Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Topical Issue Debate

Seirbhísí Farrantóireachta

3:40 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, ó na figiúirí a thug an tAire Stáit, is léir nach bhfuil i gceist anois ach €560,000 sa bhliain ar na seirbhísí seo ar fad. Tá cuma mhór ar na figiúirí mar tá cúig bliana i gceist. In aghaidh na bliana, áfach, tá ciorrú mór i gceist anseo.

An bhféadfadh an tAire Stáit a rá liom ar chuir sé an conradh le haghaidh an triall in Árann amach mar thairiscint amháin nach bhféadfaí a fháil mura mbeadh an conraitheoir sásta seirbhís a thabhairt don trí oileán? Má chuir sé sin isteach mar fhoráil, nach gciallódh sin nach bhféadfadh an farantóir conradh a fháil d’Inis Meáin agus Inis Oírr gan phraghas a thabhairt don trí oileán in éineacht? Sin mar a bhíodh sé á dhéanamh agam agus chinntigh sin go mbeadh margadh maith le fáil.

Bréagnaíonn an tAire Stáit é féin nuair a deir sé sa fhreagra nach ndéanfaidh sé aon difríocht an dtiocfadh an tairiscint níos túisce mar ag deireadh an fhreagra deir sé gur féidir tuilleadh plé a dhéanamh agus más gá is féidir dul chun tairisceana arís. An fhadhb atá ann ná nach ndéanfar roimh mhaidin amárach é mar tá an conradh thuas anocht. Dá mba rud é go raibh a fhios ag an Aire Stáit é seo ceithre mhí ó shin, d’fhéadfadh é sin a dhéanamh agus dul ar an margadh arís agus fós bheadh seirbhís ann.

Deir an tAire Stáit go bhfuil an tseirbhís go hÁrainn inmharthanach gan aon fhóirdheontas. Cad é an costas do na hoileánaigh? Tá an tAire Stáit ag gearradh €15 fillte ar oileánaigh le hais an €8 a bhíodh ann. Tá aon rud inmharthanach má chuirtear an táille suas sách-ard mar níl aon bhealach isteach nó amach as na hoileáin ach dul ar an mbád. An smaoineamh atá taobh thiar d’fhóirdheontais le haghaidh iompair phoiblí ná go ndéanfar cinnte go bhfuil an tseirbhís ar fáil ar phraghas réasúnach. Níl an praghas seo réasúnach, agus tá a fhios ag na hoifigigh atá in éineacht leis an Aire Stáit an obair a rinne muid ag cruthú go bhfuil costas maireachtála níos airde ar na hoileáin ná mar atá ar an mórthír. Tá an tAire Stáit ag cur leis seo agus ag déanamh faillí iomlán ina chuid dualgas mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht na n-oileán.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.