Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements

 

1:10 pm

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom a rá i dtosach gur díospóireacht an-mhaith í seo. Molaim an méid daoine atá ag caint as Gaeilge, nó atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a bheith acu. I mo thuairim, is í sin an bhunchloch. Ba cheart go mbeadh mórtas againn toisc go bhfuil iar-Aire Stáit na Gaeltachta, an Teachta McHugh, ag foghlaim na Gaeilge. Cén fáth nach mbeadh meas againn ar a leithéid d'iarracht? Ní raibh mórán Gaeilge aige sular fuair sé an post sin, ach anois bíonn sé ag caint Gaeilge gach lá. Tá difríocht idir daoine áirithe, ar nós an Teachta McHugh, agus daoine eile nach bhfuil spiorad na hathbheochana mar bhunchloch acu. Bíonn daoine sa dara ghrúpa ag féachaint síos ar dhaoine atá ag déanamh a ndíchill an Ghaeilge a labhairt agus ag tabhairt amach fúthu.

Measaim go bhfuil spiorad na hathbheochana ag feabhsú sa tír seo. Nílim sásta in aon chor leis an méid atá ráite ag daoine ar an taobh eile den Teach seo. Tuigim go bhfuil sé ag teacht óna gcroíthe freisin. Nuair a bhí an arts festival ar siúl i nDroichead Átha le déanaí, chonaic mé go raibh slua tuismitheoirí agus páistí ag feitheamh. Nuair a d'iarr mé, "what are all these people waiting for?", dúradh liom go raibh siad ag féachaint i dtreo duine a bhí istigh i mbosca sa chúinne. Níl a fhios agam an t-ainm ceart atá air - Manchán, b'fhéidir. He is a well-known Irish speaker ar an teilifís. Bhí Foclóir Uí Dhuinnín aige. Tá a fhios ag na Teachtaí atá i láthair cén foclóir atá i gceist. Bhí sé ag tabhairt focail do na páistí. He was giving the young people words from the Irish language, which is thousands of years old, and asking them to hold in their hearts those words and the language as a whole. Nuair a d'fhág na daoine sin an áit, bhí spiorad na hathbheochana ina measc. Tá i bhfad níos mó daoine i mo dhúthaigh féin ag labhairt Gaeilge, ag léamh Gaeilge agus ag éisteacht leis an nGaeilge. I mo thuairim, tá seans againn sa Pharlaimint seo níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge.

Molaim go mór an jab iontach atá déanta ag na Gaelscoileanna. Bhí fear i mo chlinic le déanaí in éineacht lena mhac óg. D'iarr mé ar an mbuachaill, "what school are you going to?", agus dúirt sé liom go bhfuil sé ag freastal ar scoil lán-Ghaelach, Gaelscoil an Bhradáin Feasa. Bhí níos mó Gaeilge ag an bpáiste óg sin - deich mbliana d'aois - ná mar a chuala mé le tamall fada, fiú amháin ó pháistí sa Ghaeltacht. Tá rudaí ag athrú. Tá an Ghaeilge ag fás, ach go háirithe.

Molaim an obair ata déanta ag TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Measaim go bhfuil seans iontach againn i mbliana, agus comóradh 100 bliain Éirí Amach an Cásca ar siúl, bunchloch na Gaeilge a mhúscailt arís i measc na gnáthdhaoine. Nuair a léimid na leabhair staire a bhaineann le 1916 - tá Pádraig Mac Piarais luaite cheana féin sa díospóireacht seo - is léir dúinn go raibh an-mheas ag gach éinne a bhí páirteach in imeachtaí na bliana sin ar an spiorad náisiúnta agus an spiorad Gaelach. Bhíodar le chéile. B'fhéidir nach raibh toradh ró-mhaith ar sin, i ndáiríre, ós rud é nár thógadar mórán de na Protastúnaigh leo. Tá sé soiléir go bhfuil an Ghaeilge mar bhunchloch an náisiúnachais agus mar bhunchloch na tíre seo. Caithfimid díriú ar sin.

Caithfimid díriú freisin ar Chonradh na Gaeilge, grúpa a rinne an-jab ar fad sna blianta sin. Tá ceist agam do Chonradh na Gaeilge agus do gach éinne eile atá páirteach i ngluaiseacht na Gaeilge. Nílim ag rá nach bhfuil spiorad acu - is léir go bhfuil - ach is dóigh liom gur chóir go mbeidís níos mó os comhair na ngnáthdhaoine. Dá mbeadh feachtais ar siúl acu, bheadh níos mó daoine ag faire ar na feachtais sin agus ag bualadh leis na rannpháirtithe. What I am saying really is that the Irish language movement has done a fantastic job. I would like to see more bolscaireacht and more "in your face" action. The biggest protest we had here for a long time related to an Ghaeilge éigeantach. Tharla sé nuair a bhí an Taoiseach, an Teachta Enda Kenny, mar Cheannaire an Fhreasúra. Bhí na céadta scoláire ag siúl trasna an bhóthair gach seachtain. Bhí na daoine óga seo ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Ní fheicim anois iad ar chor ar bith. Caithfimid síceolaíocht níos fearr a bheith againn. Tá sé fíor go gcaithfidh feachtas bríomhar a bheith ann. Tá easpa gníomhaíochas ann, i mo thuairim. Tá sé in am dúinn féachaint ar sin arís.

Is eol dom go maith gur cheart dúinn díriú ar cheist mhaith na Gaeltachta. Ní féidir liom é sin a dhéanamh inniu mar nach bhfuil ach cúig shoicind fágtha agam. Bíodh misneach againn. Mol an óige agus tiocfaidh sí, agus beidh an Ghaeilge á labhairt ag daoine óga. Molaim Aire na Gaeltachta freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.