Dáil debates
Thursday, 19 November 2020
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge
11:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Mar a bhí mé ag rá ag deireadh mo chéad cheist, tá an scéim pobal Gaeilge in iomaíocht le, mar shampla, obair fhoclóireachta. Tá beagáinín níos mó airgid ag dul i dtreo foclóirí nua - tá ceann nua ann ach tá ceann eile le teacht - ná i dtreo na scéime sin. Ní cóir go mbeadh sé sin mar atá. Ba chóir go mbeadh an t-airgead ar fáil. Níl lánfhoireann ag Foras na Gaeilge fiú. Faoi láthair, tá 56 ag obair d'Fhoras na Gaeilge ach tá cead aige 71 a bheith aige. Ní féidir leis an líon sin a ardú mar níl an t-airgead aige. Má chaitheann sé airgead ar fhoireann bhreise, tiocfaidh an t-airgead sin as airgead gur chóir é a bheith caite ar na ceanneagrais. Beidh an iomaíocht sin ann gan airgead breise. Ba chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó ann ná mar atá. Tuigim an cóimheas idir an t-airgead ó Thuaidh agus ó Dheas. Tuigim na fadhbanna a bhí ann ach tá bealaí timpeall orthu sin. Is féidir tograí aonuaire a mhaoiniú mar a tharla le scéim na leabhar Gaeilge a luaigh an tAire Stáit féin. Sa Tuaisceart, cuireann an Tionól airgead i dtreo scéimeanna áirithe chomh maith.
No comments