Dáil debates

Tuesday, 28 May 2019

Deiseanna Fostaíochta in Earnáil na Gaeilge: Ráitis

 

7:05 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaím buíochas do na Teachtaí go léir as ucht a bheith páirteach sa díospóireacht seo. Aontaím leis an gcuid is mó de na smaointe a tháinig amach ón díospóireacht. Labhair an Teachta Ó Snodaigh faoin tuarascáil ón Seanadóir Pádraig Ó Céidigh ó thaobh fostaíochta. Tá an tÚdarás ag díriú ar chúrsaí fostaíochta sna ceantair seo. Cruthaíodh 122 post breise in 2018. Maidir leis an tuarascáil ón gCoimisinéir Teanga a luaigh an Teachta Calleary agus an Teachta Connolly, tuigim go bhfuil an coimisinéir ag fanacht ar phlean nó freagra ó RTÉ maidir leis an laghad Gaeilge a bhíonn ar a chuid stáisiún. Táimid ag súil leis sin a fheiceáil agus go dtagadh toradh dearfach amach as. Tá grúpcheannasaí Gaeilge nua ceaptha ag RTÉ agus tá súil agam go mbeidh sí ag breathnú ar na ceisteanna a d'ardaigh an coimisinéir. Níl a fhios agam an raibh deis aici fós cúrsaí a phlé leis an gcomhchoiste.

Labhair an Teachta Calleary faoi remote working freisin. Tá an ceart aige ó thaobh deiseanna fostaíochta le remote working. Tá an-dul chun cinn á dhéanamh. Luaigh an Teachta Calleary Gteic agus an obair atá an tÚdarás á déanamh agus na deiseanna atá sé ag cruthú. Tá a fhios againn go léir an plean atá ag an Rialtas ó thaobh leathanbhanda agus an costas de €3 billiún a ghabhann leis. Bíonn daoine ag tabhairt amach faoi. Nuair a bhí mise i gceannas air bhí daoine i gcuid de na cathracha agus na bailte móra ag tabhairt amach faoin gcostas agus ag rá nach bhfuil sé ag teastáil. Tá a fhios ag daoine faoin tuath go dteastaíonn leathanbhanda. Tá ar an Rialtas agus ar an Stát airgead a chaitheamh chun na seirbhísí seo a chur ar fáil.

Ó thaobh an Ghaeloideachais, tá éacht déanta ag an earnáil. Caithfimid oibriú leis an Roinn Oideachais agus Scileanna ar mhaithe le hoideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil. Tá an ceart ag an Teachta Connolly i leith daltaí scoile a spreagadh. Chuige sin, tá mo Roinn ag maoiniú seó bóthair le Conradh na Gaeilge le cúpla bliain anuas. Téann sé go scoileanna dara leibhéal agus coláiste samhraidh timpeall na tíre chun na scoláirí a chur ar an eolas faoi na deiseanna a bhaineann leis an teanga.

Maidir le craoltóireacht trí Ghaeilge, tá mo Roinn ag maoiniú Raidió Rí-Rá le deich mbliana anuas. Tá dúshlán ann cinnte ach tá sé seo ardaithe ag an gCoimisinéir Teanga. Ó thaobh an Achta teanga, tá oifigí mo Roinne fós ag obair ar an mBille sin. Tá dul chun cinn suntasach air. Tá an plean gníomhaíochta a seoladh anuraidh ag tabhairt clár oibre dúinn don tréimhse suas go 2022 a dhéanfaidh cúram don teanga agus don Ghaeltacht. Tá cúrsaí fostaíochta mar chuid lárnach sa phlean sin. Luaigh an Teachta Calleary RTÉ - ceist atá freagartha agam - agus Gteic.

Ó thaobh deiseanna san Eoraip, beidh níos mó deiseanna ag daoine obair sa bhaile mar shaor-aistritheoirí - freelancers - d'institiúidí na hEorpa sna blianta amach romhainn. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh. Ó thaobh cúrsaí réigiúnda, tuigim na deacrachtaí ó thaobh bóithre agus mar sin de sna ceantair tuaithe. Is iontach na deiseanna atá ceangailte le Slí an Atlantaigh Fhiáin ach cruthaíonn an méadú ar na huimhreacha turasóirí deacrachtaí freisin. Caithfimid aghaidh a thabhairt orthu sin.

Aontaím leis an Teachta Ó Cuív gur cúis dóchais iad torthaí na pobalbhreithe, go háirithe ó thaobh meon an phobail i dtaobh na teanga. Caithfimid tógáil air sin. Ba chóir go mbeadh a leithéid déanta maidir le Gaeilge sa Ghaeltacht. Aontaím leis sin. Arís, táimid ag maoiniú an seó bóthair trí Chonradh na Gaeilge. Táimid ag obair le PAS faoi láthair maidir le staidéar a dhéanamh ar chomórtais earcaíochta le cúpla bliain anuas chun chur le fostaíocht le Gaeilge. Ó thaobh teastais, táimid tar éis comórtas do phríomhoifigeach cúnta a reáchtáil sa Roinn agus bhí ar na hiarrthóirí scrúduithe Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, a reáchtálfar i gcomhair le hOllscoil Mhá Nuad, a dhéanamh. Táimid ag breathnú ar na féidearthachtaí maidir leis an gcóras seo.

Beidh sé sin á phlé againn nuair a bheidh an Bille ag dul trí Thithe an Oireachtais freisin.

Maidir leis an Teachta Ó Muineacháin, tuigimid na fadhbanna maidir le héileamh agus tá sé i gceist go mbeidh an tairiscint ghnímh mar chuid den Bhille teanga do dhaoine a chuireann fáilte roimh an teanga i gcomhlachtaí poiblí.

Ó thaobh cúrsaí oideachais, tá scéim nua oideachais Erasmus sa Ghaeltacht ar mhaithe le caighdeán Gaeilge daoine a ardú agus tá sé seo foilsithe agam le cúpla seachtain.

Maidir leis an HSE, ba mhaith linn go mbeadh a dhóthain daoine le Gaeilge fostaithe a fheiceáil ach nach dtarlóidh é seo go dtí go bhfeicfear an Ghaeilge mar bhuntáiste agus aontaím leis an Teachta Ó Cuív faoi seo. Rud a bheidh lárnach san Acht teanga ná go mbeimid ag cruthú na deiseanna seo, go mbeidh a fhios ag daoine go mbeidh deiseanna sa tseirbhís phoiblí agus go mbeidh daoine in ann plean a dhéanamh i dtaca leis an ábhar a mbeidh á fhoghlaim ag mac léinn sa scoil agus san ollscoil agus go mbeidh na deiseanna acu poist a fháil sa Ghaeltacht, faoin tuath nó cibé áit ar mhian leo agus go mbeidh siad ar an eolas faoi seo. Is é sin an rud a bhfuilimid ag iarraidh a dhéanamh.

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí go léir as ucht a bheith linn agus as páirt a ghlacadh sa díospóireacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.