Dáil debates
Wednesday, 16 December 2009
Caiteachas Poiblí.
10:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Maidir le díol maoine, is dócha go n-aontóidh an t-Aire go bhfuil dhá dheacracht leis sin i láthair na huaire. Ní am é seo le maoin a dhíol mar go bhfuil laghdú tubaisteach ar luach maoine, agus is beag maoine atá fágtha ag an Údarás le díol mar go raibh siad ag brath ar díol maoine le roinnt blianta anuas de bharr na gciorraithe a cuireadh ar fáil go dtí seo. Is é an deontas caipitil an deontas is tábhachtaí mar gurb é sin an t-airgead is tábhachtaí. Sin an t-airgead a thugann deis do infheisteoirí agus do thionsclaithe teacht isteach go dtí na Gaeltachtaí agus obair a chur ar fáil. Mar sin de, ní shílim go réiteach na faidhbe go bhfuil sé de cheart agus d'acmhainn ag MFG miondeontais a chur ar fáil do mhiontionscal atá tábhachtach iontu féin. Sílim gur buile mór é nach bhfuil sé ar chumas an Údarás mórdheontais a chur ar fáíl do mhórthionscal le fostaíocht a chur ar fáil.
No comments