Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 10 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Riachtanas Gaeilge do Stiúrthóirí Boird Oideachais agus Oiliúna: Plé
1:30 pm
Mr. Pádraig Ó Foghlú:
Gabhaim buíochas le Chloé Ní Mháille, leis an gCathaoirleach agus le foireann an chomhchoiste. Maidir leis an bhfadhb agus dúshlán sonrach, is é an rud a spreag Comhdháil Oileáin na hÉireann le teagmháil a dhéanamh leis an gcomhchoiste Oireachtais ná míshástacht agus imní phobail Oileáin Árann agus phobal Ghaeltacht Chonamara go ginearálta maidir leis an gcinneadh a ghlac príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin le gairid stiúrthóir scoileanna a earcú chun bainistiú agus freastal a dhéanamh ar an 22 scoil de chuid GRETB ach gan aon riachtanas Gaeilge a bheith mar chritéar ceapacháin don phost in ainneoin ocht gcoláiste Gaeltachta a bheith ag GRETB agus Gaelcholáistí a bheith le bainistiú ag stiúrthóir scoileanna GRETB chomh maith. Is faoi chúram GRETB atá ceantar Gaeltachta Chonamara agus Árann, an Ghaeltacht is mó agus is mó daonra sa tír.
Is é GRETB an bord reachtúil Stáit le freagracht i leith soláthar seirbhísí oideachais agus traenála a chur ar fáil do Chontae na Gaillimhe agus Contae Ros Comáin uile, Gaeltacht Chonamara agus Gaeltacht Árann san áireamh. Maíonn foilseacháin éagsúla atá déanta ag GRETB le blianta beaga go bhfuil buiséad de €140 milliún sa bhliain aige agus breis agus 2,200 ball foirne. Maíonn na doiciméid chéanna go bhfuil breis agus 225 baill foirne de chuid GRETB i mbun a gcuid oibre go hiomlán trí mheán na Gaeilge, a bhformhór siúd lonnaithe sna hocht gcoláiste Gaeltachta agus sna Gaelcholáistí lasmuigh den Ghaeltacht.
Ag cruinniú de chuid bhord GRETB ar an 14 Bealtaine, a raibh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ionadaithe ó na meáin eile i láthair ann chun tuairisciú don phobal, d’ardaigh roinnt baill de bhord GRETB a gcuid imní nach raibh riachtanais na Gaeltachta ná riachtanais choláistí Gaeltachta GRETB curtha san áireamh nuair a bhí próiseas earcaíochta curtha ar siúl ag príomhfheidhmeannach GRETB le comharba a cheapadh ar an stiúrthóir scoileanna reatha a bheidh ag éirí as an bpost gan ró-mhoill i ndiaidh blianta fada oibre, am inar tharla forbairtí suntasacha ar oideachas trí Ghaeilge agus oideachas Gaeltachta laistigh de GRETB.
Baineadh polasaí um oideachas ar oileáin amach mar bhuaic ar an obair sin le linn 2018 agus é sin bunaithe cuid mhaith ar cheannaireacht agus ar iarrachtaí forbartha stiúrthóir scoileanna GRETB agus príomhoidí na trí scoil oileánda ag gníomhú ar son a bpobal. D’fhógair an tAire, an Teachta Richard Bruton, an polasaí um oideachas ar oileáin i mí an Mheithimh 2018. Tá cinntí GRETB le gairid ag baint na gcos de na forbairtí dearfacha sin. Sna laethanta i ndiaidh an chruinnithe de bhord GRETB ar an 14 Bealtaine, labhair baill bhord GRETB, feidhmeannaigh shinsearacha de chuid an bhoird, príomhoidí choláistí Gaeltachta agus coláistí oileánda GRETB, Teachtaí Dála agus ceannairí pobail eile amach sna meáin chumarsáide ag léiriú a gcuid míshástachta agus imní faoin easpa tuisceana agus easpa suime a bhí léirithe ag údaráis GRETB le gairid i leith a bhfreagracht don Ghaeltacht, freagracht atá sonraithe in Acht na Gaeltachta, in Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021 agus san Acht Oideachais, 1998. Bhí an leibhéal imní agus cur agus cúiteamh chomh mór i measc phríomhoidí agus boird bainistíochta scoileanna GRETB agus i measc an phobail gur pléadh an cheist ar nuacht náisiúnta ar sé lá difriúla le linn mí an Bhealtaine agus mí an Mheithimh agus sna meáin chlóite chomh maith.
Mar fhreagra ar an gclampar agus míshuaimhneas seo uile, thuairisc príomhfheidhmeannach GRETB do bhord GRETB nach bhfuil aon reachtaíocht ná rialachas a chuireann ceangal ná brú air duine le Gaeilge a cheapadh don phost stiúrthóra seo na d’aon phost eile i GRETB, in ainneoin 2,200 fostaí a bheith san eagraíocht fiú do cheantar seirbhíse Gaeltachta, mar cuireadh deireadh leis an riachtanas earcaíochta sonrach sin maidir leis an nGaeilge in 2016.
Cuireann seasamh oifigiúil GRETB ar an gceist seo imní agus alltacht ar Chomhdháil Oileáin na hÉireann mar cuireann sé ó mhaith cuid mhaith den obair forbartha agus dul chun cinn atá bainte amach ag coláistí GRETB ar na hoileáin agus coláistí Gaeltachta GRETB go ginearálta le deich mbliana anuas. Tá gach coláiste oileánda de chuid GRETB i ndiaidh scéim aitheantais mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach i ndiaidh ocht mbliana d’obair forbartha incháilithe ó 2016.
Cé go bhféadfadh príomhfheidhmeannach ETB ar bith seasamh ar an easpa riachtanais earcaíochta Gaeilge, nó Béarla, a bheith mar chritéir ceapacháin i ngach próiseas ceapacháin ar leith, ina cheann agus ina cheann, mar atá déanta sa chás seo, ní chuireann seo san áireamh dualgais an ETB faoi Acht na dTeangacha, faoin Acht oideachais ná Acht na Gaeltachta maidir le soláthar don Ghaeltacht trí Ghaeilge. Tá tuairimí láidre faoin gá le soláthar cuí léirithe ag príomhoidí GRETB, baill bhord GRETB agus daoine eile ar an gceist seo.
In ainneoin an riachtanas ceapacháin go mbeidh eolas ar an nGaeilge agus ar an mBéarla araon ag an té a cheaptar a bheith imithe ó 2016, níl aon ETB sa tír, GRETB san áireamh, i ndiaidh stiúrthóir scoileanna nó aon stiúrthóir eile a cheapadh gan Béarla a bheith ar a dtoil acu, in ainneoin nach bhfuil an Bhéarla mar chritéar ceapacháin ó 2016 i leith. Tuigeann gach ETB agus gach príomhfheidhmeannach nach bhféadfadh an stiúrthóir scoileanna na dualgais lárnacha a dhéanamh gan teanga chumarsáide agus oibre na scoileanna a bheith ar a chumas nó ar a cumas.
Ón eolas atá faighte ag Comhdháil Oileán na hÉireann, COÉ, ó phríomhoidí scoileanna, chathaoirligh bhoird bhainistíochta agus ó heolas atá tugtha do bhord GRETB, léifidh mo chomhghleacaí, Chloe Ní Mháille cuid de na freagrachtaí atá ag stiúrthóir scoileanna.