Dáil debates

Thursday, 19 November 2020

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

10:50 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, CATT, a cheadaíonn na buiséid do na forais tras-Teorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Tá méadú táscach de €1.779 milliún curtha ar fáil don chomhoibriú Thuaidh Theas i mbuiséad 2021. Cinnteoidh an leithdháileadh maoinithe táscach seo, atá faoi réir breis plé leis an Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann, go gcuirfear ar chumas Fhoras na Gaeilge a chláir teanga agus cultúir i leith réimsí nua agus maoiniú a mhéadú, más cuí, do ghrúpaí teanga reatha.

I mbliana, íocfaidh mo Roinn €11.087 milliún d'Fhoras na Gaeilge. Sin 75% den oll-bhuiséad atá ceadaithe ag CATT. Anuas air sin, cuirfidh mo Roinn maoiniú breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil nithe imfhálaithe mar a bhaineann le clár na leabhar Gaeilge, sin €1.061 milliún, agus scéim Cholmcille, sin €118,000. Is fiú a nótáil freisin go ligtear d’Fhoras na Gaeilge an t-ioncam breise a ghintear ó dhíol leabhar agus rudaí eile a choinneáil le caitheamh ar a chuid gníomhaíochtaí.

Mar gheall ar chúinsí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, áfach, níorbh fhéidir cruinnithe CATT a eagrú ó lár 2016. Tionólfar cruinniú CATT arís go gairid, tráth go ndéanfar na buiséid ó 2017 go 2020 a cheadú agus táimid ag súil go ndéanfar buiséad an Fhorais Teanga do 2021 a dheimhniú freisin.

Tá ciste iomlán de €5 milliún fógartha don phróiseas pleanála teanga i mbuiséad 2021. Is ardú suntasach é seo ar an €3.7 milliúin atá sa bhuiséad pleanála teanga don bhliain reatha. Cuirfear maoiniú leordhóthanach ar fáil d'Fhoras na Gaeilge ón mbuiséad sin chun cúram a dhéanamh d'ullmhú agus feidhmiú pleananna teanga sa bhliain amach romhainn don chuid sin den phróiseas a bhaineann leis. Ceadaíodh pleananna teanga na trí líonra Gaeilge agus an baile seirbhíse Gaeltachta amháin atá faoi chúram an Fhorais go dáta i mbliana. Cuirfear maoiniú suas le €80,000 an ceann ar fáil d'fheidhmiú na bpleananna sin in aghaidh na bliana agus, faoi réir an tsocraithe seo go ginearálta, cuirfear allúntas bliantúil suas le €100,000 ar fáil do chathair na Gaillimhe agus cathair Chorcaigh in am trátha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.