Dáil debates

Wednesday, 11 December 2013

Topical Issue Debate

An Teanga Ghaeilge

1:50 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá trua agam don Aire Stáit, ag léamh amach an méid atá léite aige anois agus fios aige nach amhlaidh atá an scéal. Cuirtear faoin Aire teacht isteach anseo leis na finscéalta seo. Deir sé go bhfuil feabhas tagtha ar líon na seirbhísí atá ann trí Ghaeilge - tá, de bharr obair an Rialtais deiridh. Rinneadh dul chun cinn maith ag an am sin agus tá 28 de rudaí a rinne muid, ina measc: Acht na dTeangacha Oifigiúla; Coimisinéir Teanga; Gaeilge san Eoraip; Gaeilge sa Tuaisceart; agus míle rud eile. Ceann ar cheann, tá an tAire Stáit ag dul ar gcúl orthu sin.

Maidir le seirbhísí agus na pleananna teanga a bheith ar fáil, má bhreathnaíonn muid ar an mhéid a dúirt an Coimisinéir Teanga, feiceann muid go ndeir sé go bhfuil na pleananna seo ag dul ar gcúl agus go bhfuiltear ag éirí coinníollach, is é sin go bhfuil bealach éalaithe i go leor de na pleananna teanga anois gan a ndualgais a chomhlíonadh. Deir sé freisin go dtógfaidh sé 28 mbliain ag an Roinn Oideachais agus Scileanna 3% den fhoireann sa Roinn sin a bheith inniúil ar an Ghaeilge, ainneoin a bhfuil de Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí sa tír - ach deir an tAire Stáit go bhfuil polasaí ann maidir le hearcaíocht.

Tá an tAire Stáit fós ag leanúint leis an smaoineamh craiceáilte nach bhfuil glactha ar bith ag éinne i bpobal na Gaeilge leis cónascadh a dhéanamh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman. Tá a fhios agamsa nach bhfuil aon neart ag an Aire Stáit ar seo agus nach n-aontaíonn sé le seo ar chor ar bith. Is é an tAire sinsearach atá ag bord an Rialtais atá ag aontú na bpolasaithe seo. Tuigim nach bhfuil aon neart ag an Aire Stáit ar seo. Níl ann ach an duine a cuirtear amach leis an teachtaireacht. Is dóigh liom gur chuir an coimisinéir a mhéar air nuair a dúirt sé:

Tráth a bhfuil muid ag teannadh lenár bhflaitheas eacnamaíoch a fháil ar ais, ba mhór an feall é dá gcaillfimis ár bhflaitheas teanga - bunchloch dár bhféiniúlacht chultúrtha, dár n-oidhreacht agus dár n-anam mar náisiún. Creidim gur measa mar bhaol é sin anois ná riamh.
Eisean atá á rá. Eisean, fear neamhspleách agus fear a bhfuil meas ag an Aire Stáit air agus ag pobal na Gaeilge air. Eisean a dúirt é, ní éinne eile. Tá sé in am ag an Aire Stáit éisteacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.