Dáil debates
Thursday, 19 November 2020
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge
10:50 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Glacaim le gach rud atá ráite ag an Aire Stáit. In ainneoin gur tharlaigh ardú agus go bhfuil airgead breise curtha ar leataobh, níl an t-airgead sin mór go leor chun cinntiú go bhfuil Foras na Gaeilge fiú in ann na tograí atá aige a chomhlíonadh agus ní féidir leis cuidiú leis na ceann-eagrais tabhairt faoi na tograí atá leagtha os a gcomhair mar is gá. Tá i bhfad Éireann níos mó airgid i gceist agus ag teastáil.
Ceann de na réimsí a dhíreoinn air ná an t-airgead a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil do na scéimeanna pobal Gaeilge. Tá 20 acu ann faoi láthair agus tá sé ag tnúth le 16 eile.
11 o’clock
Níl an t-airgead ann. Ní féidir leis an scéim fiú na fostaithe a íoc ag an leibhéal cuí faoi láthair, gan trácht ar an méid airgid gur chóir go mbeadh ann chun cuidiú leis an réimse oibre atá ar bun ag na grúpaí faoin scéim pobal Gaeilge a chur i gcrích. Tá gá díriú ar an gcéim sin. Tá gach rud in iomaíocht lena chéile i bhForas na Gaeilge. Níl an t-airgead ann.
No comments