Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Aighneacht Réamhbhuiséid TG4: Ard-Stiúrthóir TG4

Mr. Alan Esslemont:

Tiocfaidh mé ar ais go dtí an cheist faoi cén áit a bhfuil na bearnaí. Ba mhaith liom labhairt beagáinín faoin tábhacht a bhaineann le TG4 agus an tionchar atá ag na meáin ar an nGaeilge. Is féidir breathnú ar TG4 mar ábhar siamsaíochta. Tá ríméad orm go bhfuil an Rialtas tar éis glacadh go mór leis an teoiric seo - pleanáil teanga. Tá sé mar nós gur díreach rialacha agus reachtaíochta atá ann, ach is é seo atá i gceist le pleanáil teanga ná go bhfuil an Ghaeilge ag feidhmiú mar mhionteanga agus is é an chontúirt a bhaineann leis sin ná an rud a dtugtar “language shift” air, mar atá feicthe againn. Is é sin ná, de réir a chéile, go n-imeoidh an teanga as saol na ndaoine.

Maidir le teoiric na pleanála teanga, mholfainn go mór an leabhar nua atá scríofa ag Dr. John Walsh a léamh. Tá sé scríofa i mBéarla ach tugann sé cúlra ar an reachtaíocht atá curtha i bhfeidhm i leith na Gaeilge ó thús an Stáit. Tá trí chuid i bpleanáil teanga. Tá straitéis ann - ar a dtugtar corpas - maidir le teanga agus friotal; is é sin an teanga féin. Tá straitéis ann maidir le sealbhú na teanga, ag foghlaim sa bhaile, sa scoil nó in áit éigin eile. Is í an tríú straitéis a bhaineann le pleanáil teanga ná pleanáil stádais agus is ansin atá ról agus tionchar ag TG4 ar an teanga. Tugann muid stádas don teanga agus níl aon dabht faoi mar atá leithéidí “An Cailín Ciúin” agus na póstaeir mhóra feicthe againn sna pictiúrlanna agus tuigfear an rud atá ann. Ó bunaíodh TG4, in éineacht leis na scoileanna, tá borradh le feiceáil sa mhéid daoine a labhraíonn Gaeilge.

An fáth go bhfuil an straitéis nua seo á chur le chéile againn - Fís tar éis Covid – ná go bhfuil sé bunaithe go mór ar athrú meoin ó thaobh pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge. Táimid ag teacht níos gaire do na háiteanna ina bhfuil na straitéisí atá curtha i bhfeidhm ag oibriú, go háirithe an Bhreatain Bheag agus Tír na mBascach. Má bhreathnaítear ar an bhFrainc, mar shampla, d’fheicfeá go bhfuil straitéis eile i bhfeidhm ansin agus is é sin ná fáil réidh leis na mionteangacha go bunúsach. Tá an straitéis sin ag dul i bhfeidhm ar na mionteangacha sa Fhrainc.

Níl aon dabht faoi go bhfuil tionchar láidir ag an Stát ar céard a tharlódh leis an nGaeilge. Tá TG4 lárnach sa mhéid sin toisc gurb é an rud Gaeilge is feiceálaí sa tír.

Tiocfaidh mé chuig ceist an Teachta. Bhí mé ag iarraidh a mhíniú nach díreach airgead atá muid ag cuardach. Táimid ag cuardach athrú meoin sa chaoi go bhfuil an Stát ag breathnú ar an nGaeilge. Tá roinnt mhaith cloiste ag an gcoiste ó dhaoine sna meáin eile agus i litríocht na Gaeilge le seachtainí anuas. Cuireann sé sin ar fad le stádas na Gaeilge.

I straitéis TG4, Fís tar éis Covid, a bhreathnaíomar ar na rudaí a bhí muid ag déanamh go maith. Is léir go bhfuil muid ag déanamh spóirt go maith agus go bhfuil tóir ar chuid de na cláir cheoil agus fhaisnéise a dhéanaimid. Ní raibh muid ag déanamh a dhóthain do pháistí scoile agus tá sé sin lárnach san iarratas. Ba mhaith linn cainéal Cúla4 a bhunú an bhliain seo chugainn, cosúil le RTÉJr. Ó thaobh todhchaí na teanga, tá muid ag iarraidh freastal níos fearr ar dhaoine atá faoi 35 bliain. Tá cuid mhaith déanta againn. Is í an fhís atá againn ná TG4 i ngach áit; ní hamháin TG4 ar an scáileán ach TG4 sé ar an bhfón póca, ar na haipeanna éagsúla le pearsantachtaí éagsúla, agus TG4 sa chineama.

Chun freastal ar an dream is óige tá sé soiléir go gcaithimid níos mó drámaíocht a dhéanamh.

Ní raibh muid in ann mórán de sin a dhéanamh le blianta. Tá “Ros na Rún” ann agus tá Cine4 tosaithe againn, ach i ndáiríre níl aon rudper se dírithe ar dhaoine óga.

Chomh maith leis sin, rinne Ollscoil na Gaillimhe taighde an-suimiúil ar “Nuacht TG4”. Dúradh go raibh caighdeán an-ard ag an iriseoireacht ach go raibh sé ag iarraidh níos mó agus, istigh sa spás digiteach, moladh go mbeadh láithreacht ar na fóin le branda nuachta TG4. Níor éirigh linn aon dul chun cinn a dhéanamh i mbliana ach tá sé i gceist againn dul chun cinn a dhéanamh an bhliain seo chugainn.

Tá an nuacht déanta i gcomhpháirt le RTÉ faoi láthair. Ní raibh aon duine a bhí ag plé le nuacht riamh ag leibhéal eagarthóireachta. Is fostaí de chuid RTÉ i gcónaí a bhí ann. An bhliain seo chugainn, ba mhaith linn duine a fhostú a bheadh ag plé le fís “Nuacht TG4” agus a bheadh ag tógáil an taoibh dhigitigh go háirithe. Tuigfidh comhaltaí an choiste gurb ar an bhfón i dtosach a fhaigheann daoine a gcuid nuachta anois. I ndáiríre, níl branda “Nuacht TG4” le feiceáil ann. Is branda RTÉ atá ann. Mar chraoltóir seirbhíse poiblí, tá sé an-tábhachtach go mbeadh branda nuacht an chainéil lárnach sa mhéid a dhéanaimid.

Sa cháipéis a chuir mé ar fáil don choiste, feictear na tosaíochtaí atá ag TG4. Tá oideachas ann chomh maith le gach rud eile. Tá ag éirí go maith linn. Rinneamar suirbhé dhá bhliain ó shin agus fuaireamar amach gurb é an t-ábhar is mó éileamh sna bunscoileanna ná aon ábhar closamhairc. Tá éileamh ag leibhéal institiúideach ar ábhair TG4. Ba mhaith linn níos mó a dhéanamh ó thaobh cúrsaí oideachais an bhliain seo chugainn.