Dáil debates

Thursday, 13 October 2022

An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2018: An Dara Céim [Comhaltaí Príobháideacha]

 

5:10 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas le mo chomhghleacaithe a chuir an Bille seo faoi bhráid na Dála, na Teachtaí Ó Snodaigh, Ellis, Ó Laoghaire agus Ó Dochartaigh. Bhí an Teachta Ó Dochartaigh ag iarraidh a bheith anseo agus a ghuth a chur leis an mBille seo ach mar gheall ar an tragóid uafásach a tharla i gCraoslach, tá sé i nDún na nGall.

D’ardaigh mé an cheist seo go rímhinic leis an Aire Stáit cheana agus bhí díospóireacht sách maith againn faoi. Tá sé ráite agam cheana ach déarfaidh mé arís é. Sílim go bhfuil toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta fíorthábhachtach. Baineann siad leis an daonlathas agus tugann siad guth do mhuintir na Gaeltachta sna cinntí a dhéantar don Ghaeltacht, dóibh siúd atá ina gcónaí sa Ghaeltacht, atá ag iarraidh filleadh ar an nGaeltacht nó atá ag iarraidh bogadh ar ais chuig Gaeltacht.

Tuigim go raibh athbhreithniú á dhéanamh ag an Aire Stáit. Nuair a d’ardaigh mé an cheist seo roimh an samhradh, dúirt an tAire Stáit go raibh sé ag obair ar an athbhreithniú sin. Beidh mé ag súil le cloisteáil ag cén pointe a bhfuil sé sin. Ag an bpointe seo, teastaíonn na toghcháin. Dúirt an tAire Stáit go raibh sé ag súil go mbeadh sé críochnaithe i Meán Fómhair nó roimh an gheimhreadh. Táim ag súil le cloisteáil faoi sin. Dúirt an tAire Stáit ag an am go ndearna an Roinn comhairliúchán poiblí. Tá comhairliúchán poiblí fíorthábhachtach ach ag an bpointe seo tá cúrsaí sách soiléir, fiú ó na toghcháin a bhí againn in 2020. Chonaic muid gur tháinig dreamanna le chéile sna ceantair Ghaeltachta ag lorg na dtoghchán seo. Sin cuid mhór den chomhairliúchán poiblí a tharla ag an am sin. Tá an Bille seo i ndáiríre ag iarraidh tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Aire Stáit chun a chinntiú gur féidir linn na toghcháin seo a bheith againn.

Mar a dúirt mo chomhghleacaí an Teachta Ó Snodaigh ar maidin ar Raidió na Gaeltachta, fiú má tá deacrachtaí ag an Rialtas leis an mBille seo, is féidir athruithe a thabhairt isteach ar Chéim an Choiste. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh muid in ann oibriú le chéile mar sin agus an Bille seo a chur os comhair an choiste. Má tá deacrachtaí ar leith ag an Rialtas is féidir linn déileáil leo ag an bpointe sin. Tá daoine ag fanacht rófhada ag an bpointe seo i gcomhair na dtoghchán. Tar éis an méid a bhí á rá ag an Teachta Ó Snodaigh faoin gcúlra agus an stair a bhí agus atá sa Ghaeltacht maidir le cearta sibhialta, tá sé i ndáiríre dochreidte go bhfuair an Rialtas réidh leis na toghcháin seo. Mar is eol dúinn, tá deacrachtaí ar leith ag ceantair Ghaeltachta agus teastaíonn an guth seo agus an daonlathas seo uathu. Ag breathnú ar mo cheantar féin mar shampla, má tá daoine nó monarcha nó mar sin ag iarraidh bogadh siar go Conamara, tá deacrachtaí ollmhóra ann ó thaobh bóithre agus droichid agus ar na hoileáin, mar gheall ar chéibheanna. Tá an t-infreastruchtúr bunúsach sin sna cathracha ina labhraítear Béarla de ghnáth ach níl sé sna ceantair Ghaeltachta. Sin an fáth go dteastaíonn an guth ar leith sin agus go dteastaíonn an daonlathas i dtaobh toghchán do bhord Údarás na Gaeltachta. Tá súil agam go dtacóidh an tAire Stáit leis an mBille tábhachtach seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.