Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements

 

1:10 pm

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an díospóireacht seo faoin Ghaeilge, faoin Ghaeltacht agus faoi chúrsaí na Gaeilge. Déanaim comhghairdeas leis an Aire, an Teachta Humphreys, a bhfuil na cúraimí seo uirthi. Tá súil agam nach fada go dtí go mbeidh Aire Stáit aici a bheidh ag plé leis an nGaeltacht agus leis an nGaeltacht amháin. Dúirt muidne sa manifesto a bhí againn go mbeadh Aire sinsearach ag plé leis an nGaeltacht dá mbeimid sa Rialtas. Níor tharla sé sin. Má chuirtear Aire sóisearach i mbun cúrsaí Gaeltachta, molfaidh mé go mór a leithéid de cheapachán. Ba cheart go mbeadh cead ag an Aire Stáit sin freastal ar chruinnithe Rialtais, go háirithe nuair atá rud ar bith a bhaineann leis an nGaeltacht nó leis an nGaeilge á mheas. Tréaslaím leis an Aire sóisearach a bhí sa Rialtas deireanach, an Teachta McHugh. Rinne sé sár-iarracht ag an am sin an Ghaeilge a fhoghlaim. Molaim gur cheart don Aire a bhfuil na cúraimí sinsearacha uirthi an rud céanna a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh "delegated powers" ag an Aire sóisearach atá le ainmniú ag deireadh na seachtaine nó ag tús na seachtaine seo chugainn.

Caithfidh mé an Rialtas a cháineadh ós rud é nach bhfuil aon Ghaeilge sa chlár Rialtais atá foilsithe acu. Tá alt amháin sa chlár fá dtaobh den Ghaeilge. Labhraíonn sé go ginearálta faoin Ghaeltacht. Tá súil agam go mbeimid ag díriú ar na spriocanna atá ag an Rialtas agus an Aire agus a bheidh ag an Aire Stáit. Déanann clár an Rialtais tagairt don straitéis 20 bliain agus an fócas a bheidh ar jabanna. Ní dóigh liom gur féidir jabanna a chruthú gan i bhfad níos mó airgid a sholáthar d'Údarás na Gaeltachta. Má tá áiteanna Gaeltachta ag dul i gcoimhlint le áiteanna eile ar fud na tíre, caithfear tús áite a thabhairt don Ghaeltacht. Dá bhrí sin, ba cheart deontais níos mó a chur ar fáil chun comhlachtaí Éireannacha - comhlachtaí áitiúla, nó "indigenous" - agus comhlachtaí a thagann ó thíortha thar lear a mhealladh go dtí na Gaeltachtaí éagsúla. Ar ndóigh, bhéinn claonta i bhfábhar mo chontae féin agus Gaeltacht Dhún na nGall. Tá sé i gceist freisin i gclár an Rialtais níos mó béime a chur ar naíonraí agus fáiltím roimhe sin. Deirtear freisin go ndéanfar infheistíocht níos mó sa teanga. Caithfidh mé an Rialtas a cháineadh ós rud é nach bhfuil ach líne amháin sa chlár a bhaineann le infheistíocht sa réimse seo.

Glacaimid go léir leis gur seoid luachmhar as cuimse í ár dteanga náisiúnta. Ní dóigh liom go raibh an Roinn ná an Rialtas a bhí ann roimhe seo dáiríre faoin Ghaeltacht. Bhí cúraimí na Gaeltachta orm idir 1989 agus 1994. Ag an am sin, bhí muidne ag díriú isteach ar na deontais fá choinne na bóithre áise. Níl pingin rua ar fáil anois fá choinne na bóithre áise. Níl airgead mór i gceist. Ba cheart go dtabharfar ar ais arís na deontais do na bóthre áise, cosúil leis na scéimeanna LIS a bhí ann roimhe seo. Rinneadh an-obair maidir leis na bóithre straitéiseacha sna Gaeltachtaí nuair a bhí an Teachta Ó Cuív mar Aire na Gaeltachta. Níl pingin rua ar fáil anois fá choinne athnuachan baile. Caithfear airgead a chur ar fáil arís fá choinne athnuachan baile. Is fiú amharc ar na céanna freisin. Ta mé ag smaoineamh ar Ché an Rannaigh ar Oileán Árainn Mhór agus go leor céanna eile i nGaeltacht Dhún na nGall. De réir na fíricí, ta €600,000 ar fáil do na céanna achan uile bhliain. Ní dóigh liom go bhfuil an oiread sin airgid á chur ar fáil. Tá sé i gceist agam ceist a chur síos faoin mhéid airgid a cuireadh ar fáil anuraidh. An cuireadh €600,000 ar fáil, nó a leath de sin ar fáil?

B'fhéidir go bhfuil an t-airgead sin ag dul áit éigin eile.

Thar na blianta, bhí caighdeán na tithe sa Ghaeltacht ar chomhchéim le tithe ar bith eile sa tír. Cuidíodh go mór leis sin na deontais a bhí Roinn na Gaeltachta ag cur ar fáil. Níl na deontais sin ar fáil anois agus ba cheart go ndéanfar athbhreithniú ar sin agus deontais a chur ar fáil do dhaoine atá sa Ghaeltacht, do dhaoine atá ag labhairt Gaeilge agus do dhaoine atá ag iarraidh ar a bpáistí an Ghaeilge a labhairt. Nuair a bhí na deontais sin ar fáil, bhí orthu na téarmaí sin a chomhlíonadh. Ní miste liomsa faoi na téarmaí sin, ach caithfear an t-airgead a chur ar fáil do na daoine sin.

Cé go bhfuil soláthar airgid ar fáil fá choinne áiseanna pobail, níl go leor ansin. Níl ann ach soláthar airgid iontach beag. Caithfear níos mó airgid a chur ar fáil thar na blianta atá romhainn. Tá an-éileamh air agus, má amharcann muid ar na hionaid phobail trí na Gaeltachtaí, tá a fhios againn go bhfuair na coistí sin airgead ón Stát. Ach níos tábhachtaí ná sin, chuaigh na daoine sin amach ag bailiú airgid agus ag cur go leor airgid isteach sna hionaid phobail sin. Nuair a chuir an tAire Airgeadais tús leis an díospóireacht seo, labhair sé faoi na mná tí agus a dtábhacht. Ó mo thaobh de, ceapaim féin go bhfuil na mná tí mar pháirt lárnach do na coláistí samhraidh. Caithfidh muid déanamh cinnte de go gcuirfimid níos mó airgid ar fáil do na mná tí a bhfuil ag déanamh an oiread sin chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn.

Caithfimid smaoineamh gurb é an Ghaeltacht tobar na Gaeilge. Tá a fhios againn chomh maith nach bhfuil deireadh leis an Ghaeltacht ná leis an Ghaeilge taobh istigh de theorainn na Gaeltachta. Caithfear ardmholadh a thabahairt do na comhlachtaí ar nós Conradh na Gaeilge atá ag déanamh an oiread sin chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart a lua anseo na spriocanna atá ag Conradh na Gaeilge. Ina measc, ceann amháin acu san ná níos mó infheistíocht a dhéanamh i bpobal na Gaeilge. Tá pobal Gaeilge sa chathair seo, i mBéal Feirste agus i go leor áiteanna eile sa tír. B'fhéidir go bhfuil níos mó daoine ag caint Gaeilge anseo i mBaile Átha Cliath ná mar atá i go leor de na Gaeltachtaí beaga. Bhí Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gceapfar Aire sinsearach. Níor tharla sé sin. Mar a dúirt mé, ba cheart go mbeidh delegated responsibilities ag an Aire sóisearach. De réir na ráflaí atá ag dul thart, deirtear liom go mbeidh comhchoiste ag plé leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht agus é sin amháin. Is dócha go mbeidh a fhios againn amárach nó an bhliain seo chugainn. Má tharlaíonn sé sin, chuirfinn-se fáilte roimhe sin.

Ó thaobh fostaíochta de, dúirt an tAire go bhfuil sé mar sprioc ag Údarás na Gaeltachta níos mó fostaíocht a chruthú ach, mar a dúirt mé, ní féidir an fostaíocht sin a chruthú gan níos mó airgid i bhfoirm deontaisí. Cuirim fáilte roimh an bhfógra ón údarás cúpla mí ó shin fá dtaobh de na 125 post atá le cruthú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dóbhair agus tá súil agam go dtosnófar ar sin go luath. Caithfidh mé comhlacht eile i mo bhaile dhúchais féin a lua. Sin Randox atá ag plé le cúrsaí sláinte. Tá clú agus cáil ag an chomhlacht sin, ní hamháin sa tír seo ach tríd an domhan go léir. Fuair an comhlacht sin tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus tá súil agam, thar na blianta atá amach romhainn nuair a bheidh an méid fostaíochta ag dul ón 120 duine atá ann i láthair na huaire go dtí níos mó na 500 duine, go mbeidh Údarás na Gaeltachta sásta tacú leis an chomhlacht.

Leis na focail sin, caithfimid fanacht go dtí go bhfeicfimid polasaí an Aire agus an Aire Stáit. Mar a dúirt mé, níl anseo ach leath-leathanach nó alt amháin nó dhá cheann fá dtaobh den Ghaeilge agus den Ghaeltacht. Chuir sé sin díomá orm, ach tabharfaidh muid deis don Rialtas sna seachtainí agus míonna atá amach romhainn. Tá súil agam go mbeidh an Rialtas dáiríre faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht. Guím ádh mór ar an Teach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.