Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé
2:00 am
Mr. Pádraig Mac Brádaigh:
A bheag nó a mhór. Is meascán d’oifigigh cumarsáide agus oifigigh comhlíonta reachtaíochta iad. Cinntíonn siad go mbíonn na comharthaí ar fad dátheangach, cé nach mbíonn go minic, chomh maith le rudaí eile mar sin.
Mar a dúirt an Teachta, is oifigigh cumarsáide iad. Is minic a dhéanann oifigigh Ghaeilge a lán aistriúchán agus mar sin. Ní féidir le duine amháin gach uile rud faoin spéir a dhéanamh in ollscoil ollmhór chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Maidir leis an eachtra a tharla dom, is minic a tharlaíonn sé seo do dhaoine a dhéanann iarracht an saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge agus seirbhís a iarraidh trí mheán na Gaeilge. Bíonn daoine drochbhéasach agus caitear leat amhail is go bhfuil tú ag caint as teanga eachtrannach. Is féidir gearán a dhéanamh le hoifig na Gaeilge sa choláiste ach ní dhéanann sé sin mórán. Sheol cara liom ríomhphost chuig ollscoil ag fiosrú faoi chúrsa innealtóireachta i nGaeilge. De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, bhí sé de cheart aige comhfhreagras scríofa i nGaeilge a fháil ar ais ach dúradh leis “please send this email in English.” Úsáidtear leithscéal an t-aineolais i gcónaí. Ní bhíonn a fhios ag baill foirne sna comhlachtaí poiblí faoin reachtaíocht sin fiú. Baintear leas arís is arís eile as an leithscéal sin. Ag pointe éigin, ní cheart go mbeadh an leithscéal sin acu. Tosaíonn sé sin le hoiliúint a chur ar fáil ó na hoifigigh Ghaeilge do bhaill foirne i gcomhlachtaí poiblí agus in ollscoileanna ach arís, níl na hacmhainní ag na hoifigigh chun é sin a dhéanamh.