Dáil debates

Wednesday, 11 December 2013

Topical Issue Debate

An Teanga Ghaeilge

1:40 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Lá dubh don Ghaeilge a bhí ann an tseachtain seo caite nuair a d'fhógair Seán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga, go bhfuil i gceist aige éirí as a phost mí Feabhra seo chugainn. Tá go leor sa ráiteas a thug sé don choiste Dála, ach tá abairt amháin sa ráiteas a léiríonn cé chomh tromchúiseach agus atá an cheist. Dúirt sé:

Ní fhaca mé in imeacht 30 bliain mar iriseoir nó mar Choimisinéir Teanga an oiread ísle brí agus lagmhisnigh. D'ainneoin tacaíocht ollmhór ag tromlach an phobail i gcoitinne sa tír don teanga, tá sí á ruaigeadh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán phoiblí; ní bheidh sé furasta í athabhairt ar ais go háit níos lárnaí.
Ba mhaith liomsa buíochas a ghlacadh leis an gcoimisinéir as ucht an éacht oibre a rinne sé agus ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an bhfoireann atá aige freisin. Níl aon amhras ach go ndearna siadsan a ndualgaisí a chomhlíonadh.

Tá an-bhrón orm nach é an tAire sinsearach, an fear a fuair séala na hoifige mar Aire Gaeltachta, atá anseo inniu. Is léargas ar an dímheas atá ag an Aire ar an nGaeilge nach bhfuil seisean ag tógaint na ceiste seo inniu, agus ceist chomh tromchúiseach léi dhá thógáil. Muna bhfuil Gaeilge aige, tá córas aistriúcháin sa Teach. Dá mbeadh sé thall i bParlaimint na hEorpa, agus dá mbeidís ag labhairt Fraincíse, cuirfeadh sé air na cluasáin muna mbeadh Fraincís aige. Tá trua agam don Aire Stáit mar is eisean a cuirtear amach i gcónaí. Is léir go bhfuil a chroí san áit cheart, ach níl cumhacht dá laghad aige ar pholasaí an Rialtais. Ag deireadh an lae, caithfidh an tAire sinsearach, fear a bhfuil séala na hoifige aige, an fhreagracht a ghlacadh.

Nuair a thóg mise isteach an tAcht Teanga agus nuair a mhol mé don Rialtas é a chur faoi bhráid an Taoisigh agus nuair a glacadh leis, is é an smaoineamh a bhí taobh thiar den Acht sin ná go mbeadh cearta an tsaoránaigh Gaeilge a úsáid cosanta sa dlí. Thuig mé ag an am nárbh fhiú an chosaint a scríobh sa dlí muna mbeadh duine éigin ann leis an gcosaint sin a dhéanamh ar son an phobail agus sin an fáth gur cuireadh Oifig an Choimisinéara Teanga mar chuid den Acht sin. An té a mhol mise don Rialtas le ceapadh ag an Uachtarán mar coimisinéir ná Seán Ó Cuirreáin, duine a bhfuil éacht oibre déanta aige le deich mbliana anuas.

Tá dualgas bunreachtúil an Ghaeilge a chosaint agus ní rud roghnaíoch é seo mar luaitear í sa Bhunreacht mar an teanga náisiúnta. Ach céard atá déanta ag an Rialtas seo? Tá sé tar éis na dualgais reachtúla agus bunreachtúla a chaitheamh ar neamhní. Tá gach rud déanta gur féidir le Oifig an Choimisinéara a chailliúnt. Níl ach ceathrar fostaí as seachtar atá ceaptha a bheith ar an bhfoireann. Tá leath de na poist le líonadh i gcónaí. Tá an Rialtas ag iarraidh an oifig a chruthú ar bhealach eile trí é a chuir isteach faoi Oifig an Ombudsman. Go simplí, tá sé ag iarraidh nach mbeidh deis cheart ag lucht labhartha na Gaeilge an Ghaeilge a úsáid.

Mar adúirt Seán Ó Cuirreáin, ní ceist airgid í seo. Is ceist pholasaí agus dearcaidh í. Níl leithscéil ar bith é mar a úsáideann an Stát go bhfuil dua ag baint le seo, mar dúirt Ó Beoláin sa gCúirt Uachtarach:

Caithfidh an Stát féin a dhualgais [i leith na Gaeilge] a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd atá cumhdaithe sa Bhunreacht agus ní féidir é a chloisteáil ag gearán ach chomh beag leis an saoránach aonair gur dualgais thuirsiúla, throma iad sin.
Mar sin, tá mise ag rá go mbé an té ar cheart éirí as oifig anois ná an tAire Deenihan. Dá mba rud é gur éirigh Aire Leanaí as oifig nó dá n-éireodh Rialatheoir Airgeadais as oifig de bharr go raibh sé nó sí ag ceapadh go raibh an Stát faillíoch, bheadh na meáin Bhéarla ar fad ag rá gur vóta muiníne a bhí ansin san Aire. Is vóta iomlán mímhuiníne sa Rialtas, sa Taoiseach agus go mórmhór in Aire na Gaeltachta go mbraitheann an Coimisinéir Teanga go gcaithfidh sé éirí as a oifig.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.