Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Muna bhfuil na finnéithe ag iarraidh freagra a thabhairt ar an bpointe sin, is féidir linn críoch a chur leis an gcruinniú. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na ceisteanna a fhreagairt agus teacht os ár gcomhair. Tá an t-ábhar seo tábhachtach. Tá sé i gceist againn tuairisc a chur le chéile bunaithe ar an méid atá ráite ag na finnéithe agus na dreamanna eile a tháinig os ár gcomhair mar gheall ar an ábhar seo nuair atá an tAire críochnaithe leis an méid a bheidh le rá aige i gceann coicíse. Scaipfimid an tuairisc sin chucu agus chuig gach duine eile a bhí os ár gcomhair agus foilseoidh muid í amach anseo. Tá súil agam nach mbeidh aon mhoill i gceist ann mar tá na comhairlí contae agus cathrach timpeall na tíre ag féachaint ar cheisteanna maidir le ceantair Ghaeltachta agus tá siad ag iarraidh déanamh cinnte de go bhfuil siad ag cloí leis an dlí agus nach bhfuil siad ag teacht salach air.

Gabhaim buíochas arís le hAilish Bhreathnach, oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; Liam Blake, pleanálaí feidhmeannach sinsearach; Helen Coleman, pleanálaí feidhmeannach sinsearach; agus Caroline Phelan, pleanálaí sinsearach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, a thóg an chuid is mó de na ceisteanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.