Dáil debates

Thursday, 19 November 2020

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

11:00 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist seo a ardú. Tá a fhios agam gur ardaigh Conradh na Gaeilge an cheist ag cruinniú dá choiste le déanaí. Chuireamar feabhas ar an mbuiséad don bhliain seo chugainn. Tá maoiniú breise curtha ar fáil sa bhuiséad. Tá sé sin an-tábhachtach. Mar Rialtas, táimid ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don scéim pobal Gaeilge, do na líonraí Gaeilge agus do na bailte seirbhíse Gaeltachta. Tá súil agam go mbeadh réiteach ann d'Fhoras na Gaeilge le gairid. Bhí réamhchruinnithe comhairliúcháin ag Foras na Gaeilge i gcomhair le Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael leis na páirtithe leasmhara siar in 2019. Eagraíodh réamhchruinniú eile i mí Feabhra na bliana seo ar d'fhreastail suas le 80 duine air. Pléadh moltaí sa cháipéis chomhairliúcháin a bhí eisithe ag an bhforas leis na páirtithe eile ag an gcruinniú sin. Tá sé an-tábhachtach a rá, mar a dúirt mé, go bhfuil maoiniú suntasach breise de €1.779 milliún a bhí ceadaithe ag an Rialtas sa bhuiséad i gcomhair na hoibre sin agus i gcomhair comhoibrithe Thuaidh-Theas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.