Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements

 

12:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá gur linn uilig an Ghaeilge. Saibhríonn an Ghaeilge muid. Is teanga ársa í ár dteanga dúchais. Gach bliain, tagann na mílte daoine amach as scoileanna na tíre seo agus Gaeilge ag an móramh acu. Má dhéanann siad iarracht dul i dteagmháil leis an Stát agus má roghnaíonn siad an líne Gaeilge, ní bhíonn duine ar bith ar fáil chun seirbhís trí mheán na Gaeilge a thabhairt dóibh. Is cuma cén seirbhís Stáit atá i gceist. Má chuireann siad glaoch ar an CSO maidir leis an census, mar shampla, nó má chuireann daoine le suim acu san airgeadas glaoch ar an Central Bank, téann siad ó duine go duine gan teagmháil a dhéanamh le h-éinne atá in ann freastal orthu as Gaeilge. Níl an t-airgead curtha isteach. Tá an Rialtas ag caint faoi airgead a chur isteach, ach tá sé ag baint acmhainní ón earnáil seo. Tá níos mó ciorruithe déanta ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht ag Fianna Fail agus Fine Gael le deich mbliana anuas ná mar atá déanta ar aon earnáil eile. Is mór an trua é nach bhfuil níos mó ama agam, ach caithfidh mé an méid ama atá fágtha agam a roinnt le mo chomhghleacaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.