Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Topical Issue Debate

Seirbhísí Farrantóireachta

3:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom leithscéal a ghabháil leis an gcathaoirleach agus leis an Aire Stáit as bheith mall. Mar is eol don Aire Stáit, ó thráthnóna anocht ar aghaidh, ní bheidh aon chonradh ag na báid atá ag freastal ar Inis Mór, nó ar Oileáin Árainn. Ciallaíonn sé sin, in ionad a bheith ag íoc €8 fillte, nó €10 mar atá á íoc ar Inis Meáin agus Inis Oírr, go mbeidh oileánaigh Inis Mór fágtha ag íoc €15 ar an turas fillte. Beidh méadú mór ar an gcostas do mhic léinn freisin. Chomh maith le sin, nuair atá conradh ann, tá smacht ag an Roinn ar rudaí ar nós caighdeán na seirbhíse, amchlár na seirbhíse agus an mbeidh an tseirbhís ann ar chor ar bith nó nach mbeidh. Tá praghas, caighdeán, clár ama agus cinnteacht faoi sheirbhis i gceist le na conarthaí seo.

Ó mhaidin amárach amach, ní bheidh aon chinnteacht faoi aon cheann den cheithre rud seo. Is ceist an-mhór í seo do mhuintir Inis Mór, mar gan seirbhís rialta bád agus eitleán go dtí an mórthír, níl muintir an oileáin in ann a gcuid gnóthaí a dhéanamh ná na seirbhísí a theastaíonn uathu a fháil curtha ar fáil. Ní thuigim cén chaoi ar éirigh an fhadhb seo, mar dá dtiocfar chuig conradh nó tairiscint sách luath, bheadh dóthain ama le plé agus margántaíocht a dhéanamh le na daoine a chuir isteach tairiscint le teacht ar chomhréiteach na ceiste seo.

Chomh maith le sin, dá nglacfaí le comhairle na n-oileán, ó tharla nach raibh ach duine amháin ag obair nó a raibh bád aige le tamall anuas ag cur seirbhíse ar fáil ó Ros a'Mhíl go dtí na hoileáin, bhí seans ann nach mbeadh ann ach tairiscint amháin. Sa gcomhthéacs sin, bhí sé neamhchosúil leis an uair dheireannach a ndeacthas chun taireasceana, am a raibh cúpla bád ag tabhairt seirbhíse go dtí Oileán Árainn. An t-am seo, b'é comhairle na hoileánaigh go mba cheart conradh Inis Mór a cheangail le conradh Inis Meáin agus Inis Oírr, mar a bhí déanta i dtosach báire nuair nach mbíodh ann cheana ach bád farantóireachta amháin ag tabhairt seirbhise rialta go hÁrainn.

Anois, an rud a rinne an tAire Stáit ná muintir Árainn a fhágáil gan seirbhís faoi chonradh, gan aon chinnteacht ar chéard a tharlóidh ó sheachtain go seachtain i dtaobh seirbhísí bád go dtí an t-oileán seo. Tá sé riachtanach go dtiocfaidh an tAire Stáit ar réiteach na ceiste seo láithreach agus go mbeidh muintir Árainn i dteideal na seirbhísí céanna atá ar fáil do dhaoine ar fud na tíre – seirbhís fhóirdheonaithe faoi chonradh ag an Stát.

Go deimhin féin, tá blianta fada ann ó chuir muid an tseirbhís seo in áit. Bhí an tseirbhís faoi chonradh in áit go dtí na hOileáin Árainn i bhfad sula raibh sí ar fáil ag oileáin eile. Ach is léir go bhfuil an bun struchtúr seirbhísí a chuir an Rialtas deiridh ar fáil do na hoileáin á scriosadh agus á mhilleadh de réir a chéile agus á chur ar neamhní.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.