Dáil debates

Tuesday, 28 May 2019

Deiseanna Fostaíochta in Earnáil na Gaeilge: Ráitis

 

6:45 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá áthas orm deis a fháil labhairt ar an ábhar seo. Má bhreathnaíonn muid ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, ar an gcéad dul síos is léir gur straitéis Rialtais é, agus nach straitéis é d'aon Roinn Stáit amháin. An dara rud ná go raibh aidhm an-simplí ag an straitéis, agus sin pobal labhartha Gaeilge a chothú. ‘Sé sin, go mbeadh go leor daoine ag labhairt na Gaeilge go laethúil sa tír, le h-ais mar atá i láthair na huaire. Tá thart ar 80,000 duine a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil sa tír seo. Bhí sprioc uaillmhianach againn, ach chreid muid dá gcuirfí chuige i gceart, go bhféadfaí é sin a thabhairt suas go 250,000. Ag an deireadh seachtaine rinne TG4 pobalbhreith ar dhaoine ag fágáil na stáisiúin vótála, agus léirigh sé sin gur iad an dream is óige sa tír is báúil don Ghaeilge. Is as an ngrúpa sin a thiocfaidh fás na Gaeilge, agus mar sin, tá tuair áirithe dóchais ann.

An t-ábhar atá muid á phlé ná cruthú fostaíochta, ach ní féidir fostaíocht a chruthú mura bhfuil éileamh ann. Chomh maith leis sin, ní féidir fostaíocht a chruthú mura bhfuil daoine ann le Gaeilge chun glacadh leis na poist a chruthaítear. I láthair na huaire tá fáinne fí ann. Is é sin le rá, mar shampla, go dtuigimid go mbeidh Gaeilge ag daoine sa todhchaí, go mór mór taobh amuigh den Ghaeltacht, agus go dteastaíonn gaelscoileanna agus ard-mhúnadh na Gaeilge i scoileanna atá ag múnadh trí Bhéarla. Tá ganntanas múinteoirí i ngach ábhar agus múinteoirí bunscoile le togha na Gaeilge le dul ag múnadh sna scoileanna. Mar sin, tá an t-éileamh ann, ach níl an soláthar ann. Bhí mé ag breathnú ar fhigiúirí maidir le daoine a chur isteach ar na poist Gaeilge taobh istigh den Gharda Síochána, agus tá an rud ceánna le feiceáil ansin. Lena gceart a thabhairt dó, rinne siad an rud praiticiúil. Nuair a bhíonn sé ag earcú anois, glacann siad le daoine le Gaeilge agus tá acmhainn faoi leith ann dóibh sin. Arís, bhí sé díomách an méid beag daoine a chur isteach ar na h-áiteanna sin, agus mar sin, caithfimid breathnú amach don soláthar. Tá dhá rud i gceist ansin. An chéad rud ná go mbeidh Gaeilge ag daoine ar an gcéad dul síos, agus an dara rud ná go mbeidh fógraíocht agus bolscaireacht déanta go bhfuil na poist ar fáil agus go mbeadh siad ar fáil, mar nuair atá daoine óga ag fágáil an scoil, caithfidh siad tuiscint go bhfuil deiseanna ann ó thaobh fostaíochta Gaeilge de.

Ceann de na rudaí nach bhfuil a fhios againn, a bhí mé ag plé an rud seo le Coláiste na hOllscoile i nGaillimh le gairid, ná cén éileamh ar phoist atá ann chun mianta an Rialtais agus mianta na straitéise 20 bliain a chomhlíonadh. Mar shampla, níl aon tuairim againn cé mhéad urlabhraithe cainte, dochtúr, nó altra le Gaeilge atá ag teastáil, agus aon duine atá sa Ghaeltacht anois, tuigfidh siad nach féidir altraí nó dochtúir le Gaeilge a fháil, cé go mbíodh muid in ann iad a fáil cheana. Níl a fhios againn cé mhéad duine a bheidh ag teastáil sna meáin amach anseo, nó daoine a bheidh ag plé le cúrsaí cumarsáide go ginearálta, agus mar sin de. Mar sin, tá sé in am dúinn aithint cé mhéad duine a theastóidh uainn, cé mhéad duine atá á oiliúint i láthair na huaire, agus céard a theastaíonn ó thaobh oiliúnaí de.

Is fiú cinnte a dhéanamh de go bhfuil cúrsaí oiliúna ollscoileanna trí mheán na Gaeilge. Tá faitíos orm go bhfuil muid tar éis dul siar go mór le h-ocht nó naoi de bhlianta ó thaobh cúrsaí trí Ghaeilge agus daoine ag freastal ar chúrsaí trí Ghaeilge ar an tríú leibhéal. Ní amháin go gcaithfear daoine a oiliúint trí Ghaeilge, ach chomh maith leis sin caithfimid cinntiú ó thaobh iad siúd a dhéanann staidéar ar leigheas, tréidliacht, altranas, traenáil sna meáin cumarsáide mar dhaoine a bhíonn ag obair le ceamaraí, léiritheoirí agus mar sin de – na daoine seo ar fad - mura bhfuil siad ag déanamh a gcúrsaí trí Ghaeilge, go bhfuil deis acu an Ghaeilge a fhoghlaim go leibhéal ar a mbeidh siad in ann oibriú trí Ghaeilge.

Rud eile a chreid mé i gcónaí go gcaithfear a dhéanamh ná teastasú a chur ar bun.

Má tá post fógartha mar phost ina bhfuil an Ghaeilge riachtanach, ba cheart go ndéanfaí teastasú neamhspleách ar an bhfostóir. Má théimse ag tiomáint leoraí, níl aon mhaith don fhostóir a rá go gcreideann sé go bhfuilim in ann leoraí a thiomáint gan teastas ón dream neamhspleách a eisíonn teastais tiomána a lorg uaim. Sa chás sin, déarfaidh an fostóir nach bhfuilim in ann an jab a fháil gan an teastas sin a bheith agam. Ba cheart go mbeadh sé seo riachtanach. Nuair a bhí an brú ann san am atá caite, dúradh rómhinic go bhfoghlaimeodh na hoifigigh an Ghaeilge arís. Níl sé sin sách maith. Má tá sé mar choinníoll do phost áirithe go mbeadh cáilíocht ag an iarrthóir, ba cheart go mbeadh sé aige nó aici. Ní ceart é a fhágáil don fhostóir amháin. Is féidir úsáid a bhaint as na caighdeáin Eorpacha do theangacha atá leagtha amach anois. Teastaíonn caighdeáin níos airde ná a chéile i gcás poist áirithe. Mar shampla, tá ard-ardchaighdeán ag teastáil i gcás aistritheoir. B'fhéidir nach mbeadh leibhéal an aistritheora ag teastáil i gcás cléireach oifige, ach bheadh leibhéal an-ard fós ag teastáil. Caithfimid é sin a dhéanamh má táimid dáiríre faoi seo agus má táimid ag iarraidh go mbeadh buntáiste ann. Ar an ttaobh eile den scéal, ba cheart go mbeadh caighdeáin i gceist.

Má dhéantar na rudaí seo ar fad, agus má chuirtear na seirbhísí ar fáil, creidim go mbeidh an t-éileamh ann. Mar is eol dúinn cheana féin i go leor réimsí, dá mbeadh an tseirbhís ar fáil, bheadh an t-éileamh ann. Is féidir cás na mbunmhúinteoirí a thuiscint go simplí. Tá go leor de phobal na Gaeilge ag dul go dtí teiripeoirí cainte le Béarla mar nach bhfuil aon rogha eile acu. Glacann siad leis nach bhfuil a mhalairt ar fáil. Tá sé tugtha faoi deara agam thar blianta fada, agus mé ag tabhairt seirbhís trí Ghaeilge do dhaoine, go ndéanann siad a gcuid gnó trí Ghaeilge nuair a thagann siad go dtí Gaeilgeoir. Má cheapann siad nach bhfuil Gaeilge ag an duine, déanann siad a gcuid gnó leis nó léi trí Bhéarla mar go mbíonn Béarla acu. Ar an gcaoi sin, seachas fáinne fí a bheith ann, d'fhéadfadh fáinne dóchais a bheith ann go bhfuil an rud ar fad ag láidriú. Tarlóidh sé seo de réir mar a fheiceann daoine go bhfuil buntáistí ag baint leis an nGaeilge. B'iad na buntáistí eacnamaíochta a bhí ag baint leis an mBéarla a chuir an teanga sin chun tosaigh an chéad lá riamh. Ní ceart go mbeadh aon dul amú orainn sa chomhthéacs sin. A thúisce agus go bhfeicfidh daoine go bhfuil buntáistí ag baint leis an nGaeilge, bogfaidh siad i dtreo na teanga. Cuirfidh siad a gcuid gasúir ag na Gaelscoileanna, mar atá go leor daoine ag déanamh faoi láthair. Dé réir mar a tharlaíonn na rudaí seo, méadóidh an t-éileamh ar an bhfostaíocht. Sa chás sin, bheadh an rud ag dul ar aghaidh go láidir seachas bheith ag dul ar chúl.

Thar aon rud eile i láthair na huaire, creidim gur cheart dúinn leagan síos i dtaobh jabanna áirithe - an mhúinteoireacht, mar shampla - cén caighdeán a chaithfidh a bheith ag daoine chun riachtanais na jabanna seo a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, caithfimid bolscaireacht a thabhairt do dhaoine óga agus iad ag déanamh roghanna sna scoileanna céard a dhéanfaidh siad tar éis na scoile. Ba cheart dúinn béim a chur ar na buntáistí móra atá i gceist le bheith dátheangach. Mar shampla, osclaíonn an dátheangachas deiseanna fostaíochta sa Stát nach bhfuil ar fáil don dream atá aonteangach. Ina theannta sin, is buntáiste é don dream atá ag iarraidh dul go dtí an Bhruiséil bheith trítheangach, ceithretheangach nó cúigtheangach. Ba cheart dúinn tuilleadh bolscaireachta a thabhairt nuair atá na seirbhísí seo ar fáil.

D'fhéadfainn go leor eile a rá ar an ábhar seo, ach níl ach nóiméad fágtha agam. Caithfimid cur ina luí ar dhaoine nár cheart smaoineamh ar dhuine gan Gaeilge a chur siar go Gaeltacht Cois Fharraige, mar a tharla i gcaitheamh an deireadh seachtaine nuair a d'iarr duine a bhí i mbun pobalbhreithe ar an bpobal cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge, ach cuireadh na ceisteanna i mBéarla amháin. Ní ceart go nglacfadh RTÉ nó TG4 le sin. Ba cheart go mbeadh sé mar chaighdeán ag Red C, nó aon chomhlacht atá ag cur fostaí go dtí an Ghaeltacht go sonrach, nach smaoineofaí ar dhuine gan an teanga phobail a chur i láthair. Sa chás seo, bhí suirbhé á dhéanamh ar bhosca amháin Gaeltachta. Má dhéanaimid na rudaí sin ar fad, tiocfaidh forbairt agus fás ollmhór ar fhostaíocht na Gaeilge. Má tharlaíonn sé sin, méadóidh an spéis sa Ghaeilge agus sroichfimid an pobal 250,000. Nuair a bheidh sé sin bainte amach, ní bheidh orainn bheith ag caint ar an nGaeilge riamh go deo istigh sa Teach seo. Fásfaidh sé ó shin. Nuair a shroichfear an 250,000 duine, beidh pobal inmharthana againn agus mairfidh an Ghaeilge ós rud é go mbeidh an pobal sách foirfe chun é féin a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.