Dáil debates

Thursday, 13 October 2022

An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2018: An Dara Céim [Comhaltaí Príobháideacha]

 

5:10 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá áthas orm, mar Phríomh-Aoire an Rialtais agus mar Aire Stáit atá freagrach as an nGaeltacht agus spórt, a bheith anseo tráthnóna chun an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2018 a phlé. Tá mé cinnte go ndéanfar plé stuama tairbheach ar an ábhar seo. Beidh a fhios ag go leor daoine sa Teach anseo inniu gur ceist í seo a bhfuil fonn orm dul i ngleic léi.

Le bheith soiléir ón tús maidir le dearcadh an Rialtais ina leith, níl an Rialtas i gcoinne an Bhille seo. Mar a luaigh mé cheana, tá obair idir lámha ag mo Roinn cheana féin mar a bhaineann sé le hathbhreithniú ar an gcaoi a gceaptar bord an údaráis agus tá sé ar intinn agam, thar ceann an Rialtais, teacht chun cinn le reachtaíocht an Rialtais é féin faoin ábhar sna míonna atá romhainn faoina dtabharfar aghaidh ar an bpróiseas roghnúcháin agus toghcháin a bhaineann le bord an údaráis. É sin ráite, fáiltím go mór roimh an deis a thugtar dúinn inniu an t-ábhar seo a phlé - ábhar atá á chíoradh agam féin agus ag feidhmeannaigh mo Roinne le míonna beaga anuas.

I dtús báire is fiú léargas gairid ginearálta a thabhairt ar ról agus ar thábhacht an údaráis. Níl aon dabht ach go bhfuil obair thábhachtach déanta ag an údarás thar na blianta chun saol geilleagrach, cultúrtha agus sóisialta phobal na Gaeltachta a chur chun cinn. Mar thoradh ar an obair atá ar siúl ag an eagraíocht, le cúnamh leanúnach mo Roinne agus, go deimhin, le foinsí Stáit eile, tá deiseanna fostaíochta agus fiontraíochta á gcothú agus á gcruthú ag an údarás i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre ó bunaíodh é breis agus dhá scór bliain ó shin. Cruthaíodh 825 post anuraidh agus fostaíodh 446 duine breise i gcliantchomhlachtaí an údaráis sa Ghaeltacht faoi dheireadh 2021. Bhí 7,809 post i gcliantchomhlachtaí an údaráis ag deireadh na bliana seo caite. Is dul chun cinn tábhachtach agus suntasach é seo.

Tá sé ríthábhachtach do rath leanúnach na Gaeltachta mar fhearann dúchais na Gaeilge go dtabharfar deis do dhaoine óga na Gaeltachta oibriú sna pobail ina dtógtar iad. Tá tábhacht faoi leith ag baint le rochtain a thabhairt dóibh ar leathanbhanda ardluais, agus ar fhostaíocht d’ardchaighdeán chomh maith céanna, a thagann leis an gcaoi atá an domhan anois agus cianobair i bhfad níos coitianta ná mar a bhíodh. Tá an t-údarás i lár an aonaigh maidir leis seo go léir. Más féidir linn cur chuige maidir leis na deiseanna sin a chruthú ar an gcaoi cheart sna blianta amach romhainn, agus neart deiseanna ar fhostaíocht d’ardchaighdeán a bheith ar fáil sa Ghaeltacht, mar a bhíonn ar fáil lasmuigh den Ghaeltacht, beidh deiseanna níos fearr curtha ar fáil do na glúnta atá le teacht.

Chuir mé ciste caipitil ar fiú beagnach €14.454 milliún é ar fáil don údarás i mbliana. Cuirfear ciste ar aon dul leis ar fáil don údarás an bhliain seo chugainn. Cuireadh €5.75 milliún ar fáil do chlár leathan an údaráis agus nuair a chuirtear san áireamh an leithdháileadh de bhreis is €13.080 milliún le haghaidh riaracháin, fágann sé sin go bhfuil beagnach €35 milliún curtha ar fáil ag mo Roinn don údarás sa bhliain reatha. Maidir le buiséad 2023, is fiú a mheabhrú go gcuirfear €1 milliún breise ar fáil don údarás don bhliain seo chugainn.

Cabhróidh an maoiniú breise seo leis an údarás an obair atá ar siúl acu a neartú ar mhaithe leis na comharchumainn agus na heagraíochtaí pobalbhunaithe atá ag feidhmiú faoina scáth.

Tháinig ardú suntasach ar chaiteachas an Rialtais le blianta beaga anuas, agus léiríonn na figiúirí atá leagtha amach agam é sin. Táim lánchinnte go bhfuil ar ár gcumas anois dul chun cinn breise a dhéanamh ar roinnt tograí caipitil ar cuireadh bac nó moill orthu le tamall anuas, rud a bheidh ar leas phobal na Gaeltachta agus a chiallóidh go mbeifear in ann na poist a cruthaíodh cheana a chosaint tuilleadh, chomh maith le deiseanna fostaíochta breise a chothú sa tréimhse atá romhainn.

Cé go bhfuil cruthú fostaíochta mar an gcloch is mó ar phaidrín an údaráis, tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil fás tagtha ar a ról le blianta beaga anuas. Tá dlúthbhaint ag an údarás le tamall de bhlianta, cur i gcás, le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht faoi stiúir fhoriomlán mo Roinne. Mar thoradh ar an sainchúram seo a tugadh don údarás, fágann sé go bhfuil clár ar bun aige a chuireann é níos gaire do phobal na Gaeltachta ná mar a bhí sé mar eagraíocht riamh. Tá bonn reachtúil, ar ndóigh, ag an bpróiseas pleanála teanga, rud a chabhraíonn go mór lena chinntiú go dtugtar aitheantas ceart dó i gclár oibre an údaráis agus a chiallaíonn freisin go gcuirtear na hacmhainní cuí ar fáil don phróiseas go ginearálta, rud atá chun tairbhe na Gaeilge agus na Gaeltachta i ndeireadh thiar thall.

Bhí deis agam le tamall anuas bualadh leis na pobail éagsúla Gaeltachta atá ag saothrú leo mar chuid den phróiseas pleanála teanga. Bhí deis agam, mar shampla, castáil le gairid leis an dream atá ag plé le plean Chois Fharraige i nGaillimh. Tugann an díograis agus an tiomantas a léirigh siad dóchas dom faoina bhfuil i ndán don Ghaeltacht agus don Ghaeilge araon.

Ba mhaith liom díriú ar Acht na Gaeltachta anois agus ar an dá phríomhchuspóir a bhain leis deich mbliana ó shin. Ba iad na cuspóirí sin ná bonn reachtúil a thabhairt don phróiseas pleanála teanga, a bhfuil tagairt déanta agam dó, agus chun tacaíocht bhreise a thabhairt don Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht. Ba é an dara cuspóir ná leasú a dhéanamh ar an mbealach a roghnaíodh comhaltaí bhord an údaráis chomh maith le leasú a dhéanamh ar chomhdhéanamh an bhoird ó thaobh líon na gcomhaltaí de. Mar is eol don Teach, is iad na príomhleasuithe a rinneadh san Acht mar a bhaineann sé le bord an údaráis ná, ar an gcéad dul síos, gur cuireadh deireadh leis an gceanglas maidir le toghcháin phoiblí dhíreacha don bhord agus, ansin, gur laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó scór comhaltaí go 12. Mar is eol don Teach freisin, ceapadh an bord reatha i mí Eanáir 2018 agus mairfidh sé cúig bliana go dtí lár Eanáir 2023. Seo é an dara bord a ceapadh faoi na socruithe reatha. Déanfaidh mé tagairt ar ball beag faoina bhfuil beartaithe agam a dhéanamh maidir le ceapacháin amach anseo.

Is é mo thuairim gur cheart go mbeadh an cur chuige maidir le ceapadh agus comhdhéanamh an bhoird níos daonlathaí. Creidim go dtuigeann gach duine againn fiúntas an údaráis a thugann ár dtoghthóirí dúinn agus an tábhacht a bhaineann le bheith i dteagmháil leo siúd a chuireann muid anseo. Tuigeann gach duine againn go gcaithfimid éisteacht lena ndeirtear linn, go gcaithfimid naisc a chothú agus a choinneáil leis na pobail a roghnaíonn sinn, agus go gcaithfimid oibriú lena gcuid tosaíochtaí a sheachadadh. Má bhraitear nach bhfuilimid ag seachadadh ar son na ndaoine a ndéanann muid freastal orthu, tá a fhios againn go léir cad a tharlaíonn ansin. Le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga, ina dtugtar cúraimí ar leith don údarás mar a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta, mar a luaigh mé, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh glór láidir ag an bpobal ag leibhéal na ceannaireachta san eagraíocht.

Sílim go n-aontódh gach duine anseo gurb é an bealach is fearr chun tosaigh ná go mothaíonn pobal na Gaeltachta go bhfuil nasc acu leis an údarás agus leo siúd a bhfuil cúram orthu a bpobail a chosaint agus a neartú. Bíonn pobal na Gaeltachta ag iarraidh bord an údaráis a chloisteáil ag labhairt faoi na ceisteanna a bhíonn ag déanamh scime dóibh ina saol. Ba mhaith leo an nasc pearsanta sin a bheith acu leis an mbord. Teastaíonn uaim cur chuige a aimsiú a chuireann leis sin, go háirithe ós rud é go leagann an próiseas pleanála teanga béim faoi leith ar an gcur chuige ón mbonn aníos.

Maidir leis an mBille atá os comhair an Tí, feicfear gurb é is cuspóir leis an cur chuige reatha a chur i leataobh agus dul ar ais go dtí an sean-chur chuige a bhíodh i bhfeidhm. Cé go dtuigim an chúis gur cuireadh an leasú seo ar aghaidh mar atá sé dréachtaithe, measaim gur gá roinnt saincheisteanna a mheas go cúramach. Ar an gcaoi chéanna nach mbeadh éinne againn ag moladh go díreach dul ar ais chuig na teorainneacha toghcheantair a bhí ann deich mbliana ó shin, nó chuig am sular tugadh isteach cuótaí inscne le haghaidh iarrthóirí toghcháin, is gá breithniú a dhéanamh ar gach blas den scéal sula gcuirtear córas roghnúcháin agus toghcháin nua i bhfeidhm.

Beidh Teachtaí ar an eolas faoin ngealltanas i gclár an Rialtais chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas reatha i ndáil le roghnúcháin agus toghcháin bhord Údarás na Gaeltachta. Tá an próiseas sin ar siúl faoi láthair ag mo Roinn. Tugadh faoi chomhairliúchán poiblí faoin ábhar a eagrú ón 16 Feabhra 2022 go dtí lár mhí Márta. Fuarthas 23 aighneacht mar thoradh ar an bpróiseas sin agus cuirfear os comhair an phobail iad sna seachtainí romhainn. Tá sé le sonrú sna haighneachtaí sin go bhfuil go leor i bhfabhar filleadh ar thoghcháin. Níor mhiste a lua chomh maith gur thug an Roinn faoi phróiseas soláthair poiblí chomh maith chun an t-athbhreithniú féin a chur chun feidhme. Ar an drochuair, b’éigean sin a dhéanamh trí huaire faoi leith mar gheall ar easpa suime sa mhargadh. Pé scéal é, tá comhlacht aimsithe anois agus tá an obair ar siúl.

Is é an aidhm atá leis an athbhreithniú ná moltaí a dhéanamh maidir le hionadaíocht dhaonlathach ar an mbord a láidriú, chomh maith le moltaí a dhéanamh maidir leis an líon comhaltaí, cothromaíocht inscne agus na scileanna ar leith a theastaíonn chun tacú leis an eagraíocht a dualgais a chomhlíonadh, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta díobh seo a leanas: fiontraíocht agus fostaíocht, forbairt pobail, forbairt gheilleagrach na Gaeltachta, pleanáil teanga agus turasóireacht chultúrtha. Tá obair an údaráis athraithe ó 2012, go háirithe ag cur a ról sa phróiseas pleanála teanga san áireamh. Éireoidh leis an bpróiseas sin nó teipfidh air, bunaithe ar an nasc le cosmhuintir na Gaeltacht atá luaite agam cheana. Tá súil agam go mbeidh an t-athbhreithniú seo críochnaithe i mí na Samhna agus tiocfaidh Bille an Rialtais féin chun cinn go gairid ina dhiaidh sin. Beidh Teachtaí ar an eolas go bhfuil sé ar an gclár oibre reachtúil a foilsíodh maidir leis an téarma Dála seo. Le cabhair agus cúnamh ó chomhaltaí an Fhreasúra, tá sé i gceist agam an Bille seo a thabhairt ar aghaidh faoi dheireadh na bliana, ag tabhairt san áireamh na riachtanais lena dhréachtú.

Luaigh mé cheana féin ar Chéim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) go dtabharfadh an Rialtas seo chun cinn reachtaíocht ar mhaithe le toghcháin dhíreacha chuig an mbord i gcomhthéacs an tiomantais i gclár an Rialtais agus faoi réir thoradh an athbhreithnithe seo. Dá dtabharfaí próiseas toghcháin ar ais, tá roinnt réimsí ar a mbeidh breithniú le déanamh orthu. Mar shampla, d’fhéadfaí féachaint ar an líon comhaltaí boird agus meascán féideartha de chomhaltaí a bheadh tofa agus comhaltaí a bheadh roghnaithe trí phróiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, mar a luaitear sa chlár don Rialtas. Cheadódh cur chuige den chineál sin don bhord a bheith in ann, ar lámh amháin, leas a bhaint as an raon scileanna atá ar fáil don bhord faoi láthair mar thoradh ar an gcur chuige reatha, mar aon le cúram a dhéanamh d’ionadaíocht na mban a bheith ar an mbord, agus ar an lámh eile, go gcuirfear tuilleadh le daonlathas an bhoird, rud atá an-tábhachtach do phobal na Gaeltachta, go háirithe i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga. Cibé cás é agus mar a luaigh mé, cuirfear san áireamh torthaí an athbhreithnithe ar thagair mé dó d’fhonn na torthaí sin a chuimsiú a mhéid agus is féidir, agus de réir mar is cuí, sa leasú reachtaíochta a dhéanfaidh an Rialtas a bheidh mar thoradh air seo ar fad.

Idir an dá linn, is gá do mo Roinn aire a thabhairt do na socruithe gearrthéarmacha a bhféadfadh bord nua a cheapadh faoi na socruithe atá i bhfeidhm faoi láthair a bheith i gceist leo. Tagann deireadh le tréimhse an bhoird atá ann faoi láthair ar an 15 Eanáir 2023. Tá tús curtha ag mo Roinn dá réir leis an bpróiseas chun comhaltaí a cheapadh chuig an mbord nua faoin gcur chuige reatha mar a leagtar amach san Acht Gaeltachta. Chuige sin, tá mo Roinn i mbun oibre leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun comórtas poiblí a eagrú trína dtabharfar deis don phobal iarratas a dhéanamh le bheith san áireamh chun críche ceapachán ar an mbord nua. Chomh maith leis sin tá ainmniúcháin ó na húdaráis áitiúla ábhartha á lorg don chéad bhord eile.

Sa chomhthéacs sin, seachas saolré cúig bliana, beidh tréimhse nach faide ná dhá bhliain, is é sin 2023 agus 2024, i gceist mar a bhaineann sé le saolré an chéad bhord eile. Tríd an gcur chuige seo, beidh bord nua in ann teacht i bhfeidhm go gearrtréimhseach fad is atá obair ar bun chun reachtaíocht nua a chur i dtoll a chéile maidir le próiseas nua roghnúcháin agus toghcháin.

Arís, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl as an deis a fháil chun an Teach a thabhairt suas chun dáta agus go háirithe as an deis a tugadh dom mar Aire Stáit na Gaeltachta chun meon an Rialtais i leith thodhchaí an údaráis a chur in iúl.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.