Dáil debates
Thursday, 14 April 2005
Road Signage.
4:00 pm
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Tuigim go maith go bhfuil an socrú sin ann, agus tuigimid uilig sa Teach seo é, ach tá ceist agam mar gheall ar an tréimhse ghearr-théarmach. Nuair a bhí, mar shampla, an t-athrú ann ón bpunt go dtí an euro, bhí áireamháin, pinn luaidhe, fógraí, bileoga agus neart eolais ar an teilifis agus an raidió mar gheall air. Níl mé ag lorg an méid sin trioblóide a tharraingt ar an Aire. D'ainneoin sin, caithfidh mé an cheist a chur an bhfuil teagmháil déanta ag an Aire leis an Teachta O'Donoghue ó thaobh na turasóireachta de. An bhfuil aon socrú ann — ar an laghad sna siopaí nuachtán agus sna garáistí— léarscáileanna bunúsacha, beaga faoin gceantar a chur ar fáil á rá gurb iad seo na comharthaí bóthair oifigiúla a fheicfidh na cuairteoirí agus gurb é seo an bealach ar cheart dóibh dul? I ndáiríre, tá na léarscáileanna atá ar fáil sna siopaí mícheart. Tuigimid é sin, ach sin iad na cinn atá ar fáil faoi láthair. Is gá rud éigin idirmheánach a dhéanamh chun an scéal a chur ina cheart.
No comments