Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 10 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Riachtanas Gaeilge do Stiúrthóirí Boird Oideachais agus Oiliúna: Plé
1:30 pm
Ms Chloé Ní Mháille:
Is iad a leanas cuid de na freagrachtaí atá ag an stiúrthóir: agallaimh earcaíochta do phríomhoidí; plé le príomhoidí agus foireann scoileanna maidir le polasaí, pleanáil scoile, tuairisciú; plean forbartha scoile, plean feabhsúcháin scoile; cruinnithe le cathaoirligh bhoird bhainistíochta agus leis na boird; traenáil foirne scoile agus traenáil bhord bhainistíochta; feidhmiú mar phátrún scoile le linn cigireachta scoile Roinn Oideachais; gníomhú mar phátrún nó bainisteoir scoile sa scéim aitheantais mar scoil Ghaeltachta; déileáil go díreach le clamhsáin nó casaoidí ó thuismitheoir faoi scoil Ghaeltachta; scéim bhliain ar oileáin a riaradh le Roinn na Gaeltachta atá á mhaoiniú do Chol Gaeltachta GRETB; próiseas ghnás casaoide a riaradh d’fhoireann scoil Ghaeltachta; fiosrúcháin a láimhseáil; déileáil le hOifig an Choimisinéara Teanga maidir le seirbhísí ó scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge; plé leis na meáin trí Ghaeilge faoi chúrsaí choláistí Gaeltachta GRETB; agus tuairisciú chuig Col Gaeltachta.
Cé nach liosta cuimsitheach é seo ar chor ar bith, tugann sé léargas samplach den obair atá le déanamh ag stiúrthóir scoileanna in ETB le freagracht i leith scoileanna Gaeltachta. Le blianta fada i GRETB, tarlaíonn gach ceann de na cúraimí seo, agus go leor eile, trí mheán na Gaeilge go hiomlán maidir le gach ceann de na hocht gCol Gaeltachta GRETB agus do na Gaelcholáistí freisin. Bheadh na deacrachtaí céanna agus na míshastachtaí céanna á dtuairisciú mura mbeadh aon Bhéarla ag stiúrthóir scoileanna a bheadh earcaithe chun a bheith ag obair le coláistí ETB a oibríonn trí mheán an Bhéarla.
No comments