Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Topical Issue Debate

Seirbhísí Farrantóireachta

3:40 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Faoi láthair tá 25 conradh ag an Roinn chuig 21 oileán. Clúdaíonn na conarthaí farantóireacht seo, paisinéirí, lastas, bus agus seirbhísí aeir agus tá soláthar €5.9m ag mo Roinn le haghaidh na cúrsaí sin. Leis na gealltanais atá ann inniu, táimid ag íoc thart ar 60% den soláthar seo ar na trí oileán Árann amháin,, áit a bhfuil 43% de dhaonra na n-oileán de réir an daonáireamh. Ar ndóigh, tá an soláthar atá ar fáil do mo Roinnse ciorraithe go mór le cúpla bliain anuas - ar nós go leor Ranna eile - agus caithfidh mise a chinntiú go bhfuil gach oileán ag fáil cothrom na féinne agus go bhfuil mise ag fáil luach airgid ar an gcaiteachas atá i gceist anseo.

Mar is eol don Teach, tá deireadh ag teacht le conradh farantóireachta Árann inniu. D'fhógair mo Roinn léiriú spéise sa chonradh seo ar chóras e-tenders agus seoladh na cáipéisí tairisceana amach le dáta dúnta de 21 Nollaig 2012. Níor tháinig aon tairiscint ar ais chuig mo Roinn, sé sin le rá nár chuir aon chomhlacht nó aon ghnó isteach air. Bhí plé ina dhiaidh sin ag mo Roinn leis an bhfarantóir a chuireann an tseirbhís farantóireachta ar fáil d'Arainn faoi láthair, féachaint an bhféadfaí an conradh reatha a athnuachan ar na téarmaí céanna a bhí ann go dtí seo. Níor éirigh leis na cainteanna sin mar ní fhéadfadh mo Roinn glacadh le héileamh an fharantóra ardú ollmhór a cheadú sa fóirdheontas i gcás seirbhís atá, de réir cosúlachta, brabúsach cheana féin. Fiú dá mbeadh na cainteanna sin ar siúl i bhfad roimhe sin, ní fhéadfadh mo Roinn teacht ar shocrú ar na téarmaí a bhí ar fáil - mar sin, ní ghlacaim leis ar chor ar bith go raibh sé fágtha ró-dheireanach. Tuigim go mbeidh sé ar chumas an fharantóra leanúint leis an seirbhís céanna gan chúnamh Stáit, mar go bhfuil inmharthanacht tráchtála ann, agus go bhfuil i gceist aige é sin a dhéanamh.

Maidir le cumarsáid idir muintir Árann agus mo Roinn, ba mhaith liom a rá go bhfuil mo Roinn i gcónaí sásta bualadh le hionadaithe na n-oileán chun comhairle a ghlacadh agus eolas a roinnt. Ar ndóigh, ní féidir mianta an phobail a shásamh i gcónaí mar bíonn cúinsí éagsúla le cur san áireamh. Go deimhin bhí cruinniú ag oifígigh mo Roinne le hionadaithe phobail Árann Dé hAoine seo caite chun an scéal a mhíniú dóibh agus tuigim go raibh plé oscailte ag an gcruinniú sin faoi na dúshláin atá i gceist.

Agus mé ag caint anseo, ba mhaith liom a rá freisin go bhfuil conradh nua aontaithe idir mo Roinn agus Aran Ferries Teo chun seirbhís farantóireachta paisinéara a chur ar fáil idir Inis Meáin/Inis Oírr agus an mórthír don tréimhse 1 Samhain 2012 go dtí 31 Deireadh Fómhair 2017. Aontaíodh an conradh seo mar thoradh ar phróiseas tairisceana. Ar éileamh ó na hoileánaigh, rinneadh iarracht na trí oileán Árann a chur le chéile ach níor éirigh leis sin mar arís ní fhéadfadh mo Roinn glacadh le hardú ollmhór ar an gcuid sin den tseirbhís a bhain le hÁrainn amháin - ardú os cionn 300% a bheadh i gceist i gcás seirbhís atá brabúsach gan aon fhóirdheontas, mar a dúirt mé cheana. Ar an dóigh céanna, tá conradh nua aontaithe mar thoradh ar phróiseas tairisceana idir mo Roinn agus an comhlacht Lasta Mara chun seirbhís lastais a chur ar fáil idir na hOileáin Árann agus an mórthír don tréimhse 1 Eanáir 2013 go 31 Nollaig 2017.

Sa tábla, a leanas, mar eolas don Teach, tá achoimre ar na costais a thitfidh ar mo Roinnse i 2013 i ndáil leis na seirbhísí paisinéara go hÁrainn.

Tá súil agam go soiléiríonn an méid sin an staid reatha maidir le Árainn. Tá mo Roinn go hiomlán oscailte faoi na céad céimeanna eile. Mar shampla, bheifí breá sásta labhairt arís leis an bhfarantóir maidir leis an gconradh atá ag críochnú inniu ach i gcomhthéacs na srianta atá ráite agam cheana féin. Chomh maith céanna, beifear sásta tairiscintí a lorg arís má cheaptar go mbeidh athrú ar an scéal an babhta seo. Táimid oscailte; níl aon rud dúnta. Ar ndóigh, táimid leis an fadhb seo a réiteach ar mhaithe leis na hoileánaí.

OileánComhlacht2013
Inis Meáin/OírrAran Ferries733,333.33 (go deireadh na bliana)
Oileáin ÁrannLasta Mara Teo752,701.16 (go deireadh na bliana)
ÁrainnIsland Ferries Teo7,900.90 (go 31.1.13)
PSOAer Arann Islands1,125,000.00 (go 31.8.13)
Bainistíocht Aerphoirt Teoranta228,110.00 (go 31.8.13)
lomlán do 2013€2,847,045.39

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.