Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 19 January 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tuigim sin. Is é an fáth go bhfuilimid ag díriú isteach ar thithíocht anseo ná gurb é sin an t-ábhar cainte atá againn inniu. Ní rabhamar ag díriú isteach ar na hábhair eile ar fad. Táimid tar éis déileáil sa choiste seo agus lasmuigh dó leis na háiseanna eile a bhfuil gá leo chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Táimid tar éis deich mbliana a chaitheamh ag plé Acht teanga nua agus tá an coiste seo tar éis déileáil le breis agus 300 leasú ag déanamh iarrachta réimsí difriúla maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn agus a tharrtháil.
Tá go leor eile gur gá a dhéanamh ach inniu bhíomar ag díriú isteach ar thithíocht toisc gurb í Comhairle Cathrach na Gaillimhe an chomhairle cathrach deireanaí nár labhraíomar léi faoi chás phleanáil tithíochta toisc gur fhadhb bhunúsach é ó thaobh cheantair Gaeltachta nach bhfuil tithíocht ar fáil ipmti dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu. Tá fadhb ann lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith céanna, ach toisc gur Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal na Gaeilge í seo, déanaimid díriú isteach air sin.
Dúirt príomhfheidhmeannaigh na gcontaetha eile go raibh bunfhadhbanna acu. Lorg siad treoir, míniú nó soiléiriú ón Aire agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis na treoirlínte atá ann faoi láthair. Mar a dúirt mé, tá an tAire chun teacht os ár gcomhair i gceann coicíse chun na treoirlínte nua a fhógairt nó míniú a thabhairt dúinn ar cén uair a bheidh siad ann. B’fhéidir go gcuideodh sé sin leis na comhairlí nuair atá siad ag déileáil leis na dréachtphleananna forbartha atá ar siúl faoi láthair i mbeagnach gach uile chontae sa tír agus go dtabharfadh sé sin tacaíocht dóibh.
Chomh maith leis sin, bhí breithiúnas le déanaí i gcás ar ghlac chomharchumann Ráth Chairn i gcoinne eastáit thithíochta a bhí á tógáil i gceantar Gaeltachta gan choinníollacha teanga ann. I gcás chathair na Gaillimhe, glacaim leis má tá eastáit tithíochta pleanáilte d’aon cheann de na ceantair Ghaeltachta atá sa chathair atá ag an gcomhairle agus nach bhfuil coinníollacha Gaeilge ann, beidh raic ann agus b’fhéidir go mbeidís os comhair na gcúirteanna de thairbhe an méid a dúirt an Ard-Chúirt i gcás chomharchumann Ráth Chairn.
Tá súil agam gur soiléiriú é sin. An bhfuil an Teachta Ó Cuív ag iarraidh cur leis sin?
No comments