Dáil debates

Tuesday, 28 May 2019

Deiseanna Fostaíochta in Earnáil na Gaeilge: Ráitis

 

6:55 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom díriú isteach ar cúpla ábhar faoi leith. Tuigim go bhfuil an díospóireacht seo dírithe ar fhostaíocht maidir le cúrsaí Gaolainne, seachas fostaíocht go ginearálta. Labhair mé cheana faoin reachtaíocht nua i gcomhthéacs an stádais atá ag an nGaolainn in Éirinn agus san Eoraip. Tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tar éis an-chuid plé a dhéanamh le rannóga éagsúla le roinnt míonna anuas, ag féachaint ar cé chomh gníomhach is atá siad agus iad ag freastal ar mhuintir na Gaolainne agus freisin ar an bplean atá acu chun fás agus forbairt a chuir ar a gcuid fostaíochta Gaolainne. Tá sé soiléir go bhfuil easpa mhór ann. Tá bearnaí i go leor áiteanna. In áiteanna eile, tá feabhas tagtha agus tá cúrsaí go maith. Is cosúil nach mbíonn an t-éileamh ann, ach tá sé deacair an t-éileamh a thomhas. Nuair a théann daoine i dteagmháil leis na rannóga éagsúla, go minic bíonn sé níos tapúla orthu a gcuid gnó a dhéanamh trí Bhéarla seachas bheith ag feitheamh leis an duine a bheadh ag glaoch orthu an lá dár gcionn. Dá mbeadh níos mó oifigigh sna rannóga éagsúla ábalta freastal ar Ghaeilgeoirí, bhainfí níos mó úsáide as seirbhísí Gaolainne agus bheadh an t-éileamh níos soiléire.

Mhol an choiste i gcomhthéacs an Bhille go mbeadh an Ghaolainn ag 20% de na daoine nua atá á tabhairt isteach sna rannóga éagsúla ionas go mbeidís ábalta freastal ar mhuintir na Gaolainne. Tuigim go bhfuil plé fós á dhéanamh ar an mBille sin. Tá sé á phlé in Oifig an Ard-Aighne le fada an lá. B'fhéidir go bhfuil deis fostaíochta ansin. B'fhéidir gur cheart cúpla duine breise a lonnú san oifig sin chun an próiseas a bhrostú ar aghaidh. Tá an reachtaíocht sáite san oifig sin i bhfad rófhada. Táimid ag iarraidh ar an Aire Stáit deifir a dhéanamh leis an mBille sin gan a thuilleadh moille. Ba cheart dó díriú isteach ar an éileamh ón gcoiste go mbeadh sé mar sprioc ag an Rialtas go mbeadh an Ghaolainn ag 20% de na daoine nua atá á fhostú agus go mbeidís ábalta freastal ar mhuintir na Gaolainne.

Luadh an córas oideachais cheana féin. Tá sé riachtanach go dtógaimid ar an gcéim dhearfach a bhí sa straitéis oideachais Gaolainne agus Gaeltachta. Ní leor straitéis a bheith ann. Ba cheart dúinn brostú ar aghaidh agus a chinntiú go mbeidh soláthar múinteoirí ar fáil. Ba cheart go mbeadh na háiseanna éagsúla ar fad ar fáil do na scoileanna agus do phobal na scoile, go háirithe na daltaí. Caithfidh an tAire Stáit a chinntiú go bhfuil múinteoirí ar fáil. Ba cheart go mbeadh cúrsaí ar fáil chun oiliúint a dhéanamh ar na múinteoirí sna hábhair éagsúla ar fad, ina measc an eolaíocht agus an ealaín, ionas go mbeidh daltaí in ann múinteoir le Gaolainn a bheith acu sna hábhair sin.

Ba mhaith liom deacracht eile maidir leis an gcóras oideachais a lua. Tá ceist na pátrúnachta luaite agam leis an Aire Stáit cheana. Tá borradh tagtha ar chúrsaí Gaolainne in áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht - san ardchathair agus in áiteanna eile chomh maith. Teastaíonn ó dhaoine Gaelscoileanna a bhunú, ach nuair a thagann sé chuig pátrúnacht agus scoil nua á bhunú, tá deacracht faoi leith ag Gaelscoileanna. Bíonn siad in iomaíocht le scoileanna a bhíonn ag déanamh a gcuid gnó trí Bhéarla. Tá sé an-deacair orthu, fiú má tá 30% ag iarraidh go mbeidh Gaelscolaíocht sa cheantar. Bíonn siad faoi bhrú agus ní éiríonn leo Gaelscoil a bhaint amach. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh air sin. Iarraim ar an Aire Stáit an t-ábhar seo a phlé leis an Aire Oideachais agus Scileanna. Tuigim go bhfuil an ról ceannaireachta ag an Aire, an Teachta McHugh, sa chomhthéacs seo, ach tá ról fíorthábhachtach ag Aire Stáit na Gaeltachta freisin.

Is cuid den straitéis 20 bliain freisin a chinntiú go mbeidh deis ann ag aon phobal Gaolainne a scoil féin a bheith aige agus go mbeidh sé ábalta pátrúnacht na scoile a bhaint amach. Phléamar deiseanna fostaíochta leis an HSE, go háirithe i leith Gaeilgeoirí laistigh den chóras a theastaíonn uathu bogadh mórthimpeall nó forbairt agus dul chun cinn chun ardú céime a bhaint amach. Ní theastaíonn uathu a bheith pigeon-holed mar an Gaeilgeoir a fhreastalaíonn ar an bhfón an t-am ar fad. Teastaíonn uathu go mbeidh deiseanna ann. Ní theastaíonn uathu a bheith srianta. Caithfear a chinntiú go mbeidh go leor daoine sna rannóga éagsúla. Anuas air sin, feictear nach bhfuil an HSE ag tabhairt na Ghaolainne san áireamh mar cheann de na príomhspriocanna nó príomhábhair nuair a bhíonn sé ag aistriú daoine - altraí, cléirigh agus a leithéid - cuir i gcás má tá post le líonadh i gceantar Gaeltachta. Tá argóint ann. An bhfuil sé níos tábhachtaí duine a aistriú ó north Lee go south Lee nó Gaeilgeoir a chur ar fáil chun freastal ar mhuintir na Gaeltachta? Caithfear a chinntiú go mbeidh an Ghaolainn mar cheann de na hábhair mhóra agus nach argóint laistigh den chóras féin é conas a dhéanann sé fostaíochta a láimhseáil. Ba chóir go mbeidh an pobal níos tábhachtaí.

Is ceann de na hábhair eile gur mhaith liom é a lua ná aitheantas don Ghaolainn san Aontas Eorpach. Ba chéim mhór chun cinn é sin do mo pháirtí féin, a lorg an chéim chun cinn seo roinnt blianta ó shin. Is maith an rud é go bhfuil muid beagnach tar éis é sin a bhaint amach agus go bhfuil an maolú nó díolúnas a bhí ann á chur i leataobh faoi dheireadh. Tá deiseanna fostaíochta ann dóibh siúd a bheidh á lorg amach anseo. Is céim mhór chun cinn é go bhfuil sé sin tagtha chun cinn. Níl an fhostaíocht amháin tábhachtach, ach an t-aitheantas a sheasann leis. Tá an Ghaeilge amuigh ann ar chomhchéim le na teangacha Eorpacha eile. Léiríonn sé sin ráiteas muiníneach agus láidir. Ba chóir go dtabharfadh sé breis muiníne do mhuintir na Gaeilge a gcearta a lorg agus a chinntiú nuair a théann siad i dteagmháil leis an Aontas Eorpach nó le Ranna Stáit anseo agus go mbeidh na heagraíochtaí sin ábalta freastal orthu trí Ghaolainn. Má tá Gaeilgeoir ag íoc cánach agus duine gan Ghaolainn ag íoc cánach, tá an dá euro mar an gcéanna nuair a thagann siad isteach sa státchóras. Tá siad ar chomhionann agus ar chomhchéim. Ba chóir go mbeadh gach saoránach ábalta a bheith ag súil go mbeidh an Státchóras ag freastal air nó uirthi ar chomhchéim.

Sin iad na príomhphointí a theastaíonn uaim a chinntiú: stádas na Gaolainne san Aontas Eorpach, agus an deis atá ag an Aire Stáit a chinntiú go bhfuil an státchóras anseo ag feidhmiú agus ag freastal ar mhuintir na Gaolainne. Caithfidh an tAire Stáit díriú isteach ar an Aire Oideachais agus Scileanna chun a chinntiú go mbeidh na ceisteanna faoi phátrúnacht scoile agus faoin nGaelscolaíocht réitithe, go háirithe toisc go bhfuil pátrúnacht scoileanna nua fós le tabhairt amach. Ní chóir go mbeidh a thuilleadh moille ansin. Ba chóir go mbeidh múinteoirí sna hábhair éagsúla ar fáil ar fud na tíre chun a chinntiú go mbeidh deis ag glúin nua Gaeilgeoirí oideachas a fháil trí Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.