Dáil debates

Wednesday, 16 December 2009

10:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh, agus gabhaim buíóchas leis an Aire as an eolais sin. Is cinnte gur ísliú mór é sin ó €475 milliún anuraidh go dtí €415 ar an bhliain seo chugainn. Is cinnte freisin go bhfuil impleachtaí móra aige sin do imeachtaí agus do éifeacht na Roinne.

Cad iad na himpleachtaí atá aige mar shampla do Údarás na Gaeltachta atá chomh tábhachtach sin do fhorbairt agus atá ag cur ar fáil fostaíocht sna Gaeltachtaí? Tá mé cinnte go n-aontóidh an t-Aire go bhfuil géarchéim airgeadais in san Údarás i láthair na huaire. Tuigim ón chruinniú deireanach a bhí ag an Údarás dhá seachtain ó shin go bhfuil cruinniú á lorg acu leis an Aire. B'fhéidir go n-inseodh an t-Aire dúinn an bhfuil an cruinniú socair. Deirtear go mbeidh sé ann dé hAoine seo chugainn - ní amárach ach anuraidh. An bhféadfadh an t-Aire é sin a dheimhniú agus an bhféadfadh sé aon eolas, treoir nó smaoineamh a thabhairt dúinn ar conas mar a bheidh an t-Údarás ábalta na hiarratais agus na hiarrachtaí atá á dhéanamh acu fostaíocht a chur ar fáil san phobal Gaeltachta a chur cun cinn nuair nach bhfuil na hacmhainní acu chun é sin a dhéanamh? Le bliain anuas is beag a bhí an t-Údarás ábalta a dhéanamh agus an bhliain seo chugainn beidh siad ábalta i bhfad níos lú a dhéanamh mar tá géarchéim ann. Ba chóir go mbeadh rud éigin le rá ag an Aire anseo le dóchas éigin a thabhairt don Údarás agus dá ndéarfainn do mhuintir na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.