Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements

 

1:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá mé ag roinnt mo chuid ama leis an Teachta O'Dowd. Cuirim fáilte roimh an seans ráiteas a dhéanamh maidir leis an nGaeilge. Cuirim fáilte roimh an Aire, an Teachta Heather Humphreys, agus roimh an iar-Aire Stáit, an Teachta Joe McHugh. Gabhaim buíochas leis an Teachta McHugh as an obair a rinne sé sa Roinn ón am a ainmniú mar Aire Stáit é agus seans go mbeidh sé ar ais sa phost sin i gceann seachtaine.

Bhí laghdú maoinithe do chuile Roinn ar feadh tamaill mar gheall ar dhrochstádas eacnamaíoch na tíre, mar atá ar eolas ag chuile dhuine. Anois tá sé in am níos mó airgid a chur ar fáil do Roinn na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Is maith an rud é go bhfuil sé scríofa sa chlár Rialtais go mbeidh an Rialtas á dhéanamh sin. Mar a dúirt urlabhraithe eile anseo, tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge, ag na grúpaí ón nGaeltacht agus ag na grúpaí atá ag freastal ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht go dteastaíonn sé sin uainn. Tá ról tábhachtach ag Údarás na Gaeltachta poist a chruthú sa Ghaeltacht. Teastaíonn níos mó airgid leis sin a dhéanamh. Is féidir leis an údarás tacú agus cuidiú le riachtanais ghnó. Tá foireann ag an údarás atá taithí aici ar bheith ag déileáil le daoine agus ar chomhairle a thabhairt do dhaoine gnó. Tá gnóthaí bunaithe ag na céadta sa Ghaeltacht le cabhair ó Údarás na Gaeltachta in a lán earnálacha, cosúil le turasóireacht, na healaíona, fiontar na n-oileán, seirbhísí trádála idirnáisiúnta agus próiseáil bia. Cruthaíodh 533 post sa Ghaeltacht i ngnóthaí atá comhpháirteach leis an údarás. Is toradh maith é sin agus tá plans acu níos mó post a chruthú. Tá plans acu tacú le comhlachtaí chun níos mó post a chruthú. Cuireadh €1 milliún sa bhreis ar fáil i mbuiséad 2016. Cuirim fáilte roimh an airgead sin ach teastaíonn níos mó airgid.

Tá ról freisin ag an údarás mar gheall ar Acht na Gaeltachta 2012 ó thaobh na limistéir pleanála teanga. Tá eagraíochtaí roghnaithe ag an údarás chun na pleananna teanga a ullmhú sa Ghaeltacht. Tá ról tábhachtach ag an údarás maidir leis an teanga a chur chun cinn mar theanga pobal na Gaeltachta agus teastaíonn níos mó airgid uaidh agus ó na heagraíochtaí eile chun níos mó a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn. Tá príomhról ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ó thaobh an teanga de. D'fhoilsigh an Roinn Oideachais, in éineacht le Roinn na Gaeltachta, moltaí maidir le polasaí oideachais Ghaeltachta in 2015. Fuair an Roinn aighnithe ar na polasaithe sin ó thuismitheoirí, ó mhúinteoirí agus ó bhoird bhainistíochta. Tá sé in am na polasaithe sin a chur i bhfeidhm. Tá ceist ann freisin maidir leis na scoileanna beaga ar na hoileáin. Teastaíonn polasaí difriúil ó na hoileáin as seo amach.

Bíonn níos mó brú ar mhúinteoirí sna scoileanna Gaeltachta nuair a bhíonn orthu freastal ar pháistí a bhfuil Gaeilge líofa acu agus ar pháistí eile atá ag foghlaim na teanga sna ranganna céanna. Tá sé scríofa freisin sa chlár Rialtais go gcaithfimid an straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm. Chuireamar tús leis an obair sin agus tá sí ag dul ar aghaidh faoi láthair ach b'fhéidir go dteastaíonn plean gníomhaíochta don Ghaeilge, cosúil leis an bplean a d'oibrigh go maith sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, sa chaoi go mbeidh a fhios ag chuile Roinn céard atá ag teastáil, go mbeidh daoine ann i ngach Roinn atá freagrach as cur chun cinn na teanga agus go mbeidh spriocdháta le chuile cuspóir a chur i bhfeidhm. Sin a theastaíonn uainn. Nuair a bheidh spriocdháta ann nó nuair a bheidh daoine ann sa tseirbhís phoiblí a bhfuil orthu rud éigin a dhéanamh agus cuspóirí a chur i bhfeidhm, beidh siad in ann é sin a dhéanamh agus beidh an Taoiseach agus na hAirí ag cur brú orthu é a dhéanamh. Sin a tharla sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta ó thaobh an phlean gníomhaíochta atá acu ansin.

Maidir leis an Acht don teanga, tá na plans sin ag dul ar aghaidh agus tá sé de dhualgas ar gach ceantar fanacht laistigh den Ghaeltacht. Ní ar an Rialtas atá an dualgas sin ach ar an bpobal. Tá an t-údarás ag cabhrú leis na heagraíochtaí atá ag iarraidh na pleananna sin a chur i bhfeidhm. Tá mé ag críochnú leis seo. Ó thaobh earcaíochta sa tseirbhís phoiblí de, tá sé ráite go minic agam go mb'fhearr liom cuóta níos airde mar go bhfuil sé sin ag teastáil chun an difríocht atá ag teastáil a dhéanamh, sa chaoi go mbeidh níos mó daoine le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí chun freastal ar an bpobal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.