Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 September 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé

2:00 am

Ms Róisín Ní Chinnéide:

Gabhaim buíochas leis an Teachta as na ceisteanna. Tá sonraí sa bhreis agam maidir leis na ceisteanna a bhí aige. Chuir sé ceist ar dtús faoi na sonraí nó an t-eolas atá ar fáil faoi na cúrsaí in Éirinn ar féidir cuid acu a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Mar a luaigh Pádraig Mac Brádaigh, an t-easnamh is mó atá ann ná nach bhfuil aon saghas bunachar sonraí náisiúnta ann gur féidir an t-eolas sin a tharraingt as. Déanann COGG eolas mar sin a sholáthar. Cuireann sé leabhrán ar fáil do na daltaí meánscoile. Déanann Conradh na Gaeilge obair cosúil leis sin chomh maith agus ionadaithe ag dul isteach chuig na scoileanna dara leibhéal le labhairt leis na daltaí maidir leis na roghanna atá ar fáil dóibh. Is daoine aonair ar an bhfoireann óige istigh sa chonradh, mar shampla, a dhéanann an obair taighde sin ag iarraidh an t-eolas a tharraingt amach as na prospectuses éagsúla atá ag na hollscoileanna éagsúla. Níl aon áit lárnach ina bhfuil an t-eolas sin ar fáil.

Arís, ag filleadh ar an gceardlann sin in Ollscoil na Gaillimhe agus an taithí a bhí ag na daoine a bhí ann, ní raibh a fhios ag na daoine atá ag obair san ollscoil cad iad na rudaí a bhí ar fáil sna rannóga eile toisc go bhfuil an-chuid ag tarlú ar bhonn ad hoc murar chuid den chéim oifigiúil é. Rinne an scéim phiolótach in Ollscoil na Gaillimhe earcaíocht ar dhaoine a bhí i scoileanna na matamaitice, na teicneolaíochta agus na heolaíochta a bhí sásta agus ábalta cuid den obair sin a dhéanamh. De réir an-chuid acu - tá sé seo ag dul siar na blianta chomh maith - is é an soláthar a bhíodh ann san ollscoil ná go mbeadh ar dhaoine dúbailt a dhéanamh ar a gcuid oibre. Bheadh glaochanna á dhéanamh acu i mBéarla agus arís i nGaeilge do na daoine a bhí ag iarraidh a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is obair sa bhreis a bhí á tharraingt ag na daoine seo orthu féin.

Maidir leis an líon dalta i gColeg Cymraeg Cenedlaethol, tuigim - arís, is féidir liom freagra cruinn a chur ar aghaidh - go bhfuil 5,000 mac léinn sa bhreis anois ag fáil ar a laghad cuid dá sholáthar tríú leibhéal trí mheán na Breatnaise ó bunaíodh an ghníomhaireacht in 2011. An príomh-mheicníocht nó an príomh-shlí ina mbíonn an choláiste ag feidhmiú nó go gcuireann sé deontas ábhar ar fáil de na hollscoileanna éagsúla, ach bíonn coinníoll ag baint leis sin. Is gá go mbíonn céatadán ar leith den chéim ar fáil trí mheán na Breatnaise, caithfidh céatadán ar leith de na baill foirne a bheith in ann an cúrsa a mhúineadh agus caithfidh líon áirithe de na mic léinn a bheith ag freastal ar an gcúrsa chomh maith. Mar sin, bíonn an maoiniú ceangailte leis na céatadáin sin. Bíonn critéir le comhlíonadh ag na hollscoileanna chun an maoiniú sin a fháil.

Ba mhaith liom rud ei;e an-spéisiúil agus ceannródaíoch atá á dhéanamh i gColeg Cymraeg Cenedlaethol a lua. Tá said ag díriú an-chuid ar mic léinn PhD mar gheall go dtuigeann siad go bhfuil gach seans ann gurb iad na mic léinn sin a bheidh ag filleadh ar an ollscoil agus a bheidh in ann na cúrsaí seo a mhúineadh sa todhchaí. Ag an leibhéal PhD, tá thart ar deich scoláireacht thar raonta éagsúla á maoiniú gach bliain. Ó bunaíodh an ghníomhaireacht, tá 100 mac léinn dochtúireachta tar éis a dtráchtas a dhéanamh trí mheán na Breatnaise agus 51 eile acu sa chóras faoi láthair. Mar sin, tá sé ag cur oiliúint ar an gcéad ghlúin eile de na daoine a bheidh ag obair sna hollscoileanna, má thugann sé sin soiléireacht ar chuid de na ceisteanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.