Dáil debates

Thursday, 14 April 2005

4:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Is pointe iontach tábhachtach é seo atá á phlé againn i láthair na huaire. Tá sé tábhachtach nach ndéanfaidh muid na botúin a rinneadh san am a chuaigh thart aríst. Tá sé fíor-thábhachtach ar fad go mbeadh aontas nó an fhoirm chéanna ar na comharthaí bóthair is atá ar na léarscáileanna agus go dtuigfidh an tAire agus an chuid eile daoine é seo. Tá ceist agam maidir leis na foilsitheoirí agus na heagraíochtaí uilig a chuireann an fhreagracht, an dualgas nó an cúram orthu féin léarscáil a chur ar fáil. An bhfuil teagmháil déanta leo sin le go gcloífidís leis an leagan oifigiúil mar atá anois de réir reachtaíocht an Tí seo agus de réir mar a chuireann an Oifig Ordanáis ar fáil é? Is céim thábhachtach é sin le bheith cinnte nach mbeidh daoine ag cur amach léarscáileanna atá bunaithe ar rudaí a foilsíodh 20, 30 nó 40 bliain ó shin. Beidh muid ag toiseacht ar bhonn úrnua, agus beidh na léarscáileanna agus an fhoclaíocht orthu mar an gcéanna leis an fhoclaíocht ar na comharthaí bóthair. Ní chothaíonn sé aon deacracht dúinn ar fud na mór-roinne nó sa Bhreatain Bhig, agus níor chóir go mbeadh sé ag cothú deacrachtaí dúinn sa tírseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.