Dáil debates

Thursday, 13 October 2022

An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2018: An Dara Céim [Comhaltaí Príobháideacha]

 

5:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an mBille agus roimh an díospóireacht seo ar aon le cinneadh an Aire Stáit gan cur ina choinne: is maith é sin. Ag an am céanna, caithfear a rá go bhfuil an Bille lochtach agus nach dtugann sé aghaidh ar chuid mhaith dúshlán a bhaineann leis na toghcháin a thabhairt ar ais, ach tá sé go maith go gcoinneofaí seo ar an gclár oibre. Tá mé thar a bheith sásta go ndúirt an tAire Stáit nach gceapfar na baill nua ach ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a mhéad. Tá sprioc an-chinnte leagtha amach aige faoin am go bhfuil i gceist aige go mbeidh Bille nua Údarás na Gaeltachta i gceist.

San am gairid atá againn, is fiú breathnú siar ar an stair. Sílim gur sa bhliain 1979 a chur ann d’Údarás na Gaeltachta don chéad uair. Bhí Donncha Ó Gallchóir mar Aire nuair a fógraíodh é agus ba í Máire Geoghegan-Quinn a bhí ann nuair a ceapadh an bord. An rud nua a bhí ann ag an am seo ná go raibh éileamh ó phobal na Gaeltachta go mbeadh údarás dá gcuid féin acu. Bhíodar ag breathnú ar na comhairlí contae agus rud mar sin a bhí i gceist acu - rud níos leithne ná eagraíocht forbartha tionscail. Tógadh céim a bhí misniúil ag an am; is é sin go mbeadh tromlach an bhoird tofa go daonlathach ag an bpobal. Toghadh seachtar agus ainmníodh seisear. I measc na ndaoine ainmnithe, bhí an cathaoirleach. Bhí cas ann ina dhiaidh sin nuair a bhí Gaillimh, Maigh Eo agus Contae na Mí in aon toghcheantar amháin, mar a bhí Ciarraí, Corcaigh agus Port Láirge, más buan mo chuimhne. Ceann de na fadhbanna a ardaíodh ag an am sin ná go raibh cuid dóibh siúd a bhí i bhfad i gcéin ag rá dáiríre nach raibh aon tionchar acu ar an toghchán agus ní raibh aon ionadaíocht acu.

Bhreathnaigh mise ar na comhairlí contae agus chonaic mé ag an am sin go raibh 30 duine ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus 15 ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Bhí comhairlí eile níos mó ná iad. Faoi láthair, tá 39 ar Chomhairle Contae na Gaillimhe agus tá 18 ar an gcomhairle cathrach. Cén fáth nach b’fhéadfaí bord níos mó a dhéanamh? Cén dochar a dhéanfadh sé más údarás leathan pobal agus más údarás na Gaeltachta atá i gceist? Thóg mé isteach Bille nuair a bhí mé mar Aire agus thug mé ionadaíocht do chuile chontae. Ach do na contaetha go raibh pobal mór Gaeltacht iontu, bhí orm ionadaíocht bhreise a thabhairt le nach mbeadh díchéillí ar fad ann, mar shampla, duine amháin as Contae na Mí agus duine amháin as Gaeltacht na Gaillimhe, tar éis go bhfuil leath de dhaonra na Gaeltachta i gContae na Gaillimhe.

Nuair atá an Bille nua á thabhairt isteach ag an Aire Stáit, ba cheart dó breathnú ar ról an údaráis. Ar cheart feidhmeanna breise a thabhairt dó? An bhfuil géarchéim i saol na Gaeltachta nach bhfuil na húdaráis atá freagrach astú ag tabhairt aghaidh orthu amhail feidhmeanna pleanála nó tithíochta? Thiocfainn leis an méid atá ráite ag mo chomhghleacaí anseo, an Teachta Ó Cathasaigh, gur cheart go mbeadh deis ag an údarás maidir leis an talamh agus an mhaoin atá aige agus go mbeadh eagraíochtaí deonacha tithíochta ag fáil maoinithe ón údarás le tithe a thógáil.

Bhí buairt maidir leis an mbord tofa ó thaobh chúrsaí tionsclaíochta ach is é an bealach a leigheasadh é sin sa socrú a bhí ann roimh 2012 nuair a scriosadh gach uile shórt agus nuair a bhaineadh an daonlathas den údarás agus nuair a cuireadh córas a bhí bunoscionn ar fad ann - tiocfaidh mé aige sin i gceann soicind - ná go raibh coiste meastóireachta le haghaidh tograí móra. Bhí cothromas idir dhreamanna amhail Industrial Development Authority, IDA, agus Enterprise Ireland agus an feidhmeannas agus bhí triúr comhalta boird agus an cathaoirleach. Dá dtaobhódh an cathaoirleach leis na feidhmeanna agus na saineolaithe, in aghaidh an bhoird, ní fhéadfadh an togra dul ar aghaidh. Ar an taobh eile den scéal, mar bhí siadsan ag iarraidh a leas féin a chosaint in aghaidh phobal na Gaeltachta, d'fhéadfadh sé dul ar aghaidh. D'oibrigh sé thar cinn go praiticiúil agus níor cuireadh aon droch-thograí ar aghaidh.

Tá rud eile ann a gcaithfidh an tAire Stáit breathnú air, is é sin, ceantar feidhme an údaráis. Tá stráice mór de chathair na Gaillimhe sa Ghaeltacht. Aon duine a théann ó theach go teach i gcuid den Ghaeltacht sin ag canbhasáil, bíonn siad ag gáire nuair a thagtar chugat agus deirtear go bhfuil duine ón Ghaeltacht ina chónaí síos an bhóthair agus is é an rud atá i gceist acu ná duine a bhfuil Gaeilge acu. Ní aithníonn siad féin go bhfuil an chuid is mó dóibh sa Ghaeltacht. Tá ceist mhór ann, ó tharla nach bhfeidhmíonn an t-údarás, is é sin, ar cheart é sin a bhaint as?

Bhí sé sin ann sa chéad Bhille a thug mé ar aghaidh maidir leis an údarás agus baineadh amach ag bord an Rialtais é. Aire Stáit a bhí ionam ag an am ach ní raibh mé ar nós an tÁire Stáit, an Teachta Chambers, agus ní raibh mé ag suí ag bord an Rialtais. Tá sé thar a bheith tábhachtach gur ag an Aire a bheadh ceapadh an chathaoirligh. Níl a fhios agam an bhfuil mé chomh tógtha leis an saol mór le córas an Public Appointments Service, PAS. Táimid ag gearradh aicme mór den phobal amach as ceapacháin bhoird Stáit a bheadh ní b'fhearr ná cuid de na daoine atá á cheapadh. Mar a dúirt duine amháin, go ciniciúil, cé a bhíonn ar na boird seo but the great and the good of Ireland? Ní dá moladh a bhí sé.

Ní raibh sé scríofa sa reachtaíocht go mbeadh duine a raibh cónaí buan aige nó aici ar oileán ar bhord an údaráis. B'fhéidir nár mhiste é sin a scríobh isteach san Acht. Ba cheart go mbeadh líon na ndaoine a thoghfaí i bhfad Éireann níos mó ná líon na ndaoine a cheapfaí. Tá tú in ann saineolas a fháil má theastaíonn saineolas uait. Níl jab an tsaineolaí ag bord. Tá míthuiscint ann faoi bhoird. Ceapann daoine go gcaithfidh gach uile dhuine ar an mbord a bheith mar shaineolaí. Is iad sin an ceangal i mboird Stáit phoiblí iad idir na saineolaithe agus an gnáthphobal.

Is é ceann de na fáthanna go bhfuil an oiread dearmaid á dhéanamh anois ná go bhfuil saineolaithe nach bhfuil aon taithí acu ar riachtanais an phobail ag ceapadh rudaí don phobal agus gan aon duine timpeall an bhoird ag rá gur cheart go bhfanfaimis soicind agus nach n-oibreoidh sé seo go praiticiúil. Mar sin, ba cheart go mbeadh formhór an bhoird thofa.

Breathnaíonn sé go minic sa saol atá ann anois go bhfuil faitíos orainn roimh an bpobal. Tá dream éigin áit éigin nó tá rud éigin san aer i measc móruaisle na tíre atá ag iarraidh an t-am ar fad an daonlathas a mhaolú agus a laghdú. Tá siad ag iarraidh cumhachtaí a bhaint den dream atá tofa ag an bpobal agus mar sin tá siad ag iarraidh cumhachtaí a bhaint den phobal an t-am uile. Céard faoina bhfuil faitíos orthu? Tá an pobal ag éirí tuirseach de seo. Ba cheart go seasaimid, na daoine a thoghadh, go láidir ar son chearta an phobail.

Mar dhuine Gaeltachta agus duine a bhfuil cónaí air sa Ghaeltacht, tá mé in ann a rá gurb é rogha fhormhór an phobail gur ag muintir na Gaeltachta a bheadh an say is mó ar bhord an údaráis agus gur iontu siúd atá an mhuinín. Dhearfaidís leat, nuair athraíodh an bord in 2012, gur scoireadh an ceangal a bhí ann roimhe sin idir an bord, an t-údarás agus an pobal. D'éirigh deighilt agus neamhaird agus ní raibh aon chaint mórán níos mó i measc an phobail ar an údarás nó ar a thábhacht. Scriosadh a bhí ann sa rud a rinneadh in 2012.

Ba cheart breathnú air thíos i gContae Mhaigh Eo mar shampla. Cé mhéad de na comhairleoirí i gContae Mhaigh Eo atá ina gcónaí sa Ghaeltacht? Is ag na comhairleoirí ar fad a bhí an rogha. I gContae na Gaillimhe, sílim go bhfuil cúigear de na comhairleoirí ina gcónaí sa Ghaeltacht, as 39. Tá formhór ina gcónaí taobh thoir den chathair de na daoine agus is iad siúd atá ag roghnú ar son phobal na Gaeltachta agus is daoine iad nach bhfuil Gaeilge ar bith acu. Áiféis a bhí ann. Tabhair ar ais don phobal é agus má dhéantar míthuiscint, is ar an bpobal a thitfidh an fhreagracht.

Molaim an Teachta Ó Snodaigh agus gabhaim buíochas leis as ucht é seo a chur os comhair na Dála. Déarfainn go dtuigfeadh sé sin go bhfuil lochtanna ann agus go bhfuil go leor rudaí eile ann ar cheart dóibh a bheith sa Bhille ach caithfimid é seo a choinneáil ar bharr an chláir oibre sa Dáil. Tá an-áthas orm faoin méid a d'fhógraíodh tráthnóna. Tá dlús leis an obair. Tá an cur chuige go maith agus tá súil agam go mbeidh Bille foirfe láidir dúshlánach Gaeltachta os ár gcomhair amach agus go bhfeicimid an pobal, uair amháin eile, i gceannas ar a gcuid todhchaí féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.