Dáil debates

Thursday, 14 April 2005

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Níl aon athruithe le cur ar na comharthaí bóthair taobh istigh den Ghaeltacht. Má tá cuid de na logainmneacha i mBéarla, níl siad ag cloí leis an riail a bhí ann ó 1970. Bhí an-fhadhb agam sin a mhíniú sna meáin Béarla.

Bhí laige ag baint leis an rud a rinneadh i 1970. Athraíodh na comharthaí bóthair ach níor hathraíodh na léarscáil agus b'shin an fhadhb. Is cuma cén teanga ina bhfuil comhartha bóthair a fhad is go réitíonn an léarscáil leis. Má bhreathnaíonn duine go cúramach ar an léarscáil a cheannaítear i ngaráiste, feicfidh sé cóipcheart Rialtais na hÉireann uirthi. Sé an Ordnance Survey a dhéanann an bunleagan. Sin an áit atá an bua sa socrú nua mar beidh siad ina mbunléarscáileanna. Ar ndóigh tá an Ghaeilge ann anois mar sin an t-ainm oifigiúil. Shíl muid go mbeadh sé mí-réalaíoch sa ghearr-théarma dá n-imeodh an leagan Béarla ó na léarscáileanna bóthair thar oíche. Dá bhrí sin, is é an rud atá i gceist ná go mbeadh leaganacha dátheangacha ar na léarscáileanna. Mar a tharlaíonn, tá léarscáil i mo dhialann, agus thosnaigh mé a bhreathnú uirthi lá amháin. Ní thuigim go baileach céard a rinne siad, ach feicim, mar shampla, "An Spidéal" agus "Spiddal". Níl a fhios agam an bhfuil mise ag cur olc ar na Teachtaí, ach níor chóir go nglactar leis an leagan Béarla. Tá an rud seo ag teacht, áfach, agus ar ghnáth-léarscáil bóthair, níl fadhb ar bith leis. Is éard a bheadh mé ag súil leis ar na léarscáileanna bóthair a cheannófar i siopaí go gairid ná go dtabharfar an dá leagan ar aon áit sa Ghaeltacht —"An Spidéal", "Spiddal"— agus ní bhíonn an oiread sin ainmneacha ar an ngnáthléarscáil bóthair. Beidh na comharthaí i nGaeilge amháin, ach má deir duine "Spiddal", feicfidh an tiománaí"An Spidéal" faoi, feicfidh sé an chomhartha don Spidéal, agus beidh sé in ann a bhealach a dhéanamh sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.