Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030: An Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta

2:00 am

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Sula dtabharfaidh mé Sadhbh Ó Cinnseala isteach le labhairt faoin chéad ceist a bhí ag an Teachta, bhí go leor plé ann maidir leis an gcaighdeán nuair a bhí an Bille ag dul tríd na Tithe. Bhí gach duine den tuairim gur leibhéal B2 de chuid an Common European Framework of References for Languages, CEFR, nó Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, mar atá sé againn in Éirinn, don Ghaeilge a bheidh i gceist. Tá muid ag oibriú le TEG ar mhaithe leis an gcóras sin a úsáid do publicjobs.ie agus na cúrsaí traenála atá ar bun don tseirbhís poiblí. Cheana féin, tá muid tar éis roinnt idirbheartaíochta a dhéanamh maidir leis na cúrsaí a chuireann Gaelchultúr ar fáil don Institute of Public Administration, IPA. Tá an chreidiúint a fhaigheann rannpháirtithe ag deireadh na gcúrsaí sin bunaithe ar an gcóras TEG anois. Is rud nua é sin atá déanta againn ar mhaithe le TEG a thabhairt isteach sa chóras. Tá an CEFR luaite san Acht go sonrach agus tá muid ag iarraidh go mbeidh sé sin déanta ar bhonn níos forleithne.

Maidir leis na cúrsaí go ginearálta, is é an IPA a dhéanann an cúram sin don Státseirbhís faoi láthair. Tá Gaelchultúr ar conradh aige chun cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil don Státseirbhís. Mar a luaigh mé i mo ráiteas tosaigh, tá méadú 123% tagtha ar líon na ndaoine atá ag tabhairt faoi na cúrsaí sin. Is méadú thar cuimse é. Tá muid lánchinnte gurb í an reachtaíocht seo is cúis leis an méadú sin agus le daoine ag léiriú níos mó spéise i gcúrsaí Gaeilge agus ag tabhairt fúthu. Is rud thar a bheith dearfach é go bhfeiceann na daoine atá taobh istigh den chóras agus ag obair sa chóras cheana féin go bhfuil rud éigin dearfach dóibh. Is rud an-mhaith é sin.

I gcomhthéacs na gcúrsaí Gaeilge, agus cúrsaí ollscoile go háirithe, chuala mé cúpla uair go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh cúrsaí tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge curtha ar fáil chun an sprioc 20% a bhaint amach. Tá an ceart ag aon duine a deir sin, ar bhealach. Bheinn ag aontú leo go pointe. Feictear dúinn, áfach, gur cuma cé mhéad cúrsa ollscoile a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge - bíodh siad sin sna cláir léinn éagsúla, i réimse an innealtóireachta, an altranais, leighis nó aon rud mar sin - mar beidh tromlach na ndaoine fós ag dul i dtreo cúrsaí trí mheán an Bhéarla. Má tá muid chun an sprioc 20% a bhaint amach, caithfidh muid díriú ar na daoine a thagann amach as an gcóras dara leibhéal. Ní mór iad a choinneáil i dteagmháil leis an teanga agus iad ag dul trí na hollscoileanna agus ag tabhairt faoi chúrsaí trí mheán an Bhéarla. Má chailleann muid an cohórt sin, ní dóigh liom go mbainfidh muid an sprioc sin amach. Is é a bheidh i gceist againn ná go mbeidh modúl na Gaeilge ar fáil a bheidh ailínithe le TEG. Beidh an modúl sin ar fáil do dhaoine atá ag tabhairt faoi chúrsaí sna hollscoileanna trí mheán an Bhéarla, is cuma cén cúrsa atá i gceist. Cuirfidh sé ar a gcumas a bheith i dteagmháil leis an teanga agus na cúrsaí Béarla sin á ndéanamh acu.

Má bhreathnaítear ar chóras na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí, tá thart ar 57,000 gasúr in aghaidh na bliana sa chóras lán-Ghaeilge. Cailleann muid go leor acu sin nuair a théann said chun na hollscoile agus nuair a dhéanann siad cúrsaí i mBéarla. Cailleann siad teagmháil leis an dteanga, cé go bhfuil Gaeilge den scoth ag go leor acu. Caithfidh muid iad a chur ar an eolas faoi na deiseanna atá ann agus iad a choinneáil ag foghlaim na teanga agus ag forbairt a gcuid scileanna le go mbeidh go leor acu réidh mar, má bhreathnaítear ar na cúrsaí sin, críochnaíonn cuid mhaith de na daoine sin sa Státchóras, bealach amháin nó bealach eile. Taobh istigh de ghlúin eile, tá muid ag iarraidh go mbeidh na daoine sin ag dul isteach sa Státchóras mar chainteoirí Gaeilge. Tá mé ag iarraidh Sadhbh Ó Cinnseala a thabhairt isteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.