Dáil debates

Tuesday, 28 May 2019

Deiseanna Fostaíochta in Earnáil na Gaeilge: Ráitis

 

6:25 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus leis an Aire Stáit.

Cuirim fáilte roimh an deis labhairt faoin ábhar seo. Ní raibh mé réitithe mar gur cheap mé go mbeadh an díospóireacht ar siúl beagáinín níos déanaí agus, dá réir, bhí mé i mbun agallaimh a réiteach, ach leanfaidh mé ar aghaidh ar aon nós.

Ní mór dom a aithint go bhfuil dul chun cinn déanta san earnáil seo le blianta anuas agus go bhfuil réimse níos fairsinge fostaíochta ar fáil do Ghaeilgeoirí a bhfuil spéis acu dul i mbun oibre san earnáil. Tá na poist seo thar a bheith tábhachtach, ní amháin do na daoine atá ag obair iontu ach chun a thaispeáint do dhaoine óga gur féidir leo slí bheatha a bhaint amach trí Ghaeilge. Ar ndóigh, spreagann na poist seo mic léinn atá ag tosú ar an tríú leibhéal chun machnamh a dhéanamh ar ghairm bheatha le Gaeilge a roghnú dóibh féin don todhchaí. Cuimsíonn na poist in earnáil na Gaeilge an córas oideachais, na meáin chumarsáide, an earnáil phoiblí agus réimsí éagsúla na n-ealaín. Chomh maith leis sin, táimid ag súil agus tá an tAire Stáit ar an eolas go mbeidh cuspóir faoi leith ann go mbeidh 20% de líon na n-oibrithe nua sa Státseirbhís Iíofa sa Ghaeilge sa Bhille nua na dTeangacha Oifigiúla nuair a fhoilseofar é go luath, is dócha roimh dheireadh an tseisiúin seo, agus go mbeidh spriocdháta sásúil i gceist chun an Iíon fostaithe sin a bhaint amach.

Faraor géar, in ainneoin an dul chun cinn, tá laigí móra agus easnaimh le haithint fós san earnáil, go háirithe sna meáin chumarsáide. Mar shampla, Iéiríonn an tuarascáil is déanaí ón gCoimisinéir Teanga cé chomh dofheicthe agus atá an Ghaeilge ar an stáisiún náisiúnta. Go sonrach, Iuaitear sa tuarascáil:

Níl sna cláir Ghaeilge a chraolann RTÉ ach níos lú ná 1% de na cláir theilifíse a chraolann sé trí chéile. Is é sin in ainneoin dualgas a bheith ar an gcraoItóir náisiúnta réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil sa teanga sin.

In ainneoin na ndualgas dlíthiúil sin atá ar RTÉ, tá teipthe go huile is go hiomlán ar an stáisiún an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá an teip seo chomh dáiríre sin gur thug an Coimisinéir Teanga sé mhí do RTÉ chun plean feidhmithe a réiteach. Tá na sé mhí sin beagnach thart. Tá sé dona go leor nach bhfuil an Ghaeilge fheiceálach ar RTÉ, ár bpríomhchraoltóir, ach chomh maith leis sin, tá an teachtaireacht iomlán mhícheart á cur amach ó thaobh fostaíochta de ag RTÉ chuig pobal na Gaeilge. Cén chaoi is féidir oibrithe le Gaeilge a mhealladh i dtreo slí bheatha le RTÉ agus an cur i gcéill seo i gceist?

Cinnte, caithfear aghaidh a thabhairt ar an sárú dlí seo chun a chinntiú go mbeidh áit lárnach ag an nGaeilge ar an stáisiún teilifíse náisiúnta agus chun Gaeilgeoirí óga a mhealladh chuig na meáin chumarsáide Ghaeilge. Sa chomhthéacs sin, beidh tábhacht faoi leith ag baint leis an bplean feidhmithe a bhfuil an coimisinéir ag fanacht air. Mar a dúirt mé roimhe seo, tá na sé mhí a thug an coimisinéir do RTÉ beagnach thart.

Táimid, mar an Comhchoiste Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán san Oireachtas, ar tí tuarascáil a fhoilsiú a bhaineann leis an ábhar seo agus leis na dúshláin a bhaineann le craoltóireacht na Gaeilge. Luaim go sonrach an taighde a rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Coláiste Mhuire gan Smál in Ollscoil Luimnigh.

6 o’clock

I gcoitinne, bhí an bheirt taighdeoir go láidir den tuairim gur ról siombalach atá ag an nGaeilge sa chraoltóireacht agus nach bhfuil an teanga á cothú mar theanga bheo san earnáil seo. Sin an taighde neamhspleách ó Dr. John Walsh agus Dr. Rosemary Day. Taispeánann an taighde go raibh ceithre stáisiún tráchtála ann nár chraol aon ábhar Gaeilge agus ceithre stáisiún eile nach raibh ag craoladh ach míreanna gearra sa teanga. Go ginearálta, léiríonn a gcuid taighde ar úsáid na Gaeilge ar an raidió go gcraoltar 3.5 uair de Ghaeilge ag an meán ar stáisiúin raidió i gcoitinne agus go gcraoltar na huaireanta seo ag amanna lasmuigh de na buaicamanna, cuid acu i lár na hoíche. Is fiú don Aire Stáit agus don Roinn an taighde sin a léamh.

Ní luann siad an taighde sin ná an Bille atá geallta. Is easnamh mór é sin. Cuirim fáilte roimh an rud a thug an tAire Stáit dúinn ach tá sé suntasach nach bhfuil an Bille luaite ann. Sa Bhille sin níl muid ag caint ach faoi bhunchearta leithéidí an ceart ár gcuid ainmneacha agus síntí fada a úsáid. Is bunchearta iad sin. Ní luann an tAire Stáit an tuarascáil ón gCoimisinéir Teanga. Ní mór dó beart a dhéanamh de réir briathar agus Bille na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú gan tuilleadh moille. Tugadh gealltanas dúinn go mbeadh sé foilsithe anuraidh, roimh an samhradh agus ansin roimh an Nollaig, ach níor foilsíodh é. Ansin tháinig an tAire Stáit ar ais agus thug sé an Bhreatimeacht mar leithscéal. Thuig mé é sin. Cuireadh ar an méar fhada arís é. Le déanaí deimhníodh go raibh sé ar an gclár oibre don seisiún seo ach fós níl tásc ná tuairisc ar an mBille. An féidir leis an Aire Stáit a rá anocht an dáta a bhfoilseofar an Bille?

Chomh maith leis sin, mar Chathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, bhí de phribhléid agam agus ag baill den choiste taistil ar fud na tíre ó Ghaeltacht go Gaeltacht. Tháinig na téamaí ceannann céanna suas arís agus arís. Tá obair na gcapall á déanamh ag na coistí deonacha ar an talamh ar bhuiséid shrianta. Tá sé sin ar eolas ag an Aire Stáit. Tá obair na gcapall á déanamh ag na comharchumainn ar airgead srianta freisin. Má tá an Rialtas i ndáiríre faoi earnáil na Gaeilge, ní mór dúinn airgead cuí a chur ar fáil do na coistí deonacha agus do na comharchumainn ar an talamh ionas go mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh leis an obair atá á déanamh acu. Sin mo chéad phointe.

Is é mo dhara phointe ná, má tá muid i ndáiríre faoi earnáil na Gaeilge, ní mór don Rialtas an ghéarchéim a aithint. Tá géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge in ainneoin an dul chun cinn atá déanta. Tá géarchéim sna Gaeltachtaí. Tá a fhios againn é sin. Tá laghdú suntasach ar líon na gcainteoirí Gaeilge. Tá sé sin soiléir ón taighde atá déanta ag lucht acadúla ar easpa Gaeilge ar na meáin chumarsáide agus ar dul siar na Gaeilge. Ní mór dúinn é sin a aithint. Ní féidir dul i ngleic le fadhb gan an fhadhb a aithint i dtús báire agus ansin plean a réiteach agus acmhainní cuí a chur ar fáil. Tá ardmholadh tuillte ag cosmhuintir na Gaeltachta agus ag na daoine ar an talamh ar fud na tíre atá i mbun oibre leanúnach ó thaobh na Gaeilge de, ach tá gá le plean cuimsitheach ón Rialtas. Tá an straitéis 20 bliain agus an plean gníomhaíochta againn, ach in ainneoin sin, tá géarchéim fós againn.

Mar a dúirt mé, fáiltím roimh an deis chúpla focal a rá sa Dáil ar an ábhar seo, ach ní mór dúinn, mar Dháil, agus don Rialtas beart a dhéanamh de réir briathar agus a chur in iúl go bhfuil muid i ndáiríre fostaíocht a chothú sna Gaeltachtaí toisc go bhfuil fostaíocht agus an Ghaeilge fite fuaite le chéile. Gan é sin agus an ghéarchéim a aithint, beimid anseo arís i gceann cúpla mí ag rá an rud ceannann céanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.