Dáil debates

Thursday, 13 October 2022

An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2018: An Dara Céim [Comhaltaí Príobháideacha]

 

5:50 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé tábhachtach go raibh an díospóireacht seo againn agus go bhfuil an Bille seo os ár gcomhair. Tá rudaí spéisiúla ráite anseo agus tá sé go maith go bhfuil an tAire Stáit tar éis bogadh ón áit ina raibh sé nuair a ainmníodh mar Aire Stáit é ar dtús nuair a dúirt sé go raibh sé sásta leis an gcóras roghnúcháin a bhí ann don údarás. Táimid tar éis bogadh ar aghaidh agus tuigimid anois cé chomh tábhachtach atá an daonlathas.

Is é an fáth go bhfuil an Bille seo os ár gcomhair ná go raibh sé i gceist againn i gcónaí go mbeadh toghcháin d'Údarás na Gaeltachta gafa leis na toghcháin do chomhairlí contae agus leis na toghcháin Eorpacha, agus go dtarlódh siad ar fad ar an lá céanna. Shábhálfadh sé sin airgead. Is é an t-aon fháth ar thug Dinny McGinley an cinneadh fáil réidh leis seo agus é mar Aire Stáit ná go sábhálfadh sé airgead. Bhí €100,000 sa bhliain ar a mhéad i gceist ó thaobh an chuid sin den chóras daonlathais. Dá gceanglófaí leis na toghcháin eile é sin, ní bheadh costas mór i gceist. Ó thaobh an daonlathais de, ní costas mór é sin agus ní cóir go mbeadh sé san áireamh.

Táim den tuairim go bhfuil dhá Bhille i gceist. Tá Bille ann ó thaobh na dtoghchán de, Bille ina bhfuilimid ag cur ar ais na toghcháin a baineadh. Níl muid ag cur as d'Acht na Gaeltachta, 2012, a tháinig ina dhiaidh sin, ná d'aon cheann eile de na feidhmeanna a tugadh d'Údarás na Gaeltachta. Táimid ag iarraidh go mbeidh toghcháin ann agus go mbeadh an Bille rite in am do 2024, nuair a bheidh na toghcháin áitiúla ar siúl. Ina dhiaidh sin, beidh jab mór le déanamh againn ó thaobh na ceisteanna a d'ardaíodh, agus a d'ardaigh an Teachta Ó Cuív ach go háirithe, ó thaobh feidhmeanna, maoinithe agus cur chuige an údaráis ina iomláine. Níl a fhios agam an féidir linn fanacht ar Bhille mór cuimsitheach. B'fhéidir gur féidir má tá an cur chuige ceart againn ach nuair a rinne muid iarracht mar sin a dhéanamh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, chonaic muid go raibh moill ann. Nuair a dhéanann muid iarracht istigh anseo, éiríonn moill agus moill eile. Is é sin an fáth go bhfuil mise ag iarraidh go mbeadh an dá rud scartha óna chéile. Tá deich mbliana imithe ó fuarthas réidh leis an mbord daonlathach. Ní raibh sé go hiomlán daonlathach mar bhí cead ag an Aire a dhaoine féin a roghnú agus a chur ar an mbord chomh maith céanna. Is féidir an cheist a chur, an bord iomlán daonlathach é ar nós na gcomhairlí contae?

Agus é sin ráite, táim sásta dul ar ais go dtí an bealach ina raibh sé in 2012 agus obair a dhéanamh ina dhiaidh sin. Má thagann Bille níos cuimsithí a dhéileálann leis na ceisteanna atá ardaithe anseo, is féidir na hathruithe sin a dhéanamh. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív gur chóir go mbeadh muid ag féachaint ar conas is féidir linn a chinntiú go bhfuil daoine difriúla roghnaithe ag an bpobal don bhord sin. Táim ag caint faoi inscne agus daoine ó cheantair na n-oileán, mar shampla. Faoi láthair, is é an bealach is fearr atá ann ná an bealach a bhí ag an údarás nuair a bunaíodh é, is é sin, aitheantas a thabhairt do na ceantair Ghaeltachta difriúla agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil daoine ó chuile cheantar Gaeltachta ann.

Is gá dúinn féachaint ar an gceist mhór lena mbeidh muid ag plé amach anseo. Impím ar an Aire Stáit ceannteidil an Bhille a fhoilsiú a luaithe agus is féidir ionas gur féidir leis teacht isteach ag an gcoiste chun go mbeimid in ann déileáil leis an pre-legislative scrutiny go tapa agus gan mhoill. Is féidir leis an Roinn a bheith ag obair ar an dréachtú ag an am céanna. Tá fadhbanna ag teacht muna dtacaímid leis an údarás. Níor tugadh ach €1 milliún breise dó i mbliana. Ó thaobh an choibhnis idir an IDA agus Enterprise Ireland ar an taobh amháin agus an t-údarás ar an taobh eile, tá an difríocht ag méadú an t-am ar fad agus bíonn difríochtaí sa chur chuige atá ann ina leith. Ba chóir dúinn díriú isteach air sin agus a chinntiú go bhfuil tacaíocht ann don údarás. Sular tugadh pleanáil teanga dó mar cheann dá fheidhmeanna, bhí maoiniú áirithe aige. Níor tugadh maoiniú mór go leor dó chun déileáil leis na dualgais bhreise a tugadh dó. Ba chóir dúinn díriú isteach air sin.

Táim sásta nach bhfuil an Rialtas ag cur i gcoinne an reachtaíocht seo. Bím sásta i gcónaí nuair a dhéanann sé amhlaidh. Tá sé go maith. Má tá seans ar bith ann go mbeadh aon mhoill ar reachtaíocht ón Rialtas, ba chóir dó ligean don Bhille seo dul os comhair an choiste. Tá sé tar éis an cinneadh seo a ghlacadh. Déanfaidh muid déileáil leis chomh tapa agus is féidir agus leasuithe beaga a chur chun cinn.

Cuireadh srian orainn roimhe seo nuair a dúradh linn go raibh costas i gceist agus iarradh orainn na forálacha chun na toghcháin a fuarthas réidh leo in 2012 a thabhairt ar ais a chur i mBille. Tá mise den tuairim gur féidir linn é sin a dhéanamh. Is féidir linn obair a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil tionchar agus stádas ag an údarás agus gur féidir leis a chuid oibre a dhéanamh. Bhí mé ar an gclár "7 Lá" an tseachtain seo caite nó an tseachtain roimhe agus bhí Seán Ó Neachtain, iarchathaoirleach bhord Údarás na Gaeltachta agus iar-MEP, faoi agallamh díreach romham. Dúirt sé gur ceann de na fáthanna nach raibh airgead breise ann ná nach raibh stocaireacht á dhéanamh ag an mbord toisc nach é sin a jab. B'fhéidir nach ndeachaigh sé fada go leor agus nach raibh a fhios ag an mbord gur ceann de na róil atá ag boird ná stocaireacht a dhéanamh chun airgead breise a fháil. Chomh maith leis sin, tá sé mar ról ag gach bord an obair atá roimhe a chur faoi bhráid an Aire agus gach duine eile, agus a chinntiú go dtuigeann daoine go díreach cá bhfuil an t-airgead ag dul agus cá bhfuil an gá.

Bhí an tAire Stáit in a lán de na ceantair Ghaeltachta le tamall anuas. Thug sé airgead breise anuraidh, mar atá luaite. Tá dlús leis an méid oibre atá á dhéanamh ag an údarás ach níor tugadh breis airgead, seachas an €1 milliún, dó i mbliana in ainneoin go bhfuil costais bhreise ar gach uile cheantar sa tír agus go háirithe ar cheantair Ghaeltachta atá ag triail le fostaíocht nua a mhealladh agus seanfhoirgnimh - nó seanfhothrach i roinnt cásanna - a athmhaisiú agus a thógáil suas chun dáta. Tá ag éirí leo ach tá i bhfad Éireann níos mó gur féidir a dhéanamh chun comhlachtaí a mhealladh chuig na ceantair sin agus chun go mbeadh tuiscint acu siúd atá ag obair leis an údarás i bpleanáil teanga go bhfuil siad in ann fanacht toisc go bhfuil folúntais ag teacht. Tá sé ríthábhachtach go leanann an obair sin nó beidh baol ann i roinn de na ceantair Ghaeltachta.

Níl mé chun cur le fad na díospóireachta seo.

Is trua nach raibh aon Chomhalta ó Fhine Gael i láthair. In ainneoin go bhfuair siadsan réidh leis, bhí sé spéisiúil nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta go raibh siadsan ag déanamh gearán go raibh sraith ainmniúchán ar fáil d’aon Aire ar bith agus nach raibh sé sin daonlathach ag an am. Tamall de bhlianta ina dhiaidh sin, fuair siad réidh leis go hiomlán. Ní thuigim cén fáth nach bhfuil aon Chomhalta ó Fhine Gael buartha faoi seo. Measaim gurbh é an Teachta Ó Cathasaigh a labhair faoin daonlathas. I gcás na hinstitiúidí ar fad sa Stát ón leibhéal is ísle - na comhairlí contae, na chomhairlí ceantair agus mar sin de - ba chóir go ndéanfaimid an rud a dúradh thar na blianta; is é sin, an decentralisation nár tharla riamh. Seo ceann de na cásanna ina bhfuil cumhachtaí á tabhairt do ghnáthphobal na tíre agus sa chás seo is ceantar Gaeltachta atá ann, an Ghaeltacht ina iomláine atá ann. Beidh sé de chumhacht ag an bpobal tionchar a bheith acu ar na cinntí a ghlacfar, na cinn a dhéanfaidh dochar nó a dhéanfaidh tairbhe, ina gceantar féin.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus leis na Comhaltaí a ghlac páirt sa díospóireacht. Táim sásta go bhfuil sé seo ag teacht chun cinn agus go bhfuil an tAire Stáit tiomanta chun an tuairisc ón chomhairliúchán a thabhairt os ár gcomhair roimh an Nollaig, agus gur féidir linn bogadh ar aghaidh ansin muna tharlaíonn sé roimhe sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.