Dáil debates

Wednesday, 16 December 2009

10:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá an t-airgead thar a bheith teann an bhliain seo chugainn. Mar is eol don Teachta, bhaineamar airgead mór as buiséad caiteachas an Rialtais i mbliana don bhliain seo chugainn. Bhí orainn é sin a dhéanamh. Tá €11.5 milliún curtha ar fáil don Údarás don bhliain seo chugainn le haghaidh cúrsaí riaracháin, agus is laghdú de 3% é sin. Tá €3.973 milliún curtha ar fáil le cláracha reatha, mar shampla, na comharchumainn, na naíonraí agus mar sin de, agus is laghdú 5% é sin. Tá an dá laghdú sin beag agus ní dóigh liomsa go mba cheart go mbeadh aon fhadhb ag an Údarás faoin dá cheannteideal sin. Tuigim ó phríomh-fheidhmeannach an Údaráis go bhfuil riar mhaith de bhall foirne tar éis an Údaráis a fhágáil, tar eis luath scoir a thógáil, agus mar sin ní cheart go mbeadh aon fhadhb ag an Údarás an t-airgead reatha a bhainistiú. Tá 5% de laghdú ar a mbuiséad reatha le haghaidh seirbhísí teanga, seirbhísí comharchumainn agus mar sin de. Ba cheart go mbeifear in ann iad a laghdú agus a bhainistiú.

Tá dhá áit a bhfuil an brú ar an Údarás faoi láthair. Thit an t-ioncam a thuill siadsan ó thaobh díol maoine de agus tá laghdú substaintiúil ar a n-airgead caipitil. Bhí an t-Údarás iontach cabhrach anuraidh ag bainistiú an airgead a bhí ar fáil acu agus, mar is eol don Teachta, dhíríomar ar na tograí is tábhachtaí anuraidh a cheadú agus déanfaimid é sin arís an bhliain seo chugainn. Tá mise muiníneach le chomhoibriú iomlán idir mo Roinn agus an t-Údarás go mbeifear in ann clár foirfe a chur ar fáil, ach caithfimid déanamh cinnte agus muid ag déanamh sin go ndíreoimid ar na tosaíochtaí is mó dá bhfuil ann. Chomh maith leis sin ar ndóigh, meabhraím don Teachta go bhfuil airgead ag MFG le haghaidh tograí beaga. Bheadh an-bhéim ag an Údarás ar thograí beaga ach beidh MFG in ann cuid mhaith de na tograí sin a láimhseáil an bhliain seo chugainn. Ní bheidh sé éasca ach tá mé cinnte le comhoibriú go mbeimid in ann clár foirfe a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.