Dáil debates

Tuesday, 28 May 2019

Deiseanna Fostaíochta in Earnáil na Gaeilge: Ráitis

 

6:15 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé tábhachtach go bhfuilimid ag déanamh díriú isteach ar an gceist seo maidir le postanna i nGaeilge nó in earnáil na Gaeilge. Ní thaitníonn an téarma "earnáil na Gaeilge" liom mar an rud atá i gceist ansin ná go bhfuil sí beagáinín scartha amach ó gach rud eile. An meon atá agamsa ná gur cóir go mbeadh an Ghaeilge fite fuaite i ngach uile gné den saol agus má táimid ag rá go bhfuil sí scartha amach ó shin agus go bhfuil sí eisceachtúil, fanann sí eisceachtúil. Tuigim cad atá i gceist agus tuigim an ról atá ann agus an gá le postanna a chothú in earnáil na Gaeilge ach díreach ansin go bhfuilimid ag díriú ar phostanna do Ghaeilgeoirí sa Ghaeltacht atá díreach bainteach leis an nGaeilge. Tuigim sin agus caithfimid díriú ar sin chomh maith céanna.

Tá tuarascáil ann agus tá a fhios agam go rinneadh plé ar an tuarascáil a rinne An Chomhairle um Thaighde in Éirinn a d'fhoilsigh an Seanadóir Ó Céidigh. Léiríonn sí sin cuibheasach simplí i slí amháin ach tá sé scanrúil, próifíl socheacnamaíocha de seacht gceantair Gaeltachta in Éirinn. Foilsíodh sí sin anuraidh, bunaithe ar an méid a bhí sa daonáireamh ar aon chaoi ach tá sí leagtha amach os ár comhair gur féidir í a léamh cuibheasach éasca agus gur gá díriú ar na Gaeltachtaí maidir le a lán ceisteanna socheacnamaíocha ach go háirithe. Muna dhéanfaimid siúd atá sa Ghaeltacht a mhealladh fanacht ann, muna dhéanfaimid postanna a mhealladh isteach sa Ghaeltacht, tá fadhb anuas ar an méid atá ann ó thaobh an Ghaeilge féin de. Tacaím leis sin.

Tacaím chomh maith leis an méid atá déanta thar na blianta maidir le postanna a chruthú ann agus tá roinnt postanna lonnaithe sa Ghaeltacht timpeall na meáin Ghaeilge agus tá sé sin go maith mar is sin an áit atá an bun stór den Ghaeilge, nó an tobar. Tá tar éis éirí go hiontach le Raidió na Gaeltachta agus le TG4 sa mhéid sin agus postanna a chothú agus Gaeilgeoirí a chabhrú oiliúint a fháil ar na scileanna ar gá dóibh a bheith acu chun a bheith i mbarr a réime sna meáin cumarsáide i nGaeilge ach i mBéarla chomh maith. Ní gá ach féachaint orthu siúd atá tar éis seasamh suas a dhéanamh agus go bhfuil i mbarr a réime ó thaobh an Gaeilge agus an Béarla de sna meáin anseo, in RTÉ ach go háirithe.

Sé sin ráite, ní gá ach féachaint ar an tuarascáil ón gCoimisinéir Teanga a foilsíodh le gairid. Bhí sé os comhair an choiste linn an tseachtain seo chaite ag labhairt linn faoin tuarascáil sin agus bhí seisean ag díriú isteach sa tuarascáil ar an bhfadhb agus ar an slí atá RTÉ tar éis caitheamh leis an teanga agus go bhfuil sé ag tromaíocht ar an nGaeilge toisc nach bhfuil sé ag cur cláir ar fáil agus dá mbeadh sé ag cur cláir ar fáil, dar ndóigh bheadh postanna breise ann. Sin ceist simplí. Tá agus bhí smacht ag an Stát ar an ról gur chóir go mbeadh ag Raidió na Gaeltachta so ba chóir go mbeadh muid istigh anseo ag impí ar an Aire níos mó craolacháin a dhéanamh agus dul in a luí ar bhord RTÉ i bhfad éirim níos mó a dhéanamh agus cloí leis an dualgas bunreachtúil agus an dualgas poiblí atá aige, mar atá leagtha síos sa tuarascáil ón gCoimisinéir Teanga.

Tá an méid a dúirt an coimisinéir díreach inniu spéisiúil mar bhí sé ag labhairt ar an bpobalbhreith iarvótála a bhí ag RTÉ agus TG4, áit a gcreideann daoine gurb iad na beartais is tábhachtaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge ná tacú leis an nGaeloideachas, leis an nGaeltacht agus le cláir theilifíse Ghaeilge. Dúirt sé gur léirigh an phobalbhreith seo an athuair an tacaíocht i measc an phobail do chearta teanga, an tábhacht atá le cearta teanga i gcúrsaí oideachais agus craolacháin agus gur léirigh na torthaí cé chomh tábhachtach is atá sé go gcomhlíonfadh RTÉ a dhualgas reachtúil maidir leis an soláthar réimse cuimsitheach de chláir Ghaeilge.

Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí uaidh an coimisinéir, dúirt sé go raibh 99.3% de chláir de sceideal teilifíse RTÉ i mBéarla amháin. Is scannal é sin nuair atá teanga náisiúnta againn de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil stádas comhchéime aige sa Bhunreacht agus tá an éagóir sin á déanamh ag RTÉ ar an nGaeilge. Láithreach bonn, dá mbeadh an Ghaeilge fite fuaite i ngach rud a bhí an craoltóir náisiúnta á dhéanamh, bheadh i bhfad Éireann níos mó post cruthaithe ansin agus san earnáil Ghaeilge, dá réir.

Aontaím leis an Aire Stáit sa mhéid a bhaineann leis an bpleanáil teanga maidir le húsáid na Gaeltachta. Bhí an tAire Stáit ag labhairt ag coiste roimhe seo maidir le bailte seirbhíse, go mbeidh poist ag teacht toisc go bhfuilimid ag bogadh isteach i bpleanáil teanga, an teanga agus an Ghaeltacht a tharrtháil, agus go dtiocfadh poist as sin le linn dúinn seirbhísiú á dhéanamh ar an nGaeilge mar theanga, ar an gcomhphobal agus ar an gceantar Gaeltachta mar aon. Ní leor díriú isteach ar an nGaeilge. Ní dhéanfaidh an Ghaeilge an ceantar Gaeltachta a shlánú ann féin. Tá i bhfad Éireann níos mó le déanamh. Is teanga labhartha agus beo í, agus mura bhfuil obair sna ceantair seo, tarlóidh mar a tharla roimhe seo. Imeoidh daoine ar imirce agus beidh bánú sna ceantair sin. Caithfear infheistíocht a dhéanamh. Má táimid ag iarraidh an infheistíocht sin a dhéanamh, is féidir linn díriú isteach ar phoist ar féidir a dhéanamh sna ceantair sin ionas nach gá do dhaoine bogadh go dtí an chathair.

Impím ar an Aire Stáit arís cinneadh ceart tapa a dhéanamh maidir leis an leathanbhanda. Ní gá é a chur ar cháblaí ná ar a leithéid ach go mbeidh sé ar fáil i gceantair Ghaeltachta d'fhonn gur féidir le gnáthphobal na gceantar sin obair remote working, mar a ghlaoitear ar i mBéarla, a dhéanamh ansin cé go bhfuil an obair, i ndáiríre, i mBaile Átha Cliath. Is féidir obair aistriúcháin a bheith á déanamh acu nó iad a bheith ina rúnaí ar oifig atá i mBaile Átha Cliath nó ar rannóg Stáit nó dá leithéid. Is féidir leis sin a tharlú an-tapa. Leis sin, coimeádtar an pobal agus an chlann sna ceantair Ghaeltachta agus cuirtear leis an nGaelscolaíocht sna ceantair sin.

Is ceist mhór eile í an Ghaelscolaíocht. Tá den tuairim, agus bhí mé i gcónaí, gur cóir go mbeadh athrú poirt ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis an nGaeloideachas agus gur cóir go mbeadh sí ag dul amach ag cothú éilimh toisc gur teanga náisiúnta í an Ghaeilge, seachas a bheith ag fanacht ar an éileamh agus ag déileáil leis ansin. Ní dhearna an Roinn an dara rud, is é sin níor dhéileáil sí nó níor chaith an Roinn go maith leis an éileamh sin. Ní fheicim go dtarlóidh sé sin anois. Táim ag impí ar an Aire Stáit, más féidir in aon chor, déileáil leis na héilimh, agus má tá éileamh ann do Ghaelscoil nua, go mbeadh tús áite ag an éileamh sin, toisc go bhfuil sé ag cosaint cultúr na hÉireann, seachas a bheith ag díriú isteach ar scoil Bhéarla a chothú. In aon cheantar a bhfuil scoil Bhéarla ag teacht chun cinn, tá éileamh ann do scoil lán-Ghaeilge.

Tá sé feicthe agam timpeall na tíre thar na blianta go bhfuil éacht á dhéanamh sa Ghaelscolaíocht agus ag na múinteoirí atá ann nuair atá na cáilíochtaí teanga acu agus na nithe eile. Fiú amháin, seachas é sin, tagann páistí amach as na scoileanna sin go minic le caighdeán níos fearr ná roinnt de na scoileanna atá in aice leo. Impím ar an Air Stáit dul sa treo sin agus iarraidh ar an Roinn Oideachais agus Scileanna cuidiú le tuismitheoirí agus le pobal an t-éileamh sin a chur le chéile i gceart, de réir rialacha na Roinne, mar go bhfuil dualgas breise ar an Roinn é sin a chothú. Mura dtarlaíonn é sin, beidh sé deacair orainn amach anseo. Má tá Gaeilge ag daoine, beidh sí á húsáid, agus má tá sí á húsáid, beidh lucht gnó agus Stáit ag féachaint uirthi agus ag cothú post a mbeidh bunaithe air sin chomh maith. Is é sin an todhchaí atá ann agus tá deis againn anois má táimid dáiríre faoin nGaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.