Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 10 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Riachtanas Gaeilge do Stiúrthóirí Boird Oideachais agus Oiliúna: Plé
1:30 pm
Ms Chloé Ní Mháille:
Beidh mise agus Pádraig Ó Foghlú ag roinnt an phíosa seo. Glacann Comhdháil Oileáin na hÉireann, COÉ, buíochas leis an gCathaoirleach, leis na baill agus le foireann tacaíochta Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge as cuireadh a thabhairt d’fheidhmeannacht COÉ teacht i láthair inniu chun ceist thábhachtach náisiúnta a phlé.
Bunaíodh Comhdháil Oileáin na hÉireann in 1984 chun riachtanais agus inmharthanacht oileáin na hÉireann a chur chun cinn. Tá COÉ aitheanta ag Rialtas na hÉireann agus maoinithe ag an státchóras mar an eagraíocht náisiúnta oifigiúil d’oileáin le daonra buan in Éirinn. Cuireann COÉ forbairtí sa saol sóisialta, eacnamaíoch, cultúrtha agus oideachais na n-oileán chun cinn trí ionadaíocht áitiúil, réigiúnach, agus náisiúnta agus ag leibhéal an Aontais Eorpaigh a dhéanamh. Tá COÉ mar chomhbhunaitheoir de Chónaidhm Oileáin Bheaga na hEorpa, ESIN, scátheagraíocht a chuireann riachtanais na n-oileán chun cinn do 11 bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh. Chomh maith le hoibriú le Rialtas na hÉireann, oibríonn COÉ le comhairlí áitiúla, le boird Stáit agus le húdaráis agus áisíneachtaí eile in Éirinn agus thar lear chun polasaithe oileáin-oiriúnacha a fhorbairt. Oibríonn COÉ go dlúth le Parlaimint na hEorpa, go háirithe leis an idirghrúpa SEARICA de chuid na Parlaiminte. Comhoibríonn COÉ le páirtithe leasmhara chun deimhniú go gcuirtear Airteagal 174 de Chonradh Liospóin an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm. Tugann Airteagal 174 cosaint shonrach áirithe d’oileáin nuair a chuirtear polasaithe oifigiúla Stáit i bhfeidhm. Tá COÉ faoi láthair ag comhoibriú leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le cur i bhfeidhm an pholasaí tras-rialtais um inmharthanacht agus forbairt na n-oileán, Ár nOileáin Bheo.
No comments