Dáil debates

Thursday, 13 October 2022

An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2018: An Dara Céim [Comhaltaí Príobháideacha]

 

5:40 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí ar fad a labhair sa díospóireacht. Bhí plé tairbheach againn faoin gceist. Tá mé fíorbhuíoch an deis a bheith agam tuairim an Rialtais maidir leis an mBille a roinnt leis an Teach. Tá mé sásta go bhfuil sé d'aidhm againn ar fad dul i ngleic leis an gceist seo.

Ghlac an Rialtas cinneadh gan chur i gcoinne an Bhille atá roimh an Teach ach chun é a thabhairt ar aird an Tí. Tá Bille an Rialtais faoin ábhar ar chlár reachtaíochta an Rialtais ina n-áireofar torthaí ón athbhreithniú neamhspleách atá ar bun faoin ábhar agus beidh cruinniú i lár mhí Shamhna. Ag an bpointe sin, beifear in ann moltaí athbhreithnithe a mheas mar is cuí i dtreo leasuithe ar reachtaíocht na Dála leis an bpróiseas reatha ainmniúcháin agus roghnúcháin agus cur chuige malartach a chur ina áit bunaithe ar phróiseas toghcháin agus roghnúcháin.

Glactar leis go n-athrófar anois ar na moltaí a rinneadh mar chuid den athbhreithniú bealaí chun an seasamh ionadaíocht dhaonlathach ar an mbord sa chur chuige reatha a láidriú maidir le moltaí maidir leis an líon comhlachtaí, cothromaíocht inscne agus an t-achar scileanna i leith a teastaíonn chun tacú leis an eagraíocht a dhualgas a chomhlíonadh lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta díobh seo a leanas: fiontraíocht agus fostaíocht, forbairt pobal, forbairt geilleagair sa Ghaeltacht, pleanáil teanga agus turasóireacht chultúrtha.

Tá sé tráthúil go bhfuil athbhreithniú den chineál seo ar bun agus beidh sé críochnaithe roimh dheireadh mhí na Samhna. Tá go leor athruithe tagtha ar chlár oibre an údaráis lena n-áirítear an próiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm ag brath ar thionchar agus dhlúthleanúnach an phobail ón talamh aníos. De réir sin, tá tábhacht mhór ag baint le breithniú a dhéanamh ar an struchtúr reatha.

Mar a luaigh mé, beidh céimeanna gearrthéarmacha á nglacadh lena chinntiú go mbeidh bord nua réidh le tosú i lár mhí Eanáir 2023, nuair a thagann saolré an bhoird reatha chun deiridh. Chuige sin, beidh mo Roinn ag scríobh chuig na húdaráis áitiúla lena mbaineann go gairid chun a n-ainmniúcháin don bhord nua a fháil. Ag an am céanna leis sin ar fad, beidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, thar ceann na Roinne, ag eagrú comórtas go gairid ina mbeidh deis ag an bpobal iarratas a dhéanamh chun a bheith ceaptha ar an mbord nua. Mar a luaigh mé, mairfidh an bord nua ar feadh tréimhse nach faide ná dhá bhliain in ionad an ghnáthshaolré de cúig bliana. Fágfaidh sé seo go mbeidh deis chuí le pé leasuithe reachtaíochta a mbeidh gá leo maidir le próisis nua roghnúcháin agus toghcháin a dhéanamh agus a chur chun feidhme ina dhiaidh sin san achar ama is giorra agus is féidir. Sílim go léiríonn sé sin go soiléir go bhfuil athrú ag teacht. Beidh an t-athbhreithniú críochnaithe an mhí seo chugainn agus cuirfear an reachtaíocht chun cinn ina dhiaidh sin.

Sa chás go bhfuil sé i gceist breathnú ar ról an údaráis féin, beidh sé á scrúdú go cúramach. Glacaim leis go mbeidh an cás maidir le cathair na Gaillimhe a luaigh an Teachta Ó Cuív á scrúdú mar chuid den athbhreithniú chomh maith leis an méid a dúradh faoi na hoileáin Ghaeltachta. Cuirfear an plé ar fad san áireamh san obair phleanála atá idir lámha. Glacaim leis go dtuigfidh Comhaltaí an Fhreasúra go léiríonn an méid seo ar fad mo thiomantas chun dul chun cinn a dhéanamh ar an gceist seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.