Dáil debates

Thursday, 19 November 2020

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

11:00 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cé go bhfuil plé fós ag dul ar aghaidh leis an Roinn Pobal ó Thuaidh maidir le síntiús na Roinne sin do bhuiséad an Fhorais Teanga don bhliain seo chugainn, is léir ón maoiniú suntasach breise de €1.779 milliún atá ceadaithe ag an Rialtas ó Dheas cheana féin don chomhoibriú Thuaidh-Theas go mbeidh deis ag Foras na Gaeilge an maoiniú atá á chur ar fáil d'eagrais agus pobail Ghaeilge a mhéadú agus a leathnú amach do ghrúpaí nua in 2021. Tá aitheanta ag Foras na Gaeilge go bhfuil athnuachan shuntasach le déanamh ar an scéim pobal Gaeilge mar atá sí faoi láthair. De réir na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus tuiscint Fhoras na Gaeilge ar dhea-chleachtas chun an Ghaeilge a chur chun cinn, aithnítear gur chóir go mbeadh béim anois ar phleanáil fhadtéarmach theanga agus ar phleanáil straitéiseach. Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil oifigigh mo Roinne agus mé féin ar an eolas faoi mhianta na ngrúpaí a fhaigheann tacaíocht faoin scéim reatha agus gur chas mo chuid oifigeach leis an Roinn Pobal ó Thuaidh, le Foras na Gaeilge, le Conradh na Gaeilge, le Glór na nGael agus le páirtithe eile chun na mianta sin a phlé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.