Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements

 

12:10 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gach uile bliain ó toghadh mé, lorg mé díospóireacht nó sraith díospóireachtaí maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Ní ar bhonn seasamh suas anseo agus labhairt faoin nGaeilge a bhí i gceist. Ar dtús, b'iarracht é breis Gaeilge a bheith le cloisint istigh anseo, ach chomh maith le sin b'iarracht é díriú isteach ar cheist na Gaeilge agus ar cheist na polaitíochta i nGaeilge, mar le tamall ró-fhada níl an pholaitíocht á phlé as Gaeilge sa Dáil. Bhí Gaeilge agus an Ghaeltacht á phlé, ach b'shin an méid. Le roinnt blianta anuas, tá athrú tagtha ar sin, ach ní athrú suntasach go leor é.

Arís i mbliana, lorg mé go mbeadh díospóireacht agus sraith de nithe eile as Gaeilge anseo le linn seachtain na Gaeilge, ach ní raibh muid anseo mar bhíomar ag stocaireacht. I ndiaidh sin, bhíomar ag féachaint ar chonas is féidir linn déileáil leis an toradh nua. Sin an fáth go bhfuil mé le roinnt seachtain anuas ag lorg go mbeadh, ar a laghad, díospóireacht nó plé ar cheist na Gaeilge istigh anseo. Bhí díomá orm nuair a chuireadh sin ar athló cúpla uair. Mar sin, tá áthas orm an deis a ghlacadh agus a thapú labhairt as Gaeilge.

Cosúil leis an Teachta Thomas Byrne, caithfidh mé freastal anois ar an choiste a bhaineann le h-athchóiriú na Dála. Mar a luaigh an Teachta Byrne, tá an coiste sin ag plé le coiste don Ghaeilge a bhunú anseo don chéad uair le tamall fada. Bheadh an coiste sin ag déileáil le ceisteanna na Gaeilge agus, tá súil agam, ar chonas is féidir linn an deis atá againn mar pholaiteoirí cuidiú leis an Ghaeilge a thárrtháil agus a athréimiú sa tír, rud nár luadh le tamall anuas.

An rud is mó sa dréacht tuairisc ón gcoiste athchóirithe go dtí seo maidir leis an nGaeilge ná go mbeadh an coiste don Ghaeilge ann. Chomh maith le sin, mar a dúradh liom breis is cúig bliana ó shin, tá sé ar intinn go mbeadh gach uile meamram míniúcháin do reachtaíocht don Dáil seo foilsithe go comhuaineach as Gaeilge. Níor tharla sin go fóill, ach tá moladh dó sin sa dréacht nua. Rud níos measa ón ár dtaobh agus maidir lenár ndualgais mar pholaiteoirí agus reachtóirí ná go mbeidh an Aontas Eorpaigh chun tosaigh ar an Dáil seo sa bhliain 2022, mar beidh siadsan ag foilsiú reachtaíochta dhátheangach go comhuaineach ach beidh muidne fós ag foilsiú reachtaíocht as Béarla agus ansin á aistriú go Gaeilge, muna thapaíonn muid an deis atá romhainn. Tá seans againn sin a athrú sa chúig bliana atá le teacht. Tá neart rudaí eile gur chóir dúinn a dhéanamh agus dá mbeadh cúpla uair a chloig agam, d'fhéadfainn déileáil leo.

Ba mhaith liom déileáil go gasta le ceist na gaelscolaíochta. Níor luadh an ghaelscolaíocht sa mhéid a dúirt an tAire, an Teachta Noonan, níos luaithe nuair a léigh sé dhá leathanach go leith as sé leathanach. Léigh mise an sé leathanach ach fós níor luadh an ghaelscolaíocht sa ráiteas. Fós, tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag loic ar pháistí atá ag iarraidh freastal ar Ghaelscoileanna agus ar thuismitheoirí atá ag iarraidh a pháistí a thógaint trí Ghaeilge. Níl an Roinn fós ag comhlíonadh na n-éileamh atá ann do Gaelscoileanna ná níl sé sásta éileamh a chothú. Ní gá ach scoil amáin a lua. Tá an Roinn ag cur constaice i gcoinne Coláiste Locha Ghile i gContae Sligeach atá ag iarraidh teacht ar an bhfód i mí Méan Fómhair. Ba chomhair don Roinn a bheith ag tabhairt tús áite don Ghaeilge in ionad a bheith ag déanamh tromaíochta uirthi de shíor.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.