don choiste iad na bealaí ina ndéanfadh an chreatlach dhlíthiúil agus na cosaintí infheisteora atá le bunú faoin gComhaontas Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála creimeadh ar stádas na Gaeilge sna cúirteanna, rud a bheadh tionchar aige ar chearta dlíthiúla Gaeilgeoirí. Tá seans ann go gcuirfeadh siad srian suntasach ar chumas an Rialtais an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn trí athruithe polasaí uaillmhianacha nó fordheontais Ghaeilge amach anseo freisin.

Fiú laistigh d’earnáil bheag pholasaí na Gaeilge agus na Gaeltachta, d’fhéadfadh srianta mar seo cúrsaí a athrú ó bhun. Sampla de na polasaithe a d’fhéadfaí a shonrú mar bhaol ag bagairt ar bhrabús nó iomaíochas infheisteoirí ó Cheanada ná iarrachtaí, mar bhí á moladh agamsa agus a lán daoine eile in earnáil na Gaeilge, chun pacáistiú dátheangach a thabhairt isteach i siopaí. Rud eile go bhféadfadh siad féachaint air ná céatadán riachtanach de nithe trí Ghaeilge a bheith ar ardáin chlosamhairc nó de cheol ar an raidió. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí féachaint ar aon dualgas a chuirfí ar chomhlachtaí príobháideacha freastal ar phobal Gaeltachta trí Ghaeilge. Sampla eile ná dá nglacfadh Údarás na Gaeltachta cinneadh amach anseo tacú le fuinneamh in-athnuaite amach ó chósta na hÉireann, ach go háirithe san Atlantach, dar ndóigh, mar sin an áit a mbeadh an t-údarás gafa le seo, nó fiú dá mbeadh infheistiú nó cuidiú á tabhairt dóibh siúd atá ag iascaireacht amach ó chósta na Gaeltachta, nó cuidiú chun na héisc agus a leithéid a chaomhnú sna ceantair sin. Go bunúsach, ciallaíonn sé seo ar fad go bhféadfadh an comhaontú seo cumas an Rialtais amach anseo tacú leis an nGaeltacht nó leis an nGaeilge a srianadh, go háirithe i saol an ghnó.

Tarraingíonn an coiste aird freisin ar theip an Aontais Eorpaigh agus Rialtas na hÉireann tacú lenár dtionscail chultúrtha agus ár gcruthaitheoirí ar chomhchéim lena gcomhghleacaithe i gCeanada. Teastaíonn freagraí maidir leis seo ó ealaíontóirí, cruthaitheoirí, scríbhneoirí agus ceoltóirí. Tá eisceacht ar leith ar fáil acu siúd i gCeanada nach bhfuil ar fáil dóibh siúd in Éirinn ó thaobh bonn cultúrtha nó teanga de.

Tá súil agam go dtabharfaidh an Rialtas cluaséisteacht faoi dheireadh don rabhadh atá ag teacht óna gcomhghleacaithe Rialtais a bhí ar an gcoiste agus go mbeadh reifreann i gceist sula ndéanfar aon bhogadh eile maidir leis an gcomhaontú seo a dhaingniú. Iarrann an coiste ar choistí eile i dTithe an Oireachtais féachaint go dlúth ar an tionchar a d’fhéadfaí a bheith ag an gcomhaontú seo ar na réimsí atá faoina gcúram.

Is léir ó na buarthaí atá léirithe ag breithiúna na Cúirte Uachtaraí nach féidir é seo a fhágáil faoin Rialtas ann féin. Cloistear roinnt daoine sa Teach seo ag maíomh as seasamh suas don riail agus reacht nó dlí agus ord ach déanann an comhaontú seo magadh den choincheap sin má éisteann muid leis na breithiúna. Seo a bhí le rá ag an mBreitheamh Charleton agus é ag tabhairt a bhreithiúnais i mí na Samhna anuraidh. Dúirt sé gur neamhaird shoiléir ar an mBunreacht atá ann a dhéanfadh sárú ar chumhacht eisiach reachtacha an Oireachtais. Dúirt sé chomh maith nach bhfuil aon teorainn ann, nach bhfuil aon rannpháirtíocht dhaonlathach ann, nach bhfuil aon smacht ann agus nach bhfuil aon achomharc ann. Chríochnaigh sé trí rá gur próiseas é seo nach bhfuil daonlathach ar shlí ar bith.

Dúirt an Breitheamh Ó hÓgáin go dtagann an comhaontú salach go soiléir ar cheannas dlítheanach an Stáit. Dúirt sé nach bhfuil sé áiféiseach ach an oiread glacadh leis go ndéanfadh rialú dá leithéid ó bhinse CCET ciorrú ar inniúlacht an Stáit reachtú de réir a chreatlach dhaonlathach agus bunreachtúil féin ar bhealach a théann níos faide ná de minimisnó teoiriciúil amháin. Dúirt sé gur géilleadh ar chroí ceannais reachtúla an Stáit é. Ní sin m’fhocail. Sin focail ó na breithiúnais agus tá siad lom nocht ag rá go bhfuil fadhb bhunúsach ann aon bhogadh ar aghaidh a dhéanamh.

Meabhraíonn sé seo ar fad dom nuair a ghlac Raymond Crotty cás cúirte tamall de bhlianta ó shin chun brú a chur ar an Stát, a bhí sásta comhaontú san Eoraip a rith gan tacú a lorg ó mhuintir an Stáit. Is an sórt meoin chéanna a bhí i gceist maidir leis an gcomhaontú seo agus tá na breithiúna ag rá go soiléir ansin leis an Rialtas agus linn ar fad go gcaithfear é seo a chur chun reifrinn sula mbíonn aon bhogadh ann mar nach bhfuil tacaíocht ón bpobal i gceist ann. Mar a dúirt an Breitheamh Dunne, caithfidh an pobal an CCET a dhearbhú.

Tá an comhchoiste tras-pháirtí againne tar éis moltaí a leagan síos sa tuarascáil, deich gcinn san iomlán. Ceann amháin an-simplí, ach ní ann dó, ná go mbeadh "leagan fordheimhnithe" den chomhaontú seo ar fáil i nGaeilge sula ndéanann an Rialtas aon chinneadh faoin todhchaí. Is ait, in ainneoin an stádais atá ag an nGaeilge, nach raibh sé sin ar fáil. Níl mé chun na tíortha ar fad ina bhfuil an comhaontú seo ar fáil ina dteanga dhúchasach nó a dteanga náisiúnta a rá ach tá an liosta ar fáil sa tuarascáil ina iomláine. Is liosta cuíosach fada é agus níl an Ghaeilge ina measc. Sin rud simplí gur chóir a bheith ann sula mbeadh aon bhogadh ar aghaidh in aon chor.

An dara moladh atá leagtha síos againn ná go mbeadh reifreann ann. Tá sé sin ag cloí leis an méid atá ráite ag na breithiúna sa Chúirt Uachtarach. Má bhogaimid i dtreo reifrinn, ba chóir go mbeadh gach uile rud le plé ar fáil i nGaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla san fheachtasaíocht.

Moladh eile ná go rachadh an Rialtas i mbun comhairle leis an gCoimisiún Eorpach agus ballstáit eile an Aontais Eorpaigh "ar mhaithe leis an díolúine do na tionscail chultúrtha iomlán a fháil mar chuid den Chomhaontas" mar atá cheana féin ag Ceanada, sula nglacaimid le haon rud eile. Is teip bhunúsach é go raibh an tAontas Eorpach sásta aitheantas agus cosaint a thabhairt do Cheanada ó thaobh na Fraincise de ach nach raibh sé sásta a leithéid a fháil d’Éire.

Mar a dúirt mé, tá deich moladh san iomlán ann. Tá cinn eile leagtha síos ach tá na príomhchinn luaite agam. Moladh eile, mar a luaigh mé ag an tús, ná go ndíreodh na coistí Oireachtais eile isteach go mion air seo. Nuair a thosaigh muid air seo ní raibh aon taighde déanta in aon áit san Aontas Eorpach maidir leis an tionchar, droch nó maith, a bheadh ann maidir leis an gcultúr. Bhí gach duine ag féachaint air amhlaidh is gur rud é a bhain le trádáil. Rinne muidne éacht agus rinne an leabharlann agus an fhoireann éacht ag díriú isteach air seo. Más féidir linne teacht ar an mbunfhadhb seo, caithfidh go bhfuil sé fíor i ngach uile choiste eile go bhféadfadh drochthionchar a bheith ann dá rithfear an comhaontú seo gan reifreann, nó fiú gan an t-eolas sin a bheith ag an bpobal nó ag an Oireachtas sula ndéanann sé cinneadh. Ní raibh an t-eolas sin ar fáil nuair a chuir muid na ceisteanna.

Bun agus barr an scéil ná, dá bhféadfadh Ceanada nó comhlacht i gCeanada a léiriú go mbeadh aon drochthionchar ag fóirdheontas i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge nó na Gaeltachta ar thionscail dá chuid nó ar a chuid easpórtáil, d’fhéadfadh siadsan cás a thógáil i gcoinne na tíre seo nó i gcoinne tionscal eile a bhí tar éis buntáiste, fóirdheontas nó stádas ar leith a fháil ón Stát de thairbhe go raibh siad lonnaithe sa Ghaeltacht, ag obair trí Ghaeilge nó ag obair ar son chur chun cinn na Gaeilge. Sa deireadh thiar thall, sin bun agus barr an scéil ó thaobh an chomhchoiste againne agus sin an fáth gur aontaíodh an tuarascáil seo. Molaim iad siúd a thug cabhair dom é seo a chur le chéile. Tá súil agam go léifidh gach duine é agus go mbeidh tuiscint acu ar cé chomh dainséarach is atá sé seo ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta má dhéantar aon bhogadh ar aghaidh leis sa bhealach ina bhfuil sé faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.