Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements

 

12:00 pm

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá ar dtús go n-aontaím leis na Teachtaí Byrne and Tóibín a bhí ag tabhairt amach faoin Aire, an Teachta Heather Humphreys, atá as láthair anseo gan leithscéal ar bith. I mbuiséad Shinn Féin anuraidh, chuireamar roinnt moltaí chun tosaigh ar chostas €10 milliún ar an iomlán a mbeadh tionchar dearfach acu ar an nGaeilge. I measc na mbeartas seo, bhí méadú €5 mhilliún do chistíocht chaipitil Údarás na Gaeltachta agus méadú €750,000 ar an gcistíocht do scéimeanna pobail agus creidmheas cánach do thuismitheoirí a bhfuil a gcuid páistí ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta. Cuireadh an infheistíocht seo chun tosaigh mar gheall ar na ciorruithe dona a rinne an Rialtas le blianta beaga anuas. Tá na ciorruithe mar chuid de dhearcadh náireach an Rialtais i leith na Gaeilge.

Thug siad €1 milliún sa bhreis don straitéis 20 bliain, ach bhain siad an méid céanna ó chiste Údarás na Gaeltachta. Tá i bhfad níos fearr ná seo ag dul do lucht labhartha na Gaeilge. Ba cheart an Ghaeilge a chosaint mar chuid lárnach dár gcultúr. Sa Tuaisceart, tá scéim líofachta ag dul ó neart go neart faoi stiúr an Aire, Carál Ní Chuilín. Anois, tá níos mó ná 15,000 daoine ag glacadh páirte sa scéim. Tá beartas eile ar siúl ag an Feidhmeannas maidir le dul chun cinn na teanga, mar shampla, airgead a chur ar fáil do pháistí ó teaghlaigh bochta freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht.

D'fhoilsigh Sinn Féin dréacht Acht na Gaeilge agus táimid tiomanta dá thabhairt isteacht, cé go bhfuil na hAontachtóirí ina choinne. Caithfidh Rialtas an Stáit seo tacú le seo agus sin ceist mhór don Aire.

Níl ach ceithre líne sa chlár Rialtais i leith na Gaeilge. Ní maith go leor sin. Caithfidh an Rialtas a chuid ndualgas a chomhlíonadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.