Dáil debates

Tuesday, 28 May 2019

Deiseanna Fostaíochta in Earnáil na Gaeilge: Ráitis

 

6:35 pm

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá brón orm nach raibh mé ann níos luaithe. Cheap mé go raibh an díospóireacht seo ann ar ball. Fáiltím roimh an seans ráiteas agus plé a dhéanamh ar an ábhar seo. Bhí mé ag éisteacht leis an Teachta Ó Snodaigh agus an Teachta Connolly agus aontaím go mór leis an méid a bhí le rá acu faoi chúrsaí sna meáin chumarsáide agus faoi chúrsaí in RTÉ ach go háirithe. D'aithin an Coimisinéir Teanga an fhadhb atá ann ach níl éinne ag déanamh aon rud faoi. Agus coimisinéir ann a bhfuil cumhachtaí aige, tá sé tábhachtach go ndéanfaimis rudaí nuair a léiríonn sé go bhfuil fadhb ann maidir le húsáid na Gaeilge ar na stáisiúin teilifíse agus raidió is mó sa tír. Mar a dúirt an tAire Stáit ag an Nollaig agus é ag ceannach madra, ní don Nollaig amháin madra. Ní do TG4 agus do Raidió na Gaeltachta amháin cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Sin a cheapann RTÉ ag an nóiméad seo. Tá an smaoineamh sin ag déanamh dochair do na deiseanna atá ann le haghaidh fostaíochta in earnáil na teanga Gaeilge.

Tá mórán suime ann i gcúrsaí Gaeilge nach raibh ann cheana. Feictear é sin sa tsuim atá ag daoine i nGaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus na meánscoile agus sa tsuim atá ag daoine sa Ghaeilge ag an tríú agus an cheathrú leibhéal. Beidh mórán deiseanna ag teacht suas agus athruithe á ndéanamh don derogation maidir le cúrsaí Gaeilge san Eoraip. Beidh deiseanna ann d'aistritheoirí agus do dhaoine gur mian leo Gaeilge a úsáid chun obair san Eoraip. Beidh obair le fáil le comhlachtaí a bhfuil suim acu i gcúrsaí Eorpacha nó a bhfuil baint acu leo.

Braitheann sé sin ar a lán rudaí, go háirithe ar na cúrsaí réigiúnacha atá á bplé againn. Rinne an coiste a bhfuil mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Cuív agus an Teachta Ó Snodaigh, baill dó agus a bhfuil Teachta Connolly mar Chathaoirleach air tuarascáil iontach faoi eacnamaíocht na Gaeltachta. Bhí maidin iontach agus suimiúil againn i gCeathrú Thaidhg cúpla mí ó shin. Phléigh muid na deiseanna atá ann le daoine Gaeltachta. Bhí siad ag rá go raibh a lán deiseanna agus a lán suime ann. Bhí suim ann i ndeiseanna oideachais, go háirithe le haghaidh daoine fásta a bhfuil suim acu Gaeilge níos fearr a bheith acu nó Gaeilge a fhoghlaim. Ba chóir go mbeidh airgead ann chun dul go dtí an Ghaeltacht agus am a chaitheamh ann fiú taobh amuigh de chúrsaí samhraidh sa gheimhreadh nó sna hamanna ciúine. Dá mbeadh seans agus cuidiú ag daoine é sin a dhéanamh, bheadh deis ann sna Gaeltachtaí scoileanna i gcomhair na gcúrsaí sin a bhunú.

Maidir le cúrsaí údaráis, tá Gteic iontach. Tugann sé deiseanna do na ceantair Ghaeltachta nach raibh ann cheana. Tá daoine ann a bhfuil suim acu dul abhaile chuig na ceantair Ghaeltachta agus leanúint ag obair le haghaidh comhlachtaí atá lonnaithe, mar shampla, anseo i mBaile Átha Cliath. Dá mbeadh leathanbhanda i bhfad níos fearr ná mar atá sé, bheadh na deiseanna sin ann. Thiocfadh deiseanna fostaíochta agus deiseanna don Ghaeilge as freisin. Tá a fhios agam go bhfuil an plean leathanbhanda ar siúl ach is díospóireacht eile é sin. Dá mbrúfadh an tAire Stáit chun go mbeidh na ceantair Ghaeltachta ag tús an queue chun leathanbhanda iontach a fháil as an scéim seo, cibé comhlacht a fheidhmeoidh é, thiocfadh a lán deiseanna as sin.

Tá a lán rudaí eile ann ach caithfidh an tAire Stáit rud éigin a dhéanamh maidir le cúrsaí údaráis. Tá a fhios agam go ndeireann an tAire Stáit go bhfuil airgead breise ag dul chuige gach lá a phléann muid an t-údarás. Tá, ach tá sé an-bheag.

Más rogha é an Údarás go mbeadh an seans agus an t-airgead acu is atá ag LEADER, nach bhfuil á chaitheamh acu - beidh i bhfad níos mó deiseanna sna ceantair Gaeltachta. Is fiú don Aire fadhb an underspend atá le cúrsaí LEADER a phlé leis an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Teachta Ring. An bhfuilimid chun dul go dtí deireadh an chláir LEADER seo le underspend nuair atá an tÚdarás ag iarradh airgead a chaitheamh? Tá a lán suim agus ideas ag daoine ach níl airgead ag an Údarás chun caitheamh orthu. Caithfear comhoibriú leis an Aire Forbartha, Tuaithe agus Pobail chun an t-airgead nach bhfuil sé á chaitheamh, a chaitheamh ar chúrsaí agus deiseanna Gaeilge i ngach chuid den tír, ach go háirithe sna ceantair Gaeilge.

Tá béim agus suim in oideachas na Gaeilge ann, ach cad atá muid ag déanamh chun an suim seo a choimeád? Nuair a fhágann daoine an bhunscoil chun dul go dtí an meánscoil, níl an Rialtas ag tabhairt deiseanna do na meánscoileanna, agus tá sé sin léirithe sa bpobalbhreith LAG sin. Bhí rudaí maithe ann freisin, áfach. Tá suim ag meánscoileanna sa Ghaeilge agus caithfidh an tAire Stáit a bheith i bhfad níos láidre, mar Aire atá freagrach as na Gaeltachtaí, ag cur brú ar an Aire Oideachais agus Scileanna chun patronage a thabhairt do na gaelscoileanna sin. Sa tslí sin, tar éis na hArdteiste beidh suim ag daoine dul ar aghaidh chun Gaeilge a úsáid agus poist a fháil a bhaineann leis an nGaeilge. Tá an taithí bunscoile agus meánscoile sin acu, agus ba cheart go mbainfeadh siad úsáid as agus go ndéanfadh siad iarracht Gaeilge a bheith mar phríomh-theanga sa tír. Beidh daoine ann le Gaeilge mar phríomh-theanga agus deiseanna gnó agus deiseanna airgid acu. Tuigeann gach gnó cúrsaí airgid. Má úsáideann daoine Gaeilge, beidh gnóthaí ag déanamh deiseanna le haghaidh sin, ach caithfidh an tAire Stáit brú a chur ar an Aire Oideachais agus Scileanna chun é sin a thuiscint agus na deiseanna sin a thabhairt do dhaoine a bheidh ag fáil oideachas trí chúrsaí Gaeilge.

Tá plé déanta againn freisin faoi chúrsaí réigiúnacha, mar chúrsaí bóithre agus cúrsaí eile atá muid ag plé agus ag troid mar gheall orthu le na míonna sna toghcháin áitiúla. Is as Gaeltacht é an tAire Stáit, mar sin tuigeann sé an brú atá sna cúrsaí Gaeilge ag na nóiméad seo. Mar Aire a bhfuil freagrach as an nGaeltacht, caithfidh sé brú a chur ar an Aire Iompar, Turasóireachta agus Spóirt. Ní cheapaim go bhfuil aon suim ag an Aire sin i gcúrsaí iompair. Ceapaim nach dtuigeann sé go bhfuil Gaeltachtaí ann ach an oiread. Maidir le Slí an Atlantaigh Fhiáin, tá i bhfad níos mó daoine ag baint úsáid as bóithre agus rudaí eile sna ceantair Gaeilge, ach níl aon airgead breise tugtha do chomhairlí chontaetha Mhaigh Eo, Gaillimh, nó an Chláir chun airgead a chaitheamh mar gheall go bhfuil na deiseanna sin ann. Níl aon airgead breise á caitheamh ar na bóithre nó ar rudaí chun cuidiú le daoine atá ag taisteal chun úsáid a bhaint as an gceantar seo. Má chaitear an t-airgead sin, agus má oibríonn an tAire Stáit leis an Aire Iompar, Turasóireachta agus Spóirt agus leis an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, beidh deiseanna fostaíochta ann, chomh maith le deiseanna do dhaoine gnóthaí a bhunú a bhaineann úsáid as an teanga.

I ngach díospóireacht sa Teach seo, cibé ábhar atá i gceist, bíonn sé soiléir go bhfuil silo i ngach Roinn agus nach n-oibríonn na ranna le chéile. Chun na cúrsaí agus na deiseanna seo ó thaobh fostaíocht i gcúrsaí Gaeilge a bhaint amach, caithfidh an tAire Stáit, mar Aire atá freagrach as an nGaeltacht, obriú le gach Aire, an tAire Oideachais agus Scileanna agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara ina measc, agus plean a chur le chéile. Ní chaithfidh Aire gach Roinn oibriú go neamhspleách. Caithfidh gach Aire oibriú le chéile agus saghas action plan a chruthú, má tá siad sásta teideal a chur air. Caithfidh an plean seo oibriú, agus gan spin amháin a bheith i gceist leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.