Dáil debates

Tuesday, 28 May 2019

Deiseanna Fostaíochta in Earnáil na Gaeilge: Ráitis

 

6:05 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an deis seo deiseanna fostaíochta in earnáil na Gaeilge a phlé inniu. Is í Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 polasaí an Stáit i leith na Gaeilge agus is ionann an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge agus mapa bóthair ina ndéantar rianú beacht ann faoin méid a dhéanfar go ceann cúig bliana chun cúram a dhéanamh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do chur i bhfeidhm na straitéise dá réir.

Ag croílár na n-iarrachtaí seo ar fad ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta, tá an próiseas pleanála teanga, a bhfuil feidhm reachtúil aige faoi Acht na Gaeltachta 2012. Faoin bpróiseas, atá faoi lán seoil ó 2014, tá an deis á thabhairt do phobal na Gaeltachta, do phobail i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus i líonraí Gaeilge, chun a bheith rannpháirteach in ullmhú agus i bhfeidhmiú pleananna ar bhonn áitiúil le cúnamh leanúnach an Stáit. Ní hamháin go bhfuil an próiseas seo ag dul ag giniúint tairbhe shuntasach don Ghaeilge sna ceantair lena mbaineann sé, ach cruthófar deiseanna breise fostaíochta in earnáil na Gaeilge chomh maith.

Cuimhnímis go bhfuil sé bhfuil sé i gceist go mbeidh oifigeach pleanála teanga, agus oifigeach cúnta pleanála teanga i gcásanna áirithe, le bheith fostaithe go háitiúil i ngach aon cheann den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta atá luaite faoin bpróiseas. Nuair atá feidhmiú pleananna ar bun sna ceantair Ghaeltachta, sna bailte seirbhíse agus sna líonraí Gaeilge, d'fhéadfadh suas le 50 duine a bheith fostaithe go lán-aimseartha faoin bpróiseas agus iad ag obair as lámh a chéile faoi stiúir ceanneagraíochtaí pleanála teanga áitiúla, ag cabhrú le feidhmiú pleananna teanga faoin bpróiseas. Díol suntais agus dóchais é go deimhin, go bhfuil 14 oifigeach i mbun na hoibre seo faoi láthair faoin bpróiseas agus go bhfuil an líon daoine sin ag fás diaidh ar ndiaidh de réir mar a cheadaítear pleananna.

Agus an t-ábhar maidir le deiseanna fostaíochta in earnáil na Gaeilge á phlé, ní miste a chur sa gcomhaireamh chomh maith, na deiseanna fostaíochta atá á gcur ar fáil in earnáil na Gaeilge de thoradh infheistíocht leanúnach an Stáit. Ag croílár an scéil seo tá an clár tacaíochtaí pobail agus teanga. Faoin gclár seo, cuirtear cúnamh reatha ar fáil chun cabhrú le feidhmiú roinnt scéimeanna faoi leith. De thoradh scéim na foghlaimeoirí Gaeilge, cuir i gcás, cabhraítear le deiseanna fostaíochta ar bhonn pháirtaimseartha a chur ar fáil do suas le 700 ban tí agus os cionn 1,000 múinteoirí agus cinnirí. De thoradh scéim na gcúntóirí teanga, tá breis agus 100 duine fostaithe mar chúntóirí teanga i scoileanna Gaeltachta atá aitheanta faoin scéim. In éindí leis an dá scéim sin, cuirtear cúnamh reatha ar fáil faoin gclár tacaíochtaí pobail agus teanga do raon leathan eagraíochtaí atá ag feidhmiú ar leas na Gaeilge sa Ghaeltacht ar bhonn leanúnach.

Is gá na heagraíochtaí eile Gaeltachta, atá ag cothú fostaíochta in earnáil na Gaeilge de thoradh chúnamh leanúnach mo Roinne agus Údarás na Gaeltachta, a lua chomh maith. Tá leithéidí Comhar Naíonraí na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne i mbun oibre go leanúnach agus iad ag plé le tacaíochtaí éagsúla a chur ar fáil ar leas an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Agus muid ag caint ar chúrsaí fostaíochta in earnáil na Gaeilge, is gá an tábhacht atá ag baint leis na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe Gaeltachta a chur san áireamh. De thoradh chúnamh an Státchiste a chuirtear ar fáil tríd an údarás, tá fostaíocht curtha ar fáil do bhreis agus 80 duine faoi scáth na gcomharchumann Gaeltachta. De thoradh cur chuige nuálach an údaráis mar a bhaineann sé le g-teic, cuirfear tuilleadh leis an infreastruchtúr nua-aoiseach atá ar fáil sa Ghaeltacht, a chothóidh deiseanna breise do dhaoine feidhmiú in earnáil na Gaeilge agus in earnálacha eile ach a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht.

Agus muid ag caint ar an údarás, is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an eagraíocht 589 post a chruthú in 2018 agus go raibh 122 duine breise fostaithe i gcuideachtaí an údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2018 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Bhí 7,625 post i gcliantchuideachtaí an udaráis ag deireadh na bliana sin.

Mar is eol don Teach, tá oifigigh mo Roinne ag obair in éineacht le hOifig an Ard-Aighne faoi láthair ar mhaithe leis an Bille teanga nua a dhréachtú. Beidh an Bhille ag iarraidh dul i ngleic le dá mhórcheist na scéimeanna teanga agus an earcaíocht sa tSeirbhís Phoiblí. Tá sé i gceist córas na gcaighdeán a thabhairt isteach in áit na scéimeanna teanga.

Má tá an chórais seo chun a bheith éifeachtach, beidh orainn díriú isteach ar chúrsaí earcaíochta.

Is é ceann de na príomhfhadhbanna a chuireann bac ar sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge ná nach bhfuil na daoine leis na scileanna cuí fostaithe sna hoifigí cuí. Má tá muid chun feabhas a chur air seo, caithfidh an Stáit líon na bhfostaithe Stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta. Chuige sin, beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Is deis iontach é seo dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu, ach is dúshlán an-mhór é dúinne teacht ar na daoine seo agus iad a threorú agus a spreagadh i dtreo saol ghairmiúil sa tseirbhís phoiblí. Mar chuid den obair seo, tá plé leanúnach ag dul ar aghaidh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, PAS.

Is é an dúshlán is mó a bheidh againn ná líon leordhóthanach daoine a fháil le cur isteach ar na comórtais seo sa gcéad áit, agus go mbeidh na scileanna agus na hinniúlachtaí cuí acu le teacht tríd an gcóras earcaíochta. Beidh ról lárnach againn ar fad anseo, chun an scéal a scaipeadh go bhfuil agus go mbeidh deiseanna ar fáil do Ghaeilgeoirí, agus gur fiú go mór do dhaoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu cur isteach ar na comórtais seo.

Ó thaobh na hEorpa de, bronnadh stádas iomlán mar theanga oifigiúil agus oibre ar an nGaeilge san AE ón 1 Eanáir 2007. Mar aon le gach teanga, tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid i measc na nglúnta atá le teacht inár ndiaidh. Sa chomhthéacs seo, ba chinneadh ríthábhachtach don Ghaeilge é deireadh a chur leis an maolú i 2022. De bharr an chinnidh seo, tá deiseanna ar fáil do chainteoirí Gaeilge san Eoraip, áit a mbeidh fostaíocht d'ard-chaighdeán ar fáil dóibh.

Tá dúshlán roimh na hinstitiúidí ó thaobh an earcaíocht de, agus romhainn féin, le cinntiú go mbeidh líon leordhóthanach pearsanra le Gaeilge ar fáil chun na folúntais san Eoraip a líonadh. Tá obair shuntasach ar bun ag an Roinn chun céimithe cáilithe a chur ar fáil le freastal ar riachtanais earcaíochta an AE, áit a bhfuil thart ar 101 duine fostaithe anois sna hinstitiúidí agus iad ag plé le cúrsaí Gaeilge. Cuireann mo Roinn, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus leis an t-Údarás um Ard-Oideachas, maoiniú ar fáil do chúrsaí ábhartha tríú leibhéal, ar mhaithe le ráta ratha i gcomórtais earcaíochta an Aontas Eorpaigh a fheabhsú agus céimithe inniúla a sholáthar d'fhostaíocht sna hinstitiúidí Eorpacha.

Tagraím do deiseanna sa teicneolaíocht. Creidim go láidir go bhfuil féidearthachtaí móra ann chun cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge tríd an teicneolaíocht. Is cúis sásaimh agus dóchais é an chaoi go bhfuil an Ghaeilge le fáil go forleathan cheana ar na meáin dhigiteacha. Le teacht chun cinn na ré digití, tá tábhacht ar leith ag baint leis an teicneolaíocht i ngach gné den saol, ó thaobh cumarsáide de, i gcúrsaí oibre agus sa saol sóisialta. Tá athrú ag teacht ar an gcaoi ina bhfeidhmíonn daoine ina saol laethúil agus sa chaidreamh a bhíonn acu le daoine eile agus leis an domhan mórthimpeall orthu de bharr dhul chun cinn na teicneolaíochta. Tá na meáin shóisialta ag cruthú gréasáin nua, agus tá siad lárnach i saol an aosa óig inniu.

Tá ardáin éagsúla ilmheán forbartha ag RTÉ, TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá tábhacht ar leith le nuachtáin agus irisí Gaeilge, tá forbairtí móra déanta agus á ndéanamh ar chorpas na Gaeilge leis an bhfoclóir nua www.focloir.ie agus an suíomh www.tearma.ie. D'fhorbair Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, DCU, córais ríomhaistriúcháin don Ghaeilge agus tá an tionscadal taighde www.abair.ie i gColáiste na Tríonóide ag déanamh tuilleadh forbartha ar córas faoinar féidir téacs scríofa a aistriú go caint bheo i gcanúintí éagsúla. Níor samhlaíodh cuid mhaith de na forbairtí seo nuair a bhí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á cur le chéile, agus is cinnte go mbeidh tionchar ollmhór ag an teicneolaíocht ar chúrsaí teanga, agus ar an réimse fostaíochta a bheidh ar fáil, sna blianta amach romhainn.

Tá agus beidh tuilleadh deiseanna fostaíochta in earnáil na Gaeilge. Rinne mé ionad TechSpace Áras na nGael a sheoladh go hoifigiúil inné. Tá lán-muinín agam go mbeidh todhchaí geall ag na daoine óga atá anois ag tabhairt aghaidh ar na cúrsaí atá á chur ar fáil. Beidh deis acu scileanna nua a fhoghlaim agus iad a chur i bhfeidhm, beidh deis acu gréasáin nua a chothú agus beidh fostaíocht ar fáil dóibh, agus iad ag feidhmiú trí Ghaeilge.

Tá dúshlán le sárú ach is iontach na deiseanna taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht agus san Eoraip dóibh siúd le h-ardchumas scríofa agus labhartha sa Ghaeilge. Teastaíonn lucht labhartha Gaeilge i ngach earnáil oideachas agus leighis, san earnáil poiblí, sna meáin agus eile. Tá deiseanna ar fáil go díreach agus go h-indíreach agus caithfear na deiseanna seo a thapú. De thoradh infheistíocht leanúnach ón Státchiste, atá ag ardú de réir a chéile, is léir go bhfuil bonn láidir fís a leagtha síos atá ar leas cúrsaí fostaíochta in earnáil na Gaeilge. Caithfear a chinntiú go bhfuil an t-aos óg ach go háirithe ar an eolas faoi na féidearthachtaí fostaíochta atá ann agus tacú leo siúd na scileanna cuí a fhorbairt chun leas a bhaint as na deiseanna atá agus a bheidh ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.