Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Cathaoirleach tar éis teacht ar chnámh na huillinne anois leis an gceist seo. Feictear dom le fada an lá go bhfuil dearcadh ag daoine maidir le reachtaíocht Ghaeltachta agus reachtaíocht teanga ina gcoiteann nach gcaitear cloí léi i ndáiríre agus go bhfuil sí ann mar ornáidíocht ach ní mar dhlí, ach is dlí í. Murab ionann an dlí airítear an dlí.

Mura gcreideann Comhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil sé réasúnach forálacha a chur sa phlean go gcaithfear, ar a laghad, lucht labhartha na Gaeilge a bheith ina eastáit sa chathair, ní thuigim cén fáth nach gcuireann sí aighneacht á rá nach bhfeileann an stádas Gaeltachta di agus go bhfeilfeadh stádas eile di.

Is é mé féin a bhí ag plé i dtosach báire le bailte seirbhíse Gaeltachta agus cathracha dátheangacha. Bhí i gceist agam i gcónaí go mbeadh reachtaíocht dheimhneach láidir roghnach taobh thiar de seo, ach dá roghnódh ceantar nó cathair le dul le stádas dátheangach, go mbeadh coinníollacha láidre reachtúla ar na hearnálacha éagsúla nó chaillfidís an stádas agus an chistíocht a bheadh ag dul leis. Bheadh sé roghnach go hiomlán an t-iarratas a dhéanamh agus glacadh agus cloí leis.

Ní fhéadfaí an t-airgead a thógáil agus an stádas a bheith ag an gcathair gan an gníomh a dhéanamh. Tá an iomarca dó sin ag baint leis an nGaeilge le fada an lá. Mar a dúirt an Cathaoirleach, bhí orainn an tAcht teanga a láidriú dá bharr.

Ar an dóigh céanna, mura bhfeileann an stádas Gaeltachta do chathair na Gaillimhe níos mó, níor cheart neamhaird a dhéanamh air. Ní féidir neamhaird a dhéanamh ar an dlí agus tá an ceart ag an gCathaoirleach gur cheart dúinn a bheith ag brú go gcloífear leis an dlí mar atá sé i láthair na huaire. Mura bhfeileann sé, tá sé in am é sin a rá, agus a rá go dteastaíonn leagan amach eile reachtúil seachas an ceann atá ann i láthair na huaire. Bheadh aon rud eile go han mhí-ionraic.