Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 10 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Riachtanas Gaeilge do Stiúrthóirí Boird Oideachais agus Oiliúna: Plé
1:30 pm
Mr. Pádraig Ó Foghlú:
Go dtí 2016, bhí riachtanas ann go mbeadh Gaeilge ag na ceapacháin is sinsearaí i ngach ETB, príomhoifigigh san áireamh. Bhí inniúlacht sa Ghaeilge, agus sa Bhéarla, mar riachtanas agus mar chritéir earcaíochta. Is é an caighdeán a leag an Roinn Oideachais agus an tSeirbhís Cheapacháin Phoiblí síos ná “eolas ar an nGaeilge agus ar an mBéarla araon”. Tuigtear do Chomhdháil Oileáin na hÉireann gur chuir An Roinn Oideachais deireadh leis an riachtanas sin in 2016 ar iarratas ó ETBI agus ó phríomhfheidhmeannaigh ar roinnt bhoird oideachais agus oiliúna. Tá an amlíne sin íorónta mar dealraíonn sé gur tharla sé sin sa bhliain chéanna is a fhoilsigh an tAire Oideachais ag an am agus an iarThaoiseach polasaí don oideachas Gaeltachta. Deir an polasaí sin:
Tá an Rialtas tiomanta go daingean do láidriú na Gaeilge mar theanga bheo sa Ghaeltacht.
[...]
...tá láidriú ar úsáid na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta ar cheann de na príomhaidhmeanna sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 de chuid an Rialtais.
[...]
...ní mór dúinn na dúshláin ollmhóra atá roimh an teanga a aithint agus a bheith réalaíoch agus uaillmhianach sa chaoi ina dtéimid i ngleic leis na dúshláin sin.
San achoimre fheidhmeach den pholasaí, deir sé:
Leagann an tAcht Oideachais, 1998, béim ar fhreagrachtaí na scoileanna i limistéir Ghaeltachta chun cur le cothabháil na Gaeilge mar phríomhtheanga phobail
[...]
...polasaí don Oideachas Gaeltachta, le bearta spriocdhírithe chun feabhas a chur ar an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge.
De réir Acht Oideachais 1998 dealraíonn se go sáraíonn cinntí GRETB le gairid riachtanais an Achta sin mar tá dualgas dlí ar an mbord oideachais agus oiliúna mar bhord Stáit seirbhíse:
...taca trí Ghaeilge a sholáthar do scoileanna aitheanta a chuireann teagasc trí Ghaeilge ar fáil agus d’aon scoil aitheanta eile a iarrann soláthar den sórt sin.
[...]
...chun forbairt na Gaeilge agus thraidisiúin na hÉireann, litríocht na hÉireann, na healaíona agus nithe cultúrtha eile, a chur chun cinn.
[...]
...i gcás scoileanna atá lonnaithe i limistéar Gaeltachta, chun cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail.
In éineacht le freagrachtaí reachtúla a bheith ar ETB mar bhord Stáit, tá freagrachtaí agus dualgais ar an Roinn Oideachais i leith na gcúrsaí seo. Maíonn scéim teanga reatha na Roinne Oideachais, "the Department’s largest customer bases for services in Irish are the primary and postprimary school sectors and in particular schools where instruction is carried out through the medium of Irish".
No comments