Dáil debates

Wednesday, 16 December 2009

10:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar a dúirt an tAire Airgeadais nuair a bhí cáinaisnéis 2010 á cur i láthair aige, táimid le bliain anuas mar a bheadh ag rásaíocht le go n-éireodh linn fanacht inár seasamh maidir le caiteachas ar sheirbhísí poiblí de. Dá réir sin, chinn an Rialtas i gcáinaisnéis 2010, mar chuid dá straitéis chun an tír a bhainistiú tríd an droch-staid eacnamaíochta reatha agus í a chur ar bhóthar a leasa arís, go ndéanfaí laghdú suas le €1 billiún ar chaiteachas ar sheirbhísí poiblí i 2010 i gcomparáid leis na Meastacháin réamh-cháinaisnéise. Chomh fada agus is féidir, tá gach iarracht déanta na sábhálacha a aimsiú ar bhonn éifeachtúlachtaí níos fearr agus ní trí sheirbhísí a laghdú.

I gcás mo Roinne féin, tá an t-ollmhaoiniú ag €415.426 milliún i 2010 laghdaithe 13% ina iomláine i gcoibhneas le leithdháileadh €475.701 milliún i 2009. Tá maoiniú reatha laghdaithe 9%, laghdú de €32.1 milliún, agus tá maoiniú caipitil laghdaithe 21%, laghdú de €28.175 milliún.

I gcomhráiteas ar lá na cáinaisnéise leis an Aire Stáit ag mo Roinnse, an Teachta John Curran, chinntigh muid gurb í an chloch is mó ar ár bpaidrín ná gach iarracht a dhéanamh chun a chinntiú go gcosnaítear na seirbhísí laethúla túslíne a chuirtear ar fáil tríd an Roinn, go háirithe na seirbhísí sin atá dírithe ar riachtanais na bpobal sin is mó atá faoi mhíbhuntáiste go sóisialta. Coinneofar leis an gcúram gach coigilt is féidir a bhaint amach trí ghearradh siar ar fhorchostais ionas go gcoinneoidh an raon uile pobal uirbeach, tuaithe, Gaeltachta agus oileán ar a fhreastalaímid na seirbhísí cuimsitheacha atá forbartha i gcomhpháirt leo thar na mblianta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.