Dáil debates

Thursday, 14 April 2005

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Dá mba rud é gur athraigh mé na comharthaí sa Ghaeltacht le go mbeidís i mBéarla ar fad — nó i mBéarla agus i nGaeilge — sa Ghaeltacht, bheadh sé ciallmhar beagáinín poiblíochta a dhéanamh faoi á rá go mbeadh an t-athrú seo ag teacht, ach ní sin an rud atá á rá agam. Tá siad i nGaeilge ó 1970. Tá aon cheann nach bhfuil mar sin ó shin mídhleathach. Sin an chéad rud a gcaithfidh daoine a thuiscint. Sin mar atá siad. Dá dtiocfadh duine go Conamara deich mbliana ó shin, sin mar a bhí siad.

An rud atá déanta againn ná tosnú go díreach leis na léarscáileanna. Go praiticiúil, i dtaobh na gcomharthaí bóthair, seachas cuid atá mídhleathach, nach bhfuil am ar bith agam dóibh, níl aon athrú ann. Maidir leis na mapaí, an rud atá i gceist againn a dhéanamh, mar a mhínigh mé, ná go mbeidís dátheangach ó thaobh leaganacha sna Gaeltachtaí de, mar a bheidís i go leor tíortha eile. Is é an chaoi atá againn é sin a dhéanamh go príomhá ná go ndéantar na mapaí seo le cead ón Ordnance Survey, agus tá an-chomhoibriú idir muid agus an Suirbhé Ordanáis. Mar is eol don Teachta, is brainse den Rialtas é.

In imeacht ama, glacaimid ar fad leis go mbeidh "An Ceathrú Rua" ar an gCeathrú Rua, agus gurb é sin deireadh an scéil. Beidh tréimhse idirmheánach i gceist, áfach. Chuaigh an AA agus comhlachtaí príobháideacha eile i dteagmháil linn, agus tá an rud pléite leo. Mar a deirim, is léir ó na mapaí atá á gcur ar fáil, mar shampla, an mapa sa dialann agam — is é mapa caighdeánach atá sa dhialann — go bhfuil, cheana féin, lucht déanta na mapaí ar fud na tíre ag dul sa treo seo. Mar a deirim, le tacaíocht an Ordnance Survey, tá mé ag déanamh cinnte go dtiocfar go hiomlán i dtreo an dátheangachais ar na mapaí. Beidh "Carraroe" agus "An Ceathrú Rua", "Spiddal" agus "An Spidéal", "Gweedore" agus "Gaoth Dobhair" ann.

Maidir leis an cheist faoin phoiblíocht, is dóigh liom go bhfuil mé beagáinín cúramach leis an airgead. Ní fheicim mórfhadhb i gcloiginn na ndaoine.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.