Dáil debates

Wednesday, 11 December 2013

Topical Issue Debate

An Teanga Ghaeilge

1:40 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Chuir an Coimisinéir Teanga in iúl dom ar 4 Nollaig, an tseachtain seo caite, go raibh sé tar éis scríobh chuig an Uachtarán an lá sin ag cur in iúl dó go mbeadh sé ag éirí as oifig ar 23 Feabhra 2014, tar éis deich mbliana a chaitheamh sa phost. Rinne an Coimisinéir Teanga fógra poiblí maidir lena chinneadh le linn dó a bheith ag tabhairt tuairisice maidir le tuarascáil bhliantúil a oifige don bhliain 2012, ag cruinniú den Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha i dTeach Laighean ar an lá céanna, 4 Nollaig 2013.

Tá mo bhuíochas curtha in iúl agamsa don Choimisinéir Teanga, go pearsanta agus go poiblí, as an méid atá curtha i gcrích aige le linn a thréimhse in oifig agus tá áthas orm an deis a fháil é sin a chur ar thaifead an Tí seo inniu. Níl aon amhras ach go ndeachaigh an Coimisinéir Teanga i gceann a oifige nua a bhunú le fís agus díograis agus tá an t-ardmheas atá air i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta tuillte dá réir aige. Is trua liom, ar ndóigh, gur thóg an Choimisinéir Teanga an cinneadh gan a théarma ceapacháin, a mhaireann go dtí 22 Feabhra 2016, a chríochnú. Tá na céimeanna cuí á nglacadh ag mo Roinn anois chun coimisinéir nua a cheapadh agus cuirfear moladh ina leith seo faoi bhráid an Rialtais in am tráth.

Ba mhaith liom díriú anois go hachomair ar chuid de na pointí atá ardaithe sa phlé atá idir chamáin ó chuir an coimisinéir in iúl go raibh sé chun éirí as oifig. Tá sé tábhachtach a aithint bhfuil feabhas tagtha ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí Stáit i nGaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Aithníodh ón tús gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le forfheidhmiú an Achta agus tá an dul chun cinn atá déanta maidir le forálacha éagsúla den Acht nótáilte sa Teach seo cheana féin.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, is é an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá freagrach as scéimeanna teanga na gcomhlachtaí poiblí a dhaingniú. Ní miste dom a threisiú arís go maireann scéim teanga i bhfeidhm ar feadh trí bliana ón dáta a dhaingnítear í, nó go dtí go ndaingnítear scéim nua, cibé acu is moille. Ó tháinig an tAcht i bhfeidhm, tá 148 scéim san iomlán daingnithe, ar a n-áirítear 112 céad scéim, 35 dara scéim agus tríú scéim amháin. Tá beagnach 200 comhlacht poiblí san iomlán clúdaithe faoi na scéimeanna éagsúla seo. Ní miste a aithint maidir le feidhmeanna comhlachtaí poiblí go ndéantar cuid dóibh a scor ó am go chéile. Mar shampla, tá an Bord Oideachais agus Oiliúna tagtha in áit na gcoistí gairmoideachais agus tá iarrtha agam ar gach ceann de na boird nua scéim teanga a ullmhú.

Faoi láthair, tá plé leanúnach ar siúl ag mo Roinn le 128 comhlacht poiblí maidir le scéimeanna a aontú. Tá sé aitheanta cheana go bhfuil an próiseas maidir le scéimeanna teanga a aontú casta agus tá céimeanna éagsúla chun an córas a éascú á mbeartú, go háirithe i gcomhthéacs na leasuithe reachtúla atá beartaithe a dhéanamh ar an Acht.

Is aidhm lárnach pholasaí de chuid an Rialtais é úsáid na Gaeilge agus tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin i gcónaí go mbeadh baill fhoirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státseirbhís. Ceaptar gurb é an bealach is fearr chun an aidhm seo a bhaint amach ná trí chur chuige níos spriocdhírithe a úsáid chun a chinntiú go mbeidh foireann leis na scileanna riachtanacha Gaeilge ar fáil chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge nuair a theastaíonn sin. Sa chomhthéacs seo, thóg an Rialtas cinneadh i mí Dheireadh Fómhair 2013 an polasaí maidir le marcanna bónais do chomórtais earcaíochta agus ardaithe céime a chur ar ceal agus bearta a chur in áit a gcuirfidh leis an líon oifigeach sa Státseirhbís a bheidh in ann feidhmiú go dátheangach. Mar chéad chéim sa phróiseas seo, sa chéad chomórtas eile d'oifigigh fheidhmiúcháin a reáchtálfar go luath, tá sé i gceist fo-phainéal de dhá theanga feidhmeacha a bhunú nach rachaidh thar 6% den phainéal iomlán. Is dóigh liom féin gur céim dhearfach í seo, a thabharfaidh deis do Ranna Stáit a gcuid riachtanas maidir le seirbhísí i nGaeilge a aithint, agus tá mé dóchasach go rachaidh an t-athrú seo chun sochair don Ghaeilge sa státchóras sa todhchaí.

Tá dréacht cinn de Bhille chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú beagnach ullmhaithe agus tá mé ag súil iad a chur faoi bhráid an Rialtais ag tús na hathbhliana. Chomh maith leis na leasuithe éagsúla atá beartaithe mar thoradh ar an athbhreithniú, beidh bearta a bhainfidh le cónascadh Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman a chur i bhfeidhm. Ba mhaith liom a threisiú anseo inniu nach gcuirfidh an cónascadh seo isteach ar neamhspleáchas an Choimisinéara Teanga i bhfeidhmiú a chuid cumhachtaí agus go bhfanfaidh an oifig lonnaithe sa Ghaeltacht.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a rá arís go bhfuil mé an-bhuíoch don Choimisinéir Teanga as an méid atá déanta aige chun a chinntiú go mbeidh feabhas forchéimnitheach ag teacht ar sheirbhísí an Stáit do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sna blianta amach romhainn. Aithníonn muid ar fad go bhfuil dúshláin le sárú maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa státchóras féin, sa Ghaeltacht agus sa phobal i gcoitinne. Is ábhar misnigh é an méid atá curtha agus á chur i gcrích ag an Rialtas seo chun bonn láidir folláin a chur faoin Ghaeilge. Tá mé dóchasach fosta go rachaidh an té a thiocfaidh i gcomharbas ar an Choimsinéir Teanga i mbun oibre chomh díograiseach agus chomh fuinniúil céanna leis an chéad choimisinéir, ag tógáil ar an dúshraith láidir atá leagtha síos aige le deich mbliana anuas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.