Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030: An Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta

2:00 am

Ms Sadhbh Ó Cinnseala:

Maidir leis an sprioc 20%, deir sé “chuig comhlachtaí poiblí” san Acht. Is í an tuiscint atá againn air sin ná go mbeidh dualgas ar gach comhlacht poiblí é sin a chomhlíonadh. Dar ndóigh, is ceist monatóireachta í sin le haghaidh an Choimisinéir Teanga. Is í sin an tuiscint atá againn. Laistigh de sin, agus is rud é seo a éireoidh níos soiléire tríd na caighdeáin, beidh tosaíochtaí. Is í an tosaíocht is mó a bheidh ann ná na comhlachtaí poiblí a bhíonn ag plé go mion leis an bpobal agus a bhíonn ag cur seirbhísí ar fáil don phobal. Ní mór a chinntiú go mbeidh daoine ag teacht isteach a bhfuil Gaeilge acu le plé leis an bpobal, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta. Is mian liom é sin a lua.

D’ardaigh an Teachta John Connolly ceisteanna ó thaobh meicníochtaí, bailiúchán eolais agus mar sin de agus cén chaoi a oibreoidh siad. Tá sé aitheanta tríd an plean náisiúnta nach raibh go leor sonraí á gcoinneáil faoi na gnéithe sin go dtí seo. Tá muid ag iarraidh é sin a láidriú tríd an plean náisiúnta. Beidh ar chomhlachtaí poiblí taifead a choinneáil de na sonraí sin sna tuarascála bliantúla agus tuairisc a dhéanamh orthu ag an gcoiste comhairleach. Beidh meicníocht ann faoi thuairisciú.

Luaigh an Teachta sampla na Breataine Bige agus a bheith ag foghlaim uaithi. Mar a luaigh an Dr. Mac Cormaic, tá caidreamh an-mhaith againn agus bíonn muid ag plé le daoine ón Bhreatain Bheag go minic. Tháinig siad chuig an coiste chomhairleach. Níos déanaí, le bliain nó mar sin anuas, bíonn muid ag plé go háirithe le hoifigigh a bhíonn ag obair in údarás áitiúil Cardiff, áit a bhfuil an-dul chun cinn bainte amach. Thug muid cuireadh dóibh agus rinne siad píosa cainte agus cur i láthair mar chuid de cheann de na seimineár faisnéise a rinne muid le haghaidh na gcomhlachtaí poiblí le léargas a thabhairt ar an obair atá ar bun acu. Cé nach gcuimhin liom na figiúirí go díreach, chuaigh an leibhéal inniúlachta sa Bhreatnais san údarás sin ó 6% den fhoireann iomlán go dtí 23% laistigh de dheich mbliain. Cé nach 100% den fhoireann é, tá sé fós suntasach. Bhí sé tábhachtach an teachtaireacht sin a thabhairt do na comhlachtaí poiblí in Éirinn le cur in iúl dóibh gur tharla sé sin sa Bhreatain Bheag agus gurb é sin an múnla. Rinne siad píosa cainte ar an ngné sin. Rinne siad píosa cainte eile mar chuid de Gaeilge365 leis na húdaráis áitiúla i mBaile Átha Cliath chomh maith. De réir mar a bheidh muid ag leagan amach na hoibre ó thaobh an phlean náisiúnta agus an plean gníomhaíochta, beidh muid ag iarraidh orthu teacht níos mó chuig na seimineáir faisnéise chun an dea-obair atá ar bun acu a léiriú.